Athbhreithniú ar an tSraith Sinsearach

Bhí súil leis go mbeadh cúiteamh éigin dóibh siúd a thabharfadh faoi shiollabas níos dúshlánaí san Ardteistiméireacht

FOCLÓIR: Saineolaithe - experts, dréacht - draft, sonraíocht - specification, inmholta - commendable, imní - concern, creat - framework, pointe bónais - bonus points

Le fada an lá tá saineolaithe oideachais ag éileamh go mbeadh cúrsa nua Ardteistiméireachta ann dóibh siúd atá ar ardchumas ó thaobh na Gaeilge de. Ní dhéanann an siollabas reatha aon idirdhealú idir foghlaimeoirí Gaeilge agus cainteoirí dúchais agus níl aon bhealach ann le forbairt níos fearr a dhéanamh ar an saibhreas teanga agus ar an gcaighdeán liteartha agus scríofa a bhaintear amach san Ardteistiméireacht faoi mar atá sé ceapaithe faoi láthair.

Anois tá dhá shiollabas nua don chúrsa Gaeilge don Ardteistiméireacht luaite sna dréacht sonraíochtaí a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM/ NCCA) le gairid.

Déantar idirdhealú iontu seo idir scoileanna - rud nár tharla cheana ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

READ MORE

Faoin múnla nua, tá sonraíocht T1 áitithe do scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 in oiriúint dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla.

Táthar ag súil go nglacfaidh an tsonraíocht nua áit an tsiollabais reatha don Ghaeilge i Meán Fómhar 2022.

Agus tá go leor ann atá inmholta.

Cé go mbíodh ceisteanna ann faoina laghad de shaothair scríbhneoirí nua-aoiseacha Gaeltachta ar nós Sheáin Uí Ríordáin, Chaitlín Maude agus Mháirtín Uí Dhireáin a bhíodh ar an siollabas, déantar tagairt sa ndréachtsonraíocht nua do thobar na litríochta áitiúla agus go bhfuil an litríocht lárnach i bpróiseas foghlama agus sealbhaithe teanga an scoláire. Tá go leor eile ann freisin a bhaineann le cumarsáid, feasacht agus cruthaitheacht teanga.

Ach tá imní léirithe faoi chuid dá bhfuil beartaithe freisin.

Bhíothas ag súil mar shampla, de bharr an obair bhreise a bheadh le déanamh ag na daltaí go mbeadh cúiteamh éigin ann dóibh siúd a thabharfadh faoi shiollabas a bheadh níos dúshlánaí.

Bronntar 25 pointe bónais don Mhatamaitic ag an ardleibhéal ar ghráid H6 agus níos airde faoi scála comhchoiteann pointí na n-institiúidí ardoideachais. Cé nach é an CNCM a shocraíonn an scála pointí seo, níl aon tagairt sna cáipéisí atá faoi chaibidil againn do chúiteamh ar bith breise a mheallfadh scoláirí le tabhairt faoin ardchúrsa T1. An mbeadh sé níos éasca agus níos fusa lán mharcanna a bhaint amach i scrúdú T2?

Scrúdú béil
Tá siollabas reatha na hArdteistiméireachta in úsáid le haon bhliain déag anois. Bhí buntáiste go dtí seo ag scoláirí sa mhéid agus go raibh 40 faoin gcéad d'iomlán na marcanna ag dul don bhéaltriail. Nuair a tógadh isteach é seo an chéad uair cuireadh an-fháilte roimhe mar athrú fo-chéimneach a dhéanfadh an-leas ach táthar chun a luach seo a laghdú de réir na moltaí nua.

Faoin gcreat nua, ní bheadh ach 35 faoin gcéad den mharc iomlán sa chúrsa Gaeilge ar fáil don scrúdú cainte.

Tá baol ann gur athrú é a ghearrfadh pionós ar scoláirí áirithe - is titim sách suntasach é 5 faoin gcéad dóibh siúd atá níos cumasaí ó thaobh a gcuid cainte de, cuma cén siollabas lena mbaineann siad.

Tá ceisteanna ann gur cheart a mheas. Cén tionchar a bhí ag múinteoirí Gaeltachta sa phróiseas as a d’eascair na moltaí seo agus cén chaoi an bhfuil ísliú i méid na marcanna a théann don bhéal triail ag luí le Polasaí don Oideachas Gaeltachta?

An ceart go molfaí a leithéid nuair is mór an bhéim a chuirtear ar an fhiúntas a bhaineann leis an gcumas cainte a fhorbairt. Níl deis níos fearr ann le líofacht teanga a léiriú ná mar atá sa bhéaltriail agus shílfeá go mbeadh aird dá réir ar sin.

Leanúnachas
Níl an cúrsa nua Gaeilge ar siúl sa tSraith Shóisearach ach le ceithre bliana anuas. Ní fios fós cén toradh a bhí ar na hathruithe sin mar gur cuireadh scrúdaithe sa tSraith Shóisearach ar ceal anuraidh agus arís i mbliana. Tá contúirt anois ann go gcríochnóidh líon mór scoláirí an scoil i 2022 gan ach scrúdú amháin Stáit a bheith suite acu agus gan breithiúnas eolaíoch a bheith déanta ar cheachtar den dá mhúnla nua.

Maítear go mbeidh rogha ag scoileanna T2 (iad sin a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla) an scrúdú ard leibhéil T1 a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo é. Ach an é is brí leis an rogha seo ná nach mbeadh sé de dhualgas ar scoileanna an siollabas dúshlánach a chur ar fáil?

Díolúintí
Faoin siollabas reatha, déantar an teanga a mheasúnú ag trí leibhéal - an bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal. Cé is moite den dá siollabas nua T1 agus T2, tá an chosúlacht air go gcuirfear deireadh leis an mbonnleibhéal faoi na moltaí nua.

Céard atá beartaithe dóibh siúd ar fheil an bonnleibhéal dóibh roimhe seo? Tuilleadh díolúintí an ea?

Trí dheireadh a chur leis an mbonnleibhéal úd nach bhfuiltear ag dul glan i gcoinne na smaointeoireachta nua maidir le cearta gach páiste an teanga a fhoghlaim de réir a gcumas?

Tá tús curtha anois le comhairliúchán poiblí. Is féidir leis an bpobal a ndearcadh a chur in iúl trí shuirbhé ar líne a chomhlíonadh. Is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig: comhairliuchanT2@ncca.ie. Tá fáil ar an suirbhé ar líne ag ncca.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.