File i mbun a shaincheirde fud fad an domhain

TUARASCÁIL: NÍ RAIBH cur amach agam ar an scríbhneoir Matthias Politycki go dtí le déanaí, go dtí gur thugas faoina rogha dánta…

TUARASCÁIL:NÍ RAIBH cur amach agam ar an scríbhneoir Matthias Politycki go dtí le déanaí, go dtí gur thugas faoina rogha dánta a aistriú go Gaeilge. Rugadh é sa bhliain 1955 in Karlsruhe na Gearmáine agus d'fhreastail sé ar an ollscoil in München agus i Vín.

Nualitríocht na Gearmáinise, an fhealsúnacht, an drámaíocht agus an chumarsáid na hábhair a ndearna sé staidéar orthu. Tá dochtúireacht san fhealsúnacht aige ach tar éis dó tamall a chaitheamh ag teagasc chuaigh sé leis an tsaorscríbhneoireacht.

Tá eolas againn in Éirinn ar an scéim Scríbhneoir Cónaitheach agus is iomaí scríbhneoir Gaeilge a bhain leas as an scéim inmholta sin agus a chaith tréimhse i gcoláiste éigin dá bharr.

Cuid acu, chuir sé arán ar an mbord dóibh mar scéim. Bhain Politycki leas as scéim atá níos spéisiúla fós, dar liomsa, an Scríbhneoir Neamhchónaitheach! P.E.N na Gearmáine an eagraíocht a lig dó dul timpeall an domhain ar feadh leathbhliana agus tá a rian sin ar a shaothar mar a fheicfimid ar ball.

READ MORE

Dá mbeadh plean nua chun scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn á lorg ag Foras na Gaeilge nó Cultúr Éireann nó an Chomhairle Ealaíon (nó iad araon) ní fearr rud a dhéanfaidís ná macasamhail scéim P.E.N. na Gearmáine a thionscnamh anseo agus ligean dár scríbhneoirí an domhan a fheiceáil agus teacht abhaile ansin agus iad lán d’fhuinneamh is d’inspioráid nua. Cad iad na scéalta a bheadh acu, cad iad na dánta!

D’fhéadfadh éinne againn dul thar lear, ar ndóigh, ach dá rachadh scríbhneoir thar lear mar Scríbhneoir Neamhchónaitheach bheadh dualgas air saothar a chur ar fáil ina dhiaidh sin a bheadh faoi thionchar an taistil sin a bhí déanta aige.

Táim chun dán lenár gcara Politycki a leagan amach i bhfoirm próis anseo thíos agus slaiseanna san áit ina mbriseann na línte.

Eiseamláiris teideal dó agus go deimhin is dán eiseamlárach é ar go leor slite:

An glantóir cluaise/os comhair thairseach thoir Mhosc mór na hAoine – /na cosa scartha, ar a ghogaide ar an gcéim is airde, /aithneoidh tú é ar a chaifirín dearg /ar dhath an tsú betel/agus an tsnáthaid fhada scanrúil á hiompar go neafaiseach aige:/í fós i bhfolach faoina scaif aige/nó sáite i gcloigeann an chustaiméara/Ní mór don ghlantóir a bheith gasta, /d’fhéadfadh duine de na maoir teacht nóiméad ar bith/agus rógairí na gclaonamharc a scuabadh chun siúil lena chána, /mná mantacha callánacha, grabairí ag tarraingt asat/is glantóirí cluaise, á scuabadh de na céimeanna gaineamhchloiche /(ní ligtear d’éinne fanacht ach turasóirí amháin...

BHÍOS ag iarraidh a dhéanamh amach cén fáth ar thaitin an dán Eiseamláirchomh mór sin liom. Chuimhníos ar shárghrianghraf a thóg cara dem chuid, Harry Thuillier Jnr (nach maireann). Ábhar an ghrianghraif bhreá sin glantóir cluaise, cleite bán ina lámh aige, agus é i mbun a sheancheirde!

Ach níor leor sin chun taitneamh a thabhairt don dán áirithe sin ná níor leor le rá é gur thugas-sa lá i sean-Deilí fadó agus gur meabhraíodh draíocht na háite dom arís: a phaiste féin ag gach éinne ar chéimeanna Mhosc Mór na hAoine ann, an glantóir cluaise san áireamh.

Smaoiníos ansin ar chara eile liom, Peter van de Kamp, scoláire agus file, agus ar rud a bhí scríofa aige siúd faoi leabhar eile ar fad inar thagair sé don “perennial wisdom that the foreign is native, the native foreign”.

B'in an freagra a bhí ar an gceist a chuireas orm féin, eadhon, cén fáth a dtéann an dán seo Eiseamláiri bhfeidhm orm.

Is minic a bhraitheas an rud ar leac an dorais a bheith andúchasach agus an rud i gcéin chomh gaelach le muca Dhroichead Átha (más ceadmhach dom tarraingt ar sheanfhocal nach bhfuil mórán brí leis a thuilleadh is dócha!)

An scaif a bhí á chaitheamh ag an nglantóir cluaise bhí sé chomh dearg le sú betel, arsa Politycki linn. Is maith liom é sin, an scríbhneoir mar antraipeolaí, mar thaistealaí, nó mar thaiscéalaí más maith leat, gach aon ní á thabhairt faoi deara go grinn aige. É fiosrach. An saol á cheiliúradh aige.

Agus má bhí tú riamh san India tá a fhios agat go maith cad is sú betel ann. Déantar sú as an gcnó betel (nach cnó é dáiríre ach síol) agus d’aithneofá láithreach duine a bheadh tugtha don sú sin mar bheadh a bhéal ar fad dearg. Cuireann sé eofóire ar lucht a úsáidte ach tá baol ailse béil ag baint leis. Drochnós.

Is é a bheidh sa leabhar nua seo agam mar sin rogha dánta le Matthias Politycki, an 11ú leabhar trítheangach (Gearmáinis, Gaeilge, Béarla) sa tsraith. Foilseofar san fhómhar é.

Táim ag obair air le tamall anuas i dteannta mo chomhbhádóra Hans-Christian Oeser, duine de mhóraistritheoirí na hEorpa agus duine a bhfuil mo rogha dánta féin aistrithe go Gearmáinis aige.