Cois Fharraige

Léireoidh grúpaí amaitéaracha drámaíochta as gach cearn d'Éirinn dornán drámaí le linn Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus beidh…

Léireoidh grúpaí amaitéaracha drámaíochta as gach cearn d'Éirinn dornán drámaí le linn Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus beidh ceithre cinn nua-scríofa ina measc sin.

Is san oíche amárach in Amharclann Cois Fharraige, Seanscoil Sailearna, Co na Gaillimhe, a bheidh an oscailt oifigiúil ag 8pm.

Nia le Máirtín Ó Cadhain, Seán, a dhéanfaidh an oscailt agus beidh béim ar shaothar a uncail le linn na féile. Mar chuid den oscailt, léireoidh Aisteoirí na Tíre mír as dráma de chuid an Chadhnaigh, Typhus, agus léireoidh Aisteoirí an Spidéil Fios, atá bunaithe ar ghearrscéal dá chuid.

Ó thaobh an chomórtais de, beidh An Fear Bacach le Máirtín Ó Cadhain; Mac a' Stanley le Berthold Brecht; Liodán na hAbhann le Liam Ó Muirthile; An tUachta le hÚna de Bhailís; An Breithiúnas Deireanach le Proinsias Ó Cuilinn; Gréasáin le Nessa Ní Dhomhnalláin agus Comhluadar le hÁine Ní Éalaí san iomaíocht ar an stáitse.

READ MORE

Mairfidh an fhéile go dtí oíche Dhomhnaigh. Eolas: 091-574146