Labhraimis faoi dhúlagar

Is tinneas é an dúlagar bhfuil leigheas ar fáil dó

Foclóir: Dathanna – colours; dúlagar – depression; cruthaitheach – creative; airíonna - symptoms; giúmar – humour; féindochar – self-harm; dúrún – mystery; téarnamh – recovery/convalescence.

Sa leabhar The Colour Thief le Andrew Fusek Peters agus Polly Peters, imíonn na dathanna ar fad ón saol agus fiú ón leabhar féin nuair a thagann dúlagar ar athair an bhuachalla óig atá i gcroílár an scéil. Tagann an-bhrón ar an mbuachaill óg agus airíonn sé gur rud a rinne sé féin is cúis leis an athrú atá tagtha ar a athair. Téann a athair le haghaidh cóireála san ospidéal agus de réir a chéile, tagann biseach air.

Tagann na dathanna ar ais sa saol agus sa leabhar ansin. Is scéal é seo a mhíníonn dúlagar do pháistí i mbealach atá simplí ach cruthaitheach. Ach cén chaoi a mhíneofá dúlagar do dhuine fásta nó b’fhéidir do dhuine fásta atá ag fulaingt leis an tinneas den chéad uair?

Ar an gcéad dul síos, tá sé an-tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir duine atá in ísle brí agus duine a bhfuil dúlagar air. Is féidir linn ar fad a bheith in isle brí ó am go ham mar thoradh ar eachtra nó fiú cúpla eachtra a tharlaíonn dúinn sa saol, mar shampla, cailleadh poist nó deireadh caidrimh rómánsúil.

READ MORE

Ach, bíonn smacht againn ar ár gcuid mothúchán agus is féidir linn rud a dhéanamh dúinn féin ionas go n-aireoimid níos fearr, mar shampla, dul ar shiúlóid dheas, comhrá a bheith againn le cara nó caitheamh aimsire nua a thosú.

Is rud iomlán difriúil é dúlagar a bheith ort. Is meabhairghalar é dúlagar a chuireann isteach ar ghiúmar, ar fheidhmiú inchinne, ar leibhéil fuinnimh, ar chodladh agus ar ár mbraistint folláine.

Níl sé éasca smacht a bheith agat ar dhúlagar agus a bheith in ann teacht ar ais chugat féin. Ceann de na rudaí is measa a d’fhéadfá a rá le duine a bhfuil dúlagar air ná ‘bíodh ciall agat!’ nó ‘cuir cuma éigin ort féin!’.

Níl comhairle mar seo cabhrach. D’fhéadfadh duine a bhfuil dúlagar air a bheith níos measa tar éis comhairle mar seo a chloisteáil. Dá bhféadfaidís é seo a dhéanamh dhéanfaidís é mar ní rud maith é an dúlagar a bheith ort.

Céard iad na hairíonna a bhaineann le dúlagar?

Tá drochghiúmar, easpa fuinnimh, drochtháirgiúlacht, deacracht aird a choinneáil ar rudaí, smaointeoireacht dhiúltach agus smaointe cráiteacha mar chuid de hairíonna an dúlagair.

Is féidir smaointe féindochair agus féinmharaithe a bheith ag an duine a bhfuil dúlagar air freisin, ag brath ar cé chomh trom is atá sé air. Is íoróin chruálach í go ngoideann dúlagar fuinneamh an duine díreach ag an am a mbíonn an fuinneamh seo ag teastáil.

Ní haon áibhéil é a rá go mbíonn sé fíordheachair don duine a bhfuil dúlagar air éirí ón leaba ar maidin gan trácht ar dhul isteach sa chithfholcadán. Déanann an dúlagar tascanna móra millteanacha as gnáth imeachtaí an lae in aigne an duine a bhfuil an tinneas air.

Céard is cúis le dúlagar? Seo an áit a bhfuil an dúrún. Is féidir go mbaineann sé le hathrú i leibhéal na gceimiceán san inchinn. Is féidir leis teacht ar dhuine atá faoi an-bhrú agus atá ag streachailt tar éis cúpla eachtra dúshlánach ina shaol.

D’fhéafadh go mbaineann sé le dúchas an othair ach ní gá go mbaineann. Ní dhéanann dúlagar idirdhealú agus is féidir leis teacht ar óg agus aosta, saibhir agus daibhir, daoine gairmiúla agus daoine nach bhfuil aon cháilíocht fhoirmeálta acu.

Moltar frithdhúlagráin agus comhairleoireacht do dhuine a bhfuil dúlagar air. Ardaíonn frithdhúlagráin an leibheál Séireatoinine san inchinn agus cabhraíonn siad le giúmhar an duine a fheabhsú tar éis dhá nó trí seachtaine. Bíonn níos mó fuinnimh ag an duine agus bíonn fonn air rudaí a dhéanamh arís – bualadh le cairde, dul ar shiúlóid, béile a réiteach dó féin srl. Ní thagann biseach iomlán mar thoradh ar an gcógas, áfach. Cabhraíonn sé ach tá sé an-tábhachtach go dtosaíonn an duine ag déanamh rudaí dó féin arís.

Ní bhíonn milleán an ghalair ar an nduine féin ach bíonn an fhreagracht a théarnamh féin a choinneáil ag imeacht agus a chríochnú.

B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó a bhaineann le dúlagar ná é a aithint, go mór mór má tá sé ar dhuine den chéad uair. Cailleann duine a bhfuil dúlagar air smacht ar a smaointe agus is féidir a shamhlú go bhfuil sé imithe as a mheabhair mar thoradh. Bíonn smaointe diúltacha i bhfeidhm san inchinn agus is féidir le smaointe féindochair agus féinmharaithe teacht isteach san inchinn go tapa.

Bíonn séanadh i gceist do go leor daoine a bhfuil dúlagar orthu den chéad uair. Is minic a chloistear ‘ní bhíonn dúlagar orm’ nó ‘ní raibh dúlagar ar aon duine de mo mhuintir ariamh’. Cuimhnigh – ní dhéanann dúlagar idirdhealú. Tá sé an-tábhachtach an tinneas seo a aithint agus leigheas a fháil dó. Tá sé an-chontúirteach dúlagar a fhágáil gan leigheas mar is féidir leis éirí níos measa agus níos measa arís.

Is cuimhin liom fógra a fheiceáil thart ar fhiche bliain ó shin ina raibh pictiúr d’éadan cailín sna déaga agus ráiteas fúithi ar nós ‘Ba rud amháin é dúlagar a bheith ar Amy ach ba mheasa an stiogma a lean í ina dhiadh’.

Chuir an fógra mearbhall orm ag an am agus ní dhearna mé mórán machnaimh air mar ní raibh aon eolas agam ar dhúlagar nó cén fáth a mbeadh stiogma ag baint leis.

Ach b’fhéidir gur chaith an fógra seo solas tábhachtach ní hamháin ar dhúlagar mar thinneas ach ar an stiogma a bhaineann leis freisin. Níl an smál céanna ag baint leis an meabhairghalar seo sa lá atá inniu ann agus níor cheart go mbeadh. Is tinneas é a bhfuil leigheas ar fáil dó agus níl aon náire i gceist é a bheith ort. Labhraimis faoi.

* Is scríbhneoir agus múinteoir é Roibeárd Ó Cuinn. Múineann sé Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Staidéar Scannán, Gaeilge, agus go leor ábhar eile nach iad i gColáiste Dhúlaigh, Báile Átha Cliath.