Lá amháin chuaigh Batey isteach ag an mbúistéara agus chonaic sé Prionsíosa agus a cúigear páistí. Bhí Batey 87. Bhí sé ramhar agus ní raibh aon ghruaig air ach amháin a fhéasóg. Féasóg mhór, fhada, rua.
An chéad lá a chonaic sé Prionsíosa nuair a bhí sé sa mheánscoil, thit sé i ngrá léi. Is breá le Batey Prionsíosa ach ... ní maith leis na páistí.
[ Read all Fighting Words contributions hereOpens in new window ]
Ba é Cappy an Capybara athair na bpáistí. D’fhág Cappy mar níor mhaith leis na páistí. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh siad mar chapybaras ach tháinig siad amach mar dhaoine agus sin é an fáth gur fhág sé.
Caithfidh Batey plean a dhéanamh le fáil réidh leis na páistí mar tá sé ag iarraidh Prionsíosa a phósadh.
How to stop hungry slugs and snails from wreaking havoc in your garden
David McWilliams: Trump has managed to create something world has never seen: virulent Canadian nationalism
Someone eating cheese and onion crisps on the bus among callouts to gardaí
Pat Leahy: Enda Kenny’s life and times offer five lessons for today’s politicians
Ní maith le Prionsíosa na páistí ach an oiread!
Faigheann siad a bhfuil uathu ag an mbúistéara agus gabhann siad amach as an siopa agus tosaíonn siad ag caint.

“A pháistí, tá mé féin agus Batey tar éis plean a réiteach. Tá mé tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil mé chun sibh a dhíol ar eBay ar dheich euro an duine,” a dúirt Prionsíosa go sásta.
Ansin, dúirt Batey, “Ach coinneoidh muid páiste amháin le haghaidh an teach a ghlanadh dúinn.”
Dúirt Batey ansin go ciúin le Prionsíosa, “an bhfuil cead agam d’uimhir fóin a bheith agam?”
“Tá,” a dúirt Prionsíosa.
Thóg sí amach píosa pháipéir agus peann agus scríobh sí síos a huimhir dó.
Tosaíonn Batey ag gáire ach ansin bhreathnaigh sé trasna na sráide agus chonaic sé Channing istigh i gcarr ...