Tri cheile

Agus olltoghchán ag druidim linn, cuireann an colún seo roinnt abairtí ar fáil as Foclóir Parlaiminte (Eag: Clive Leo McNeir …

Agus olltoghchán ag druidim linn, cuireann an colún seo roinnt abairtí ar fáil as Foclóir Parlaiminte (Eag: Clive Leo McNeir agus Éamonn Ó hÓgáin) ar chúrsaí polaitíochta.

Ná habair, a pholaiteoirí, nach bhfuil an t-eolas ar fáil chun comhrá iomlán cruinn bheith agaibh ar imeachtaí an lae - agus le leithscéalta faoin Bhille Teanga, an Ghaeilge san Aontas Eorpach, srl a chur chun cinn i nGaeilge bhinn chruinn:

  • Is cosúil gur chuir mé trí chéile ort: I appear to have caused you some embarrassment. Ba mhian leo trí chéile a chur ar an Aire: They wanted to embarrass the Minister.
  • Ní féidir leat an chiall sin a bhaint as mo ráiteas: You cannot put that construction on my statement.
  • Ba mhoill í a bhféadfaí a sheachaint: It was an avoidable delay.
  • Ní sháraíonn an Buan-Ordú oibleagaidí idirnáisiúnta: The Standing Order is not in contravention of international obligations.
  • Cá huair atá an Stát leis an chonradh a dhaingniú? When is the State going to ratify the treaty?