Lost in Translation

Fighting Words 2021: Emma Muldoon Ryan 1(8), St Mary’s Secondary School, Mallow, Cork


Lost in Translation

Nuair a bhím ag caint le m'fhón "cliste",
Ní thuigeann sé mé.
Arsa mé, "Okay Google, conas a déarfá 'chemical bonding' as Gaeilge?"
Agus ní thuigeann sé mo cheist.

Freagraíonn sé le pictiúr de liathróidí beaga
Ag damhsa i líne, ag canadh go leictreach.


Taispeánann na leictreoin dom patrún agus
Cuirim ceist orm féin,
An mbíonn na Gaeilgeoirí ag fulaingt?

READ MORE

Fulaingt atá iomlán difriúil leis an mbealach armonach,
Le chéile,
Os mo chomhair.

An bhfuil cead againn muid féin a aistriú
Nó a chur in iúl


Nó an ruaigeann muid
Ar nós
Núicléas an leictreoin
An oiread sin
Níl a fhios againn cé sinne.

Fighting Words is an Irish charity that helps children and adults to develop their creative writing skills. This is part of their annual publication with The Irish Times