Clár oibre leagtha amach ag Conradh na Gaeilge

Phléigh an tAire Catherine Martin cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in óráid a craoladh beo ar líne

“Cá bhfuil ár dTriail i ndiaidh Covid?” a bhí mar theideal ar théama ard fheis Chonradh na Gaeilge na bliana seo a reáchtáladh ar líne ar an Satharn.

Chuir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an tAire Gaeltachta Catherine Martin in aithne chun an ard fheis a sheoladh go hoifigiúil.

“Airím anois go bhfuil go leor de na beartais fadtéarmach atá leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge ag teacht chun cinn go tréan, rud a thugann dóchas dom faoi thodhchaí na teanga,” a dúirt sí.

Phléigh sí ceisteanna a bhaineann le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge , Údarás na Gaeltachta, pleanáil teanga, cumhachtaí an Coimisinéir Teanga, Bille na dTeangacha Oifigiúla agus maoiniú san earnáil.

READ MORE

Agus í ag déanamh tagairt do Bhille na dTeangacha Oifigiúla lua sí go dteastaíonn ón Rialtas breis cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga.

Faoin socrú reatha ní féidir leis faireachán a dhéanamh ach maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin. Tá sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal ach ní féidir leis faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile.

Dúirt sí gur “dul chun cinn” a bheadh ann é seo a athrú agus go gcuideodh sé “go mór” le comhlachtaí poiblí a gcuid dualgas ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.

“Tá achtú an Bhille seo ríthábhachtach don Ghaeilge,” a dúirt sí.

“Cuideoidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Stáit agus ag an bpobal an Ghaeilge a láidriú agus a neartú don chéad ghlúin eile.”

“Má chuirtear i bhfeidhm i gceart é, táim muiníneach go mbeidh seirbhísí Gaeilge d’ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche, dár ndóigh, ach cuireann an Bille seo bunsraith reachtúil faoi struchtúir nua sa Státchóras le dul i ngleic leis na laigí atá ann faoi láthair.”

Fógraíodh anuraidh go raibh cead pleanála faighte chun ceannáras Chonradh na Gaeilge a fhorbairt mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath.

Lua an tAire Martin an fhorbairt atá beartaithe d’uimhir 6 Sráid Fhearcair.

“Tá cead pleanála chuige faighte le déanaí, dár ndóigh, agus tá Julian (de Spáinn) agus oifigigh mo Roinne ag oibriú as lámha a chéile faoi láthair ar mhaithe le pacáiste maoinithe a chur le chéile. Sin dúshlán dúinn don bhliain atá amach romhainn ach táim dóchasach go n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá ar bun chuige sin,” a dúirt sí.

D’fhreagair an tAire ceisteanna ón Dr Comer ag deireadh na cainte. Ina measc siúd, pléadh ceisteanna a bhain leis an maoiniú atá ar fáil d’áras na Gaeilge, fógraíocht stát as Gaeilge, Raidió RíRá, agus reachtaíocht teanga do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Clár oibre

Pléadh 33 rún san iomlán ag an ard fheis. I measc na n-ábhar a pléadh bhí cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, cás na gcoláistí samhraidh, cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, todhchaí na Scéime Pobail Ghaeilge agus pleananna infheistíochta Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta amach anseo.

Glacadh le rún go gcuirfí na spriocanna atá sa Chlár Rialtais a bhaineann leis an nGaeilge sa gcóras oideachais i bhfeidhm gan a thuilleadh moille, go gcuirfí coinníollacha Gaeilge agus Gaelacha le maoiniú an Rialtas do RTÉ agus go gcuirfí plean gnímh i bhfeidhm chun Craobhacha an Chonartha a athneartú chomh luath agus atá sé sábháilte tabhairt faoi é sin a dhéanamh.

Deir Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá clár oibre an Chonartha anois socruithe ag ár mballraíocht don chéad bhliain eile agus rachaimid i mbun oibre leis na rúin a aontaíodh leo inniu a bhaint amach. D’aontaigh na Teachtaí go bhfuil gá dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus na straitéise Gaeilge ó thuaidh.”

“Beidh deis againn sin a dhéanamh nuair a rachaidh an Conradh os comhair an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTithe an Oireachtais Dé Máirt seo chugainn agus nuair a bhuaileann muid le hAire Stáit Thuaisceart Éireann Robin Walker go luath."

Uachtarán

Atoghadh an Dr Comer ina Uachtarán ar an eagras arís i mbliana.

“Gabhaim buíochas le ballraíocht Chonradh na Gaeilge as muinín a léiriú ionam arís i mbliana agus mo thréimhse mar Uachtarán ar an eagraíocht ag teacht chun deiridh ar an bhliain seo chugainn,” a dúirt sé.

"Thug muid faoi dhúshlán bhliain seo na paindéime go cróga agus níl aon amhras orm go mbeidh Conradh na Gaeilge, an fhoireann, na craobhacha agus na baill aonair i gcóngar agus i gcéin in ann teacht slán ó ghéarchéim na paindéime seo." Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Seán Ó Sé agus chuir sé deireadh le himeachtaí leis an amhrán Oró Sé do Bheatha 'Bhaile.

“Is mór an onóir dúinn Gradam na bliana seo a bhronnadh ar Sheán Ó Sé,” a dúirt Dr Comer.

“Tá a shaol caite ag Ó Sé, atá 85 bliain d’aois, ag obair ar son na Gaeilge agus na n-ealaíon. Tá clú agus cáil air as an méid atá bainte amach aige thar na blianta fada lena chuid amhránaíochta, ach go háirithe. Is mór an meas atá tarraingthe aige ar ár gcultúr dúchais agus ar an nGaeilge. Gura fada buan é,” a dúirt sé.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.