Corraíonn filíocht Robert Frost intinn agus croí an léitheora go dtí an lá inniu féin

Tuarascáil: Fuair duine de na filí is fearr agus is iomráití den 20ú haois, Robert Frost, bás 50 bliain ó shin i mí…

Tuarascáil:Fuair duine de na filí is fearr agus is iomráití den 20ú haois, Robert Frost, bás 50 bliain ó shin i mí Eanáir. Tá ar a laghad dhá dhán a scríobh sé, Stopping by Woods on a Snowy Evening agus The Road Not Taken, i measc na ndánta is cáiliúla sa Bhéarla.

In aiste a scríobh sé sa leabhar Homage to Robert Frost, rinne Seamus Heaney tagairt don phléisiúr a bhain sé as dánta Frost mar “eachtraí sa teanga” i rith a shaoil. Rinne Heaney cur síos ar an dóigh ar thaitin sé go mór leis, ar dtús báire, teacht ar fhianaise de theistiméireachtaí Frost mar fhile/feirmeoir.

Mar shampla, bhí meas ag Heaney ar an gcaoi a ndearna Frost cur síos sa dán The Code ar an dóigh ar cuireadh pící féir ar vaigín ceann i ndiaidh a chéile sa tslí is go mbeadh sé éasca an t-ualach féir a dhíluchtú níos déanaí.

Freisin, chuir sé ionadh ar Heaney chomh díreach agus chomh hinchreidte a bhí an cuntas gruama sa dán Out, Out ar conas a ghearr sábh ciorclach a lámh de pháiste agus bás an pháiste dá bharr.

READ MORE

Bhí sé seo inchreidte do Heaney mar tháinig sé ó chúlra feirmeoireachta inar chuala sé a lán scéalta faoi thimpistí feirme.

An cúlra feirmeoireachta a spreag suim agus meas Heaney ach, de réir a chéile, fuair sé blas níos fearr ar cé chomh domhain agus chomh hoilte agus a bhí filíocht Frost.

Tá sé ráite go bhfuil áit sainiúil agus beagnach aonarach ag Frost mar fhile agus go bhfuil sé deacair é a “áitiú” i dtéarmaí liteartha. Ní féidir a rá gurbh fhile nua-aoiseach é ar nós T. S. Eliot nó Ezra Pound nó Wallace Stevens ach, ar an dtaobh eile de, ní file traidisiúnta é ach an oiread. Mar sin, is féidir a rá go seasann sé ag an gcrosbhóthar idir filíocht an 19ú haois agus an fhilíocht nua-aoiseach.

Shaothraigh sé guth leithleach nua-aoiseach agus stíl a bhí díreach agus lom cosúil leis na híomhánna a fheictear i bhfilíocht Pound. Ach is féidir a lán de na cleachtaithe ó fhilíocht an 19ú haois a shonrú ina chuid dánta, neamhchosúil lena fhilí comhaimseartha ar nós Eliot agus Stevens.

D’aontaigh sé leis na filí Rómánsacha ón 19ú haois gur thosaigh dán le “tocht sa scornach”, is é sin le mothúchán. Mar sin féin, d’oibrigh sé chomh dian leis an fhile nua-aoiseach ba dhíograisí le bheith oibiachtúil.

Bhí sé ar aon intinn le Eliot go raibh an duine a d’fhulaing agus an t-ealaíontóir a chruthaigh scartha óna chéile amach is amach.

Bhain sé úsáid as an teanga dhúchais ina chuid dánta, go mórmhór teanga dhúchais New England.

Taobh istigh den áit sin, chreid sé gurbh iad New Hampshire agus Vermont an dá stát ab fhearr sna Stáit Aontaithe. Theastaigh uaidh a ealaín a fhréamhú ina fhód dúchais, fód a d’oibrigh sé lena lámha féin. Dúradh gur athchruthaigh sé ina chuid filíochta daoine agus áiteanna a bhí gléineach thar na bearta. Is féidir, mar shampla, an t-úllord a fheiceáil os comhair do shúl sa dán After Apple-Picking nó an t-earrach i gclós feirme a shamhlú sa dán Two Tramps in Mud Time.

Tá an nádúr le sonrú go forleathan i ndánta Frost. Tugann an nádúr pléisiúr do na céadfaí ach níl dearcadh cráifeach ná mistiúil aige ina leith. Tá sé nua-aoiseach sa tslí ina dtuigeann sé go bhfuil deighilt idir an nádúr agus an duine daonna.

Níl dabht ar bith ann ná go bhfuil taobh “dorcha” ag filíocht Frost. Thuig sé go raibh cruáil gan aird sa nádúr agus sa domhan. Feictear an taobh dorcha seo i ndánta cosúil le Design agus Once by the Pacific.

Feictear é sin fiú amháin sa dán is cáiliúla dá chuid (dán a ndéanann mórán páistí aithris air ag feiseanna), Stopping By Woods on a Snowy Evening. Cad mar gheall ar na línte sin: “The woods are lovely dark and deep/But I have promises to keep”? Is léir go bhfuil tarraingt ag dorchadas na gcoillte ar an bhfile ach ní féidir leis géilleadh don tarraingt sin.

Cuireann sé i gcuimhne dúinn an dán eile sin den teideal I Have Been One Acquainted with the Night. Bhí an-taithí aige ar thragóidí an tsaoil. Cailleadh a bhean agus ceathrar dá seisear páistí. Bhí galar intinne sa chlann freisin.

Chuir sé in iúl in agallamh a thug sé uair amháin cé chomh tábhachtach agus a bhí an fhilíocht dúinn go léir. Chreid Robert Frost gurbh í an fhilíocht an fhoirm tuisceana ba thábhachtaí ar domhan.

Murab í, a dúirt sé, ní fiú tada í.