Bord úr ÚnaG

TUARASCÁIL: AGUS deireadh le seanbhord Údarás na Gaeltachta, tá ullmhúchán ar siúl le bord nua a roghnú.

TUARASCÁIL:AGUS deireadh le seanbhord Údarás na Gaeltachta, tá ullmhúchán ar siúl le bord nua a roghnú.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go bhfuair siad 68 léiriú spéise “i gcomhair ceapacháin do bhord Údarás na Gaeltachta, 13 ó mhná agus 55 ó fhir. Tá próiseas measúnaithe maidir leis na hiarratais sin ar siúl i láthair na huaire”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh ainmniúcháin déanta ag ceithre chomhairle contae agus go raibh ainmniúchán le déanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Agus na próisis ainmniúcháin sin tagtha chun críche, d’fhógródh an Roinn comhaltaí nua an údaráis chomh luath agus ab fhéidir.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times