An t-Oileán

Fighting Words 2021: A story by Amelia Samuels (14) Coláiste Chroí Mhuire, Co na Gaillimhe


Ní raibh a fhios agam, céard a bhí ag tarlú ar dtús. Chuala mé torann taobh amuigh den teach. Bhí daoine taobh amuigh ag rith óna dtithe agus ag béicíl ar a chéile.

Is ansin a chonaic mé an deatach ag dul go frathacha agus ag teacht i dtreo na dtithe. Bhí na tithe níos faide suas an bóthar clúdaithe le deatach. Thosaigh mé ag glaoch ar mo thuismitheoirí. Nuair a chonaic siad céard a bhí ag tarlú thosaigh siad ag fáil réidh le n-imeacht. Phioc siad suas an baibín agus rug siad greim ormsa. Thosaigh muid féin agus chuile dhuine eile ag rith agus muid ag iarraidh éalú ón deatach.

Bhí daoine ag éalú i mbáid. Bhí muide curtha ar báid le cúpla duine eile agus thosaigh an bád ag seoladh amach i lár an uisce. Níor thuig mé ag an am gur bolcán a bhí tar éis pléascadh. Is cuimhin liom an fanacht ar an mbád sa dorchadas thar oíche i lár na farraige. Bhí mo mhama ag breith ar an mbaibín ach níor stop an baibín ag caoineadh. Bhí sé an-te an oíche sin agus bhí boladh deataigh mórthimpeall orainn.

Nuair a dhúisigh mé an mhaidin dar gcionn bhí gach duine eile ina ndúiseacht romham. Bhí mise suite in aice le mo thuismitheoirí. Trasna uaim bhí clann eile, cailín óg agus a tuismitheoirí. Bhí mo deaide ag caint le tuismitheoirí an cailín agus bhí mo mhama ag tabhairt aire don bhaibín. Bhí siad ag caint os íseal, ní cuimhin liom céard a bhí siad ag caint faoi ach is dóigh gur faoin mbolcái a bhí siad an comhrá.

READ MORE

Is ansin a bhreathnaigh mé thall I gcúinne an bháid agus chonaic mé fear. Bhí sé leis fhéin. Phioc sé suas na maidí ramha a bhí leagtha taobh leis agus thosaigh sé á socrú san áit cheart. Thuig mé ansin gurbh é tiománaí an báid é. Thosaigh na báid eile ag bogadh go mall tríd an uisce. Ní raibh aon rud le feiceáil ach báid thart timpeall orainn. Nuair a bhreathnaigh mé ar ais siar ar an oileán chonaic mé go raibh scamall dorcha os a chionn agus bhí gach rud scriosta, dubh, agus na foirgnimh uilig leagtha. Bhog muid i ndiaidh na mbád eile. Ní raibh morán le cloisteáil ach na báid ag bogadh tríd an uisce. Gach cúpla nóiméad, lig duine éigin beic astu ag tabhairt treoracha do na báid eile. Ní raibh a fhois agam cá raibh mé ag dul.

Tar éis an lae a chaitheamh ag seoladh, stop na báid a bhí os ár gcomhair ag oileán. Ní raibh an t-oiléan an-mhór ach bhí a lán plandaí agus crainn ann. Go tobann stop bád sin againne. Shiúil muid uilig amach as an mbád. Tháinig fear suas chomh fada linn agus dúirt sé é a leanacht. Dúirt sé go raibh tithe beaga scaipthe thart ar an oileán agus go raibh cead againn conaí iontu ar feadh píosa, go dtí go mbeidh muid in ann dul ar ais abhaile go dtí ár n-oileán féin.

Nuair a tháinig muid suas chomh fada le doras an tí, d’oscail an fear an doras. Bhí an teach an-bheag agus ní raibh ach trí sheomra ann. Ní raibh rud ar bith in aon cheann de na seomraí. Bhí siad uilig folamh. Nuair a bhreathnaigh mé amach an fhuinneog thug mé faoi deara go raibh daoine eile ag dul isteach i dtithe thart timpeall orainn.

Chonaic mé an chlann a bhí ar an mbád linn ag dul isteach i gceann de na tithe gar dúinne. Bhí na tithe uilig mar a chéile, bhí siad uilig péintáilte bán agus bhí doras beag i lár an tí agus dhá fhuinneog taobh leis an doras. Ní raibh aon fhuinneoga ar chúl an tí, ach ba chuma mar nach raibh móran le feicéáil ar aon nós. Ní raibh ann ach crainnte. Bhí an teach ina raibh muide i lár an oileáin, agus mar sin ní raibh tú in ann an fharraige a fheiceáil ach an oiread.

Ar feadh an chéad sheachtain, ní dhearna muid mórán.

I lár an dara seachtain, thosaigh na páistí ar fad ag dul amach ag imirt le chéile ar feadh an tráthnóna. Bhí thart ar cúig dhuine dhéag dúinn ann agus bhí an-spraoi go deo againn. Chas mé ar dheartháir agus deirfúir a bhí ar comhhaois liomsa agus gach lá d’imir muid peil le chéile taobh amuigh de na tithe.

Níl a fhois agam go díreach cé mhéad ama a chaith muid ar an oileán ach sílim go raibh muid ann thart ar 8 mí. Bhí rogha againn ag an am, an raibh muid ag iarradh fanacht ar an oileán nua nó an raibh muid ag iarradh dul ar ais abhaile.

Rinne mo thuismitheoirí an cinneadh dul ar ais abhaile go dtí an t-oileán ina raibh muid cheanna. Chaith muid lá ar an mbád ag dul ar ais abhaile. Chuaigh cuid de na clanna eile ar ais go dtí an t-oileán linn ach d’fhan go leor acu freisin. Nuair a tháinig an bád chuig stad ag taobh an oileáin, bhí gach rud chomh difriúil, ní raibh planda ná ainmhí ar an oileán agus bhí gach rud scriosta. Dúirt a fear a bhí ag tiomáint an bháid go raibh siad ag cur caoi ar an oileán go mall agus go raibh tithe á dtógáil i gcoirnéal amháin den oileán. Lean muid fear an bháid agus thug sé chuig taobh an oileáin muid. Bhí sé go deas a bheith sa mbaile arís ach bhí sé brónach an áit a fheiceál mar seo.

Shocraigh muid ar ais isteach sna tithe nua a bhí togtha. Bhí teach sách mór againn agus bhí gairdín beag ag taobh an tí. Bheinn in ann imirt ann. D’airigh mé uaim na cairde a bhí déanta agam ar an oileán eile ach bhí a fhios agam go mbeadh mé in ann dul ar cuairt acu go minic. Cé go raibh rudaí difriúil dúinn ar fad ar an oileán mar sin féin bhí mé sásta a bheith sa mbaile arís.

Fighting Words is an Irish charity that helps children and adults to develop their creative writing skills. This is part of their annual publication with The Irish Times