‘Óm chroí mo scread ag teacht go cruaidh’

D’fhonn scoth na filíochta do chur ar fáil don phobal a foilsíodh leabhar Phádraig Uí Chanainn

Foclóir: Díolaim/duanaire - anthology; bile - distinguished person; béaloideas - oral tradition; aortha - satirical works; sásaimh - enjoyment; dornán - fistfull; urraim - respect.

“Is eol do gach Gael go raibh géarghá le duanaire a bheadh níos iomláine ná na cinn a bhí le fáil go nuige seo, agus measaim gur leor de leithscéal sin agam i leith na hiarrachta seo.”

Pádraig Ó Canainn a scríobh é sin sa réamhrá don díolaim filíochta Filíocht na nGael a chuir sé i dtoll a chéile. Timpeall 1940 a foilsíodh an chéad eagrán.

“D’fhonn scoth na filíochta do chur ar fáil don phobal” a foilsíodh an leabhar agus níl amhras ar bith ann ach gur éirigh go seoigh le cuspóir an údair.

READ MORE

B’iomaí dalta meánscoile sna blianta i ndiaidh sin a raibh Filíocht na nGael aige nó aici agus a bhain sásamh as cuid éigin de na dánta. Measann An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge gur dóigh go raibh Filíocht na nGael “ar na leabhair Ghaeilge ba mhó díol riamh.” Ní beag san!

Cuireadh 296 dán i dtoll a chéile sa duanaire agus cuireadh in oiriúint é don chúrsa nua filíochta a bhí á mhúineadh sna scoileanna ag am. Rangaíodh na dánta i ranna— Tír Ghrá, Aislingí, Dánta Grá, Caointe, Deoraíocht, Aortha, Dánta Ólacháin, Dánta Faoin Dúlra agus mar sin de

San aon leabhar amháin thiocfá ar An Droimeann Donn Dílis, Róisín Dubh, Mise Éire, Cill Chais, Ceo Draíochta le hEoghan Rua Ó Suilleabháin, Fáilte don Éan le Séamas Dall Mac Cuarta, Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte le Peadar Ó Doirnín, Seanchas na Sceithe agus Anach Cuain le hAntaine Ó Reachtabhra (mar a thugtar air sa leabhar), Valparaiso le Pádraig de Brún, Caoineadh Airt Uí Laoghaire le hEibhlín Dubh Ní Chonaill, Dónal Óg agus An Chúileann.

Agus níl ansin ach dornán!

Fadó, dar ndóigh, bhíodh ionad ar leith ag an bhfilíocht i saol na nGael. Mar a deir Ó Canainn i réamhrá a leabhair, mhúscail sí dóchas na ndaoine agus choimeád sí lóchrann na saoirse ar lasadh i gcroíthe na ndaoine nuair ba mhó a gcruatan.

Go mí-ámharach, ar na saolta seo ní thugtar aon deis mórán do ghnáth dhaltaí filíocht ársa na nGael a léamh ná a fhoghlaim.

Is ar fhilíocht nua-aimseartha is mó a dhírítear aird na ndaltaí. Bíodh is go bhfuil filíocht nua-aimseartha tábhachtach dar ndóigh, ní iomlán an scéil í.

Foilsíodh leagan eile d’Fhilíocht na nGael in 1958. Sa leagan seo cuireadh litriú caighdeánach ar na dánta ach níor athraíodh litriú na ndánta a scríobhadh roimh 1700 ionas nach millfidh an mheadaracht.

I rith na laethanta a scríobhadh an t-alt seo, tháinig na drochscéalta go raibh beirt bhile ar lár; Rónán Mac Aodha Bhuí agus an tAthair Breandán Ó Doibhlin.

Bhí Filíocht na nGael in aice láimhe agus chuimhníomar ar an dán, Óm Chroí Mo Scread a chum Pádraig Piarais Cúndún chun bás a mhná a chaoineadh.

Óm chroí mo scread ag teacht go cruaidh

M’Ábhar buartha beacht de shíor,

Mo bhean fé líg ina luí san uaigh, -

Creach do bhuail mo dhreach le saighead.

Rónán Mac Aodha Bhuí

Ba mhór an urraim, an t-ómós agus an cairdeas a léiríodh don chraoltóir, iriseoir agus feachtasóir, Rónán Mac Aodha Bhuí nuair a scaip an nuacht gur bhásaigh sé in aois a 53 bliana.

Is i gCorcaigh a rugadh Rónán ach bhog a mhuintir go Gaoth Dobhair agus é an-óg. Bhí bá agus cóngas gaoil aige leis na bólaí ó thuaidh ina dhiaidh sin.

Craoltóir ildánach a bhí ann a d’imir tionchar dearfach ar a lucht éisteachta agus a thug ardán d’cheoltóirí agus d’chraoltóirí, d’ealaíontóirí, do dhíograiseoirí agus d’fheachtasóirí, idir óg agus aosta.

Bhunaigh sé ócáidí sóisialta agus ceoil an Ciorcal Craiceáilte agus an Fhéile Craiceáilte in 1993 agus an Cabaret Craiceáilte ag an Oireachtas níos déanaí arís in 2008.

Feachtasóir a bhí ann freisin agus níor dhearmad sé riamh cás na gcearta teanga ó thuaidh.

I measc na gclár raidió agus teilifíse a chuir sé i láthair bhí Scaoil Amach an Bobailín (RTÉ 1990); Ard Rí (TnaG 1997); Rónán ar an Camino (TG4 2013); Rónán san Afraic ar Thuras a Athar (TG4 2015); An Taobh Tuathail agus Rónán Beo (RnaG).

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus Gradam Ghlór na nGael ar Rónán níos luaithe i mbliana.

“Tá an tArd Rí imithe go dtí an Chabaret i gCré na Cille le Máirtín Ó Direáin, Ó Cadhain, Mac Síomóin, Paddy na gCoconuts agus Caitlín Maude,” a dúirt a chara Bláthnaid Ní Chofaigh.

“Labhair Rónán leis an bpobal agus is orthu siúd amháin a d’fhreastail sé. Níor ghéill sé don chóras ná rialacha agus níor ghéill sé don tinneas. Throid sé agus throid sé. Tá sé ag ligean scíth anois. Tá anam Rónán le muintir Ghaoth Dobhair ach a chroí Cois Cladaigh.”

Is mór an chailiúint é do shaol agus do phobal na Gaeilge.

Breandán Ó Doibhlin

Rugadh Breandán Ó Doibhlin i dTír Eoghain in 1931. D’fhreastal sé ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus cuireadh oideachas ollscoile air in Má Nuad, sa Róimh agus ag Sorbonne na Fraince.

Drámadóir, scríbhneoir acadúil, aistritheoir, úrscéalaí agus léirmheastóir a bhí ann.

Bhí sé ina Ollamh le Nuatheangacha in Má Nuad ó 1958 go dtí 1996, ainmníodh é ina Recteur ar Choláiste na nÉireannach i bPáras in 1984, agus bhí sé ina Rúnaí-Ginearálta ar an Fondation Irlandaise ó 1991 go 2001.

Bhí baint aige freisin le hathnuachan Choláiste na nÉireannach i bPáras agus thug rialtas na Fraince aitheantas dó nuair a bronnadh Chevalier de l’Ordre National du Mérite air in 1979 agus an Légion d’honneur air in 2001. Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de in 1997.

Tá cáil ar obair aistriúcháin Uí Dhoibhlin agus d’aistrigh sé Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge do Bhíobla Mhá Nuad.

D’aistrigh sé mór shaothair liteartha na hEorpa go Gaeilge freisin - ina measc bhí Gargantua (Rabelais), Deascán as na hAistí (Michel de Montaigne) , Smaointe (Blaise Pascal), Fabhalscéalta (La Fontaine), An Prionsa Beag (Antoine de Saint-Exupéry) agus Dialann Shagart Tuaithe (Georges Bernanos).

Úrscéalaí a bhí ann freisin agus i measc na leabhar a scríobh sé tá an fáthscéal Néal Maidine agus Tine Oíche (1965), An Branar Gan Chur a cuireadh i gcló in 1980 agus Sliocht ar Thír na Scáth a foilsíodh in 2018.

Scríobh sé an mórshaothar Manuail de Litríocht na Gaeilge agus d’fhoilsigh sé Gaoth an Fhocail: Foclóir Analogach in 1998.

Más fíor gur féidir léargas a thabhairt agus tuiscint a fháil ar shainthréithe an duine leis an bhfilíocht, ní hamháin gur éirigh leis an bheirt atá ar lár na léargais sin a aithint freisin ach d’éirigh leo iad a cheiliúradh ar a mbealaí féin le fuinneamh, le díogras, agus le fonn.

Is boichte muid dá n-uireasa.


Daonscoil an Fhómhair

‘Filí agus Filíocht na Mumhan’ atá mar théama ag Daonscoil an Fhómhair i nGaeltacht Mhúscraí i mbliana.

Reáchtálfar an Daonscoil in Óstán Ghuagán Barra i nGaeltacht Mhúscraí idir an 29 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair.

Cuirfear tús le himeachtaí le haoi-léacht ón Dr Seán Ua Súilleabháin. Pléifidh sé filíocht Mháire Bhuí Ní Laoghaire (1774-c.1848) agus an Léann Clasaiceach. Pléifear traidisiún na caointeoireachta ar an Satharn agus déanfar comóradh ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire a cumadh 250 bliain ó shin. An Dr Aogán Ó hIarlaithe a thabharfaidh an dara haoi-léacht oíche Dé Sathairn.

B’fhiú glaoch a chur ar Óstán Ghuagán Barra ar 026-47069 nó teagmháil a dhéanamh le info@gouganebarrahotel.com chun seomra a chur in áirithe.


Féile Staire Bhaile Átha Cliath

Cuirfear tús inniu le Féile Staire Bhaile Átha Cliath.

Is féile bhliantúil í seo a reáchtálann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leabharlanna na cathrach i gcomhpháirtíocht le Comhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Reáchtálfar beagnach 200 imeacht i leabharlanna agus i láthair eile le linn na féile. I mBéarla a reáchtálfar a bhformhór ach beidh roinnt beag imeachtaí a reáchtálfar trí mheán na Gaeilge:

Pádraig Mac Piarais, Fear Eagair an Chlaidheamh, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Seomra an Phoitéil, Dé Domhnaigh, 1ú Deireadh Fómhair, ag a 3 i.n.

Turas Éirí Amach na Reibiliúnach trí Ghaeilge, Músaem Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, BÁC 1, Dé Sathairn 7ú Deireadh Fómhair, ag a 11 r.n.

“Is teanga iasachta í an Ghaeilge, díreach cosúil leis an nGiúdais!”, Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh BÁC 2, Dé Luain 9ú Deireadh Fómhair, ag a 4 i.n.

Breis eolais: dublinfestivalofhistory.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.