Cad is Gaeltacht ann? What is the stars?

Spreagadh atá de dhíth ar an Ghaeltacht, fiú an ceantar is lú


Cluinim an líne cháiliúil sin as Juno and the Paycock i mo chloigeann am ar bith a chuireann daoine ceist orm faoi cad is Gaeltacht ann: "Ah, that's the question, that's the question — what is the stars?"

Tháinig an líne chun cuimhne arís an tseachtain seo caite agus “What constitutes a Gaeltacht?” faoi chaibidil ag Teachtaí Dála, ina measc an Taoiseach, Enda Kenny.

Bhí an Taoiseach den tuairim go raibh áiteanna i mBaile Átha Cliath a raibh níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná mar a bhí i gceantair áirithe Ghaeltachta.

Ná habair!

READ MORE

I ndáiríre!

Bhuel, anois!

Déarfainn go raibh an ceart aige – ach déarfainn, lena chois sin, go mbíonn níos mó daoine le feiceáil in Abrakebabra oíche Aoine ná mar a chónaíonn i mórán ceantar Gaeltachta ar feadh na bliana.

Tá drochdhóigh ar chuid mhór ceantar Gaeltachta agus bhí le fada.

Cad chuige a mbíonn níos mó daoine ag caint Gaeilge i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta?

Siocair, b’fhéidir, go bhfuil cónaí ar níos mó daoine i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta?

Cad chuige a mbíonn níos mó daoine ina gcónaí i gcathracha ná i gceantair Ghaeltachta?

Siocair, b’fhéidir, gur sin an áit a bhfuil an obair, na cúrsaí ollscoile, na deiseanna?

Cad é go díreach a rinne an Taoiseach agus a Rialtas le feabhas a chur ar chúrsaí Gaeltachta?

Chan mórán le bheith macánta.

Ní dream iad pobal na Gaeltachta ar thug an Rialtas seo, nó mórán rialtas eile, aird mhór orthu.

Seanscéal

Seanscéal agus meirg air faoin am seo an ‘cúpla focal’ moltach i leith thábhacht na Gaeltachta, an straitéis nua, an plean cuimsitheach radacach, an fhís don aois nua agus blá blá blá blá blá...

Moltar an Ghaelscoil áitiúil.

Moltar gach aon uile dhuine taobh amuigh den Ghaeltacht a labharann Gaeilge lena gcuid páistí.

Moltar gach aon mhúinteoir i mbun ranga.

Moltar gach aon duine a scríobhann i nGaeilge.

Is geall le míorúilt gach aon uile ghníomh acu sin.

Ach tuigimis seo.

Tá níos mó Gaeilge agus í ann níos faide sa cheantar Gaeltachta is lú, is laige, is briste, is bearnaí ná mar atá i mórán áiteanna i mBaile Átha Cliath ná Béal Feirste ná Corcaigh ná Sligeach...

Tá mise i mo chónaí i gceantar beag tuaithe agus meastar go bhfuair an teanga bás ann os cionn 160 bliain ó shin.

Bím ag caint Gaeilge le comrádaí anois agus arís.

Bíodh is nach bhfuil ann ach sráidbhaile beag, tá níos mó Gaeilge á labhairt againn mar atá le fáil i mórán áiteanna i mBaile Átha Cliath!

(Bíodh agat, a chathair!)

Ach ní Gaeltacht muid agus níl muid inár gcónaí i nGaeltacht, is cuma cá mhéad uair a dhéanann muid trácht ar Sheosamh Mac Grianna agus Rann na Feirste.

Ní cúiteamh é an comhrá beag s’againne ar an cheantar cheart Gaeltachta a cailleadh, ar an teanga dhúchais a tostadh, ar na cainteoirí a bhí ann fadó fadó fadó...

Moltar gach aon duine a labhrann an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach moltar faoi chéad míle na cainteoirí dúchais sin a bhfuil an teanga acu go fóill, in ainneoin na n-ainneoin.

Spreagadh atá de dhíth orthu, chan díspeagadh.

Míorúilt atá san uile ghníomh teanga taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ach neamh atá sa Ghaeltacht féin – agus bíonn gach aon duine ag iarraidh dul ar neamh, nach mbíonn?

An bhfuil a fhios agat cad é an sórt teanga a bheas agat gan Ghaeltacht thraidisiúnta?

Ultais!

Merriman i mBaile Átha Cliath

Beidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl san ardchathair idir an Aoine 3ú Márta agus an Domhnach 6ú Márta i mbliana.

Is ar Champas Phádraig, Droim Conrach, a bheidh na cainteanna ag an deireadh seachtaine.

Beidh léachtaí ar chúrsaí teanga i mBaile Átha Cliath – súil siar ar an teanga san am atá caite, ar chúrsaí litríochta agus, lena chois sin, ar an dóigh a bhfuil cúrsaí teanga sa lá atá inniu.

Seolfar Léann 4, cnuasach aistí léannta, in eagar ag Micheál Ó Mainnín agus Rióna Ní Fhrighil agus dhá leabhar nua ó Chló Iar-Chonnachta, nóibhile le Brian Ó Tiomáin, An Strainséir, agus An Ghaeilge i Maigh Nuad le Seán Ó hÉanacháin.

Beidh lucht ollscoile agus lucht 'tuata' ag caint, ina measc, an tOllamh Máirín Nic Eoin; duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG Edel Ní Bhraonáin agus léiritheoir Cormac ag a Cúig, Fachtna Ó Drisceoil. Chomh maith leis an chaint, beidh ócáidí ceoil agus cuideachta eile ann. Eolas: www.merriman.ie