Gan chúis ar bith

Tarlaíonn rudaí, ansin tarlaíonn rudaí eile, agus tarlaíonn rudaí eile fós ina dhiaidh sin

Tharla i moiche na maidne ar an 6ú lá de Lúnasa 1945 go raibh eitleán aonair ag guairdeall agus ag sireoireacht lastuas de chathair lánphlódaithe i bhfad thíos. Scaoileadh lastas uafáis anuas agus scriosadh an chathair bun barr. Déanadh smionagar agus sprúillíní de Hiroshima is a raibh ann. Tharla sé. Sin an méid. Sin é is dóigh le go leor. Tarlaíonn rudaí, ansin tarlaíonn rudaí eile, agus tarlaíonn rudaí eile fós ina dhiaidh sin.

Tharla gur lámhaigh Gavrilo Princips an tArdDiúc Ferdinand de chuid Impireacht na hOstaire ar an 28ú de Mheitheamh 1914. Ba mhór agus ba ghránna an dúnmharú é. Ach ní raibh aon chúis leis. Ní raibh ann ach gur tharla sé. Léim nó bagraíodh na mílte saighdiúirí de chuid impireacht na Breataine amach as a gcuid trinsí 1ú Iúl 1916 chun tús a chur le cath na Somme inar maraíodh breis agus 300,000. Ní raibh aon cheangal idir an dá eachtra. Níl ann gur tharla siad.

Tharla go raibh 450,000 príosúnach faoi ia chúinge na cathrach. Ar éigean bia ná deoch acu. Má bhí aimsir chaite cheana acu, is cinnte go raibh an aimsir láithreach ina ifreann buan, agus ar éigean go mbeadh aimsir láithreach feasta acu. Scaoiltí cuid acu amach gach lá chun obair a dhéanamh ach níorbh obair ar a son féin a bhí ann. Bhí a fhios acu go ndéanfaí coscairt agus ár orthu dá n-éireodh siad amach i gcoinne na tíorántachta a raibh cos ar a mbolg, ar a scornach, ar a n-anam acu. Mar sin féin, fuair siad a raibh de ghunnaí is d’airm tine réamhdhéanta acu agus thug siad aghaidh go fíochmhar ar a namhaid shaolta. Is beag duine a tháinig slán as sléacht agus díothú gheiteo Vársá nuair a chuir na Giúdaigh chróga in aghaidh na tíorántachta in Aibreán 1943. Níor fágadh cloch ar muin cloiche. Ach ní raibh aon chúis leis, níl ann ach gur tharla sé.

Tharla trí scór bliain ó shin an deireadh seachtaine seo caite gur shiúil scata gunnadóirí isteach i dtigh tábhairne An Rising Sun in Glas-Stiall Chontae Dhoire agus gur spréigh siad piléir ar fud na háite. Mharaíodar ochtar. Ní raibh aon chúis leis, níl ann ach gur tharla sé.

READ MORE

Sin é, gan amhras, meon na nuachtán tablóideacha. Tharla nithe, ansin tharla nithe eile, ansin tharla nithe eile, gan aon chúis ná réasún a bheith leo. Eagla atá orthu dá nochtfaí go mb’fhéidir go raibh cúis lenar tharla, agus gur ró-eagal leo dá n-admhófaí go raibh cúis le rud ar bith go gcuirfeadh sin bonn cirt leis an ngníomh. Solas fann uaim don intinn sin, ní hionann cúis agus leithscéal. Ní hionann cúis agus cosaint. Ba dhóigh leat go mbeadh an méid sin simplí go leor go fiú don intinn nach bhfeiceann ach an aimsir seo, an nóiméad a mairimid ann, ponc ala na huaire, cuimhne na cuileoige, meabhair an éisc órga, an neamhthuiscint lom láithreach, an t-am gearrthéarmach, an stair gan fréamhacha, an tuirlingt ón spéir, amharc an phointe boise, tuairim iompó an tsoip, smaoineamh phas na huaire, an bharúil neamhbhruite bheo, an t-olc a ráinig a bheith i ndream áirithe amháin seachas aon dream eile.

Nuair a luaigh António Guterres go raibh comhthéacs a bhain leis an mbarbarthacht is déanaí sa Mheánoirthear ba dhóigh leat go raibh peaca do-mhaite déanta aige. Polaiteoir Éireannach amháin a d’éiligh go n-éireodh sé as mar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe! Cén fáth a bhfuil sceimhle ar dhaoine féachaint siar, agus níos tábhachtaí, féachaint ar aghaidh d’fhonn conas ab fhéidir réiteach cóir cothrom a mheas is a lorg ar gach slabhra fada polaitíochta agus cogaidh i bhfianaise na réamhstaire is bun le gach rud?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar