Is togra ceannródaíoch é an togra 1, 2 Spraoi!, atá ag iarraidh oideachas matamaitice a thabhairt isteach sa 21ú haois, tríd an scéalaíocht chruthaitheach. Is iarracht chomhoibrithe atá sa togra seo idir an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), an Dr. Lorraine Harbison – Ollamh Comhlach san Oideachas Matamaitice ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ball de chuid CASTeL – agus foireann Fighting Words. Is iad aidhmeanna an togra ná matamaitic a chomhtháthú le scéalaíocht Gaeilge, timpeallacht dhearfach a chruthú ina bhfoghlaimíonn daltaí coincheapa lárnacha an mhata, agus go mbeadh deis acu a scileanna teanga agus cruthaitheachta a fheabhsú.
Cuireadh tús leis an togra i nGaelscoil Bhaile Munna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024 agus bhí Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn, Co. na Mí agus Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Conamara, páirteach sa togra píolótach seo freisin. Mar gheall ar an aiseolas dearfach ó na múinteoirí agus ó na gasúir sna scoileanna sin, leathnaíodh an togra i mbliana chun Gaelscoil Bharra i mBaile Átha Claith, Scoil Bhreandáin ar an Eachléim i Maigh Eo agus Scoil na Maighdine Muire i gCamus, Conamara, a chur san áireamh.
Chun a saothar féin a spreagadh agus tuiscint a thabhairt dóibh ar an seánra scéalta matamaitice, cuireadh trí scéal agus ábhar tacaíochta ar fáil do na múinteoirí agus do na páistí: ‘Réiteach na Rósanna’, ina bhfuil patrún uimhreacha le haithint chun breith ar an ngadaí, ‘Tic Toc Crog’, scéal ina gcabhraíonn na carachtair ‘Digit Each’ agus ‘Ana Logach’ leis an gcrogall an nasc idir an clog 12 uair agus an clog 24 uair a thuiscint, agus ‘Cad é an Seans?’ ina ndírítear ar an dóchúlacht chun fáil amach cé a aimseoidh an taisce ar dtús. Tá na scéalta seo agus an t-ábhar tacaíochta ar fáil do chách ag cogg.ie/tairseach.
Ag eascairt as na scéalta seo agus na ceardlanna scríbhneoireachta a chur Fighting Words ar fáil do na daltaí, scríobh siad a gcuid scéalta mata féin a foilsíodh i mbailiúchán darb ainm 1, 2, Spraoi! Thug sé seo deis do na daltaí an mata a nascadh leis na spéiseanna agus na suimeanna a bhí acu féin. Chabhraigh sé leo an ról lárnach atá ag an mata ina saol laethúil a thuiscint. Seoladh an leabhar seo ar champus Naomh Phadraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus rinneadh ceiliúradh ar inniúlacht agus ar cruthaitheacht na ndaltaí.
Tacaíonn cur chuige 1, 2 Spraoi! leis an mbéim atá sa churaclam Matamaitice athfhorbartha, Curaclam Matamaitice na Bunscoile, ar oideolaíocht spraíúil agus cleathais ar nós comhrá mata agus tascanna dúshlánacha cognaíocha. Is áis iontach measúnuithe iad na scéalta freisin. Nuair a dhéantar anailís orthu, tugtar léargas luachmhar ar thuiscint choincheapúil na ndaltaí agus is féidir an t-eolas seo a úsáid chun múineadh agus foghlaim a phleanáil. Beidh an dara cnuasach scéalta mata nuachumtha á fhoilsiú an mhí seo.