BEOCHEIST:TÁ SÉ an-éasca locht a fháil ar pholaiteoirí, ar lucht na mbanc, ar lucht tógála, orthusan go léir a chuir fearg is múisc orainn le tamall anuas. Bhfuil ga gréine ar bith ann?
Deir cara liom nach bhfuil moladh tuillte ach ag beirt – Barack Obama agus an ceoltóir, Leonard Cohen.
Thar fóir, a chara. Tá tuile is liosta fada ainmneacha agamsa.
Tús áite ag bean.
Caoimhe Butterly, iníon le seanchara, ógbhean chróga a sheasann go diongbháilte le muintir na Palaistíne agus a dhein comhordú ar an tseirbhís otharcharr a bhí ag iarraidh idir chorpáin is dhaoine leonta a sciobadh ó láthair na troda i nGaza an mhí seo caite.
Sheol Caoimhe ríomhphost abhaile go hÉirinn. A leithéid de chuntas ar fhulaingt na ndaoine thall, a leithéid de dhamnú ar ghníomhartha barbartha réamhbheartaithe Iosrael.
San áit tánaisteach, cuirim léirsitheoirí frithchogaidh anseo san ardchathair. Gan ach aithne shúl agam ar chuid acu, aithne phearsanta agam ar dhaoine eile.
Dhera, an bhaicle chéanna i gcónaí, arsa an cinicí. Dream dílis, ionraic, arsa mise. Tá meas speisialta agam ar an mbuíon seo mar ní stopann an bhréagnáire iad ó sheasamh poiblí a dhéanamh ar son an chirt.
Ag tús na bliana nuair a bhí Gaza faoi imshuí d’eagraigh Trócaire is Amnesty searmanas ag geataí Fhaiche Stiofna. Las gach duine den slua mór a bhí i láthair coinneal i gcuimhne na ndaoine a maraíodh.
Chuir gach éinne a choinneal féin ar an talamh, líne fhada gheal ag dul timpeall is timpeall, ciorcal comhlárnach i ndorchadas na hoíche.
Thugas faoi ndear go raibh na daoine a bhí i láthair céim nó dhó níos faide thuas ar an dréimire sóisialta ná na daoine a bhíonn i láthair ag na léirsithe frithchogaidh a eagraíonn na sóisialaithe. Ceapaim go bhfuil an ceart agam sa tuairim sin agus má tá, is mór an trua é. Tá géarghá le comhoibriú follasach.
Cá bhfuil na mílte, 150,000 ar fad, a ghlac seilbh ar shráideanna naofa Átha Cliath an t-am seo bliana i 2003, ar an 15ú lá Fheabhra, más buan mo chuimhne? Scaipthe. Agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá, beidh sé níos deacra fós daoine a mhealladh chun agóide ar son na síochána.
Chonaiceamar agóidí eile ar na sráideanna anuraidh maidir le ceisteanna na gcártaí leighis is na n-ospidéal. Sluaite teasaí, ádh mór orthu. Ach – ní mhaithfear é seo dom – ba chúiseanna iad san a bhaineann linn go léir, seans maith go mbeidh ospidéal nó cárta leighis de dhíth ar gach duine againn luath nó mall.
Mar sin, ceapaim go raibh leithleachas áirithe ag baint leis na léirsithe sin, léirsithe ar ár son féin. Na léirsithe frithchogaidh is ar son daoine eile seachas sinn féin a eagraítear iad agus is toisc san ach go háirithe atá meas speisialta agam ar lucht na síochána a chastar orm ar na sráideanna.
Maidir leis na léirsithe síochána tá daoine bréan, dar liom, de na hóráidí fada a bhíonn ina gcuid lárnach de gach agóid. Níl gá leo, tá an t-eolas ag na léirsitheoirí féin, ní dhéantar tuairisc ar na hóráidí a fhoilsiú sna nuachtáin fiú.
Tá sé práinneach go suífeadh na daoine seo a bhfuil ardmheas agam orthu, síos le chéile agus cúpla aidhm inshroiste a chur rompu – conas daoine a aontú le chéile agus conas daoine a mhealladh isteach i ngluaiseacht láidir, conas teacht ar bhealaí nua agóide, conas dul i bhfeidhm go héifeachtach ar lucht rialtais is cumhachta. Seans nach bhfuil na seanmhodhanna ag obair níos mó.
Cad a cheapann tú?
Ag bogadh ar aghaidh. Seo dornán ilghnéitheach eile a bhfuil mórmheas agam orthu. CORI agus an Jesuit Centre for Faith and Justice a bhíonn ag iarraidh bunchloch na heitice is na córa a chur faoi chóras sóisialta na tíre; na daoine a thugann altramacht do pháistí óga, 4,500 páiste ar fad a bheadh i ndroch-chaoi murach a dtuismitheoirí altrama.
Móraimis daoine mar Rita Fagan a bhíodh i gcónaí gealgháireach nuair a casadh ar a chéile sinn sa Simon Community, bean atá fós ina gníomhaí cróga idéalaíoch do phobail na hardchathrach atá ag iarraidh a gcearta a bhaint amach maidir le tithíocht de; na Refusniks agus daoine eile in Iosrael atá ag cur i gcoinnibh pholasaithe leatromacha na tíre sin; daoine ‘beaga’ gach aon áit; iriseoirí a thugann na fíorscéalta dúinn.
Níl ansin ach tús mo liosta-sa. Molaim is móraim na daoine thuasluaite, daoine a choiméadann beo ionamsa ach go háirithe an tsuáilce is tábhachtaí amuigh.
Dóchas.