Treochtaí teanga agus creataí cumais

Tá eolas spéisiúil faoi theagasc teangacha inár gcórais oideachais le fáil i dtaighde a foilsíodh i mbliana

Is é an taisteal chuig tíortha eile an príomhbhuntáiste le foghlaim teanga, dar le daltaí scoile. Grianghraf: iStock/Getty
Is é an taisteal chuig tíortha eile an príomhbhuntáiste le foghlaim teanga, dar le daltaí scoile. Grianghraf: iStock/Getty

Tá an t-am den bhliain tagtha agus muid ar thairseach na bliana nua scoile arís.

Sa chomhthéacs sin, léiríonn tuairisc taighde ó ghrúpa taighdeoirí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a seoladh i mí Bealtaine, treochtaí i bhfoghlaim nuatheangacha iasachta i scoileanna na Poblachta. Tugadh faoin taighde faoi choimirce Chomhairle na Breataine in Éirinn agus Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann.

Is é an taisteal chuig tíortha eile an príomhbhuntáiste le foghlaim teanga dar le formhór na ndaltaí a ghlac páirt sa taighde. Tá sin le dealramh sa líon daltaí a thugann faoin Fhraincis (41 faoin gcéad), le titim breis is 30 faoin gcéad ann le deich mbliana anuas, agus an borradh atá tagtha ar an Spáinnis (26 faoin gcéad), atá níos mó ná dúbailte ó 2015.

Deirtear sa tuairisc go raibh beagnach chuile dhalta sa chúigiú bliain meánscoile a d’fhreagair an suirbhé tar éis bheith ar thuras thar lear, agus an líon is mó acu siúd (79.5 faoin gcéad) tar éis dul chuig an Spáinn, céatadán níos mó ná chuig an Bhreatain fiú. Nuair a iarradh orthu cén tairbhe a bhí le foghlaim nuatheanga iasachta, ba é an cumas an teanga a labhairt agus iad ar cuairt ar an tír an buntáiste ba mhó, dar leo. Faraor, dar leis an tuairisc, ní áirítear mórán tairbhe ghairmiúil le nuatheangacha iasachta - is leis an múinteoireacht, an t-aistriúchán agus an ateangaireacht a luadh na buntáistí, gairmeacha fiúntacha iontu féin ar ndóigh.

Treocht atá suimiúil leis ná fás na nuatheangacha eile ó 2015. Tá líon beag ag déanamh staidéar ar an Araibis don Ardteist (338 in 2025) ach méadú 266 faoin gcéad é sin ó 2015. Tá an Liotuáinis, an Pholainis agus an Phortaingéilis ar fáil ó 2017, an tSínis (Mandairínis) ó 2022 agus an Úcráinis lasmuigh den churaclam ón mbliain seo caite. Treochtaí iad seo a thaispeánann oscailt idirnáisiúnta na tíre chuig an domhan mór. De réir na tuairisce, léiríonn na hathruithe seo tiomantas na tíre freisin do chóras oideachais ionchuimsitheach, leathanaigeanta. Rud atá ait ina measc ná go bhfuil fás mór tagtha ar staidéar na Rúisise don Ardteist, breis is 1,000 dalta in 2025, ar méadú faoi bhreis is trí é ó 2015. Ní dul ar saoire is cúis leis sin.

Tá easpa múinteoirí i nuatheangacha iasachta luaite ar cheann dos na constaicí is mó i soláthar na dteangacha úd inár scoileanna.

Tá moltaí ar fáil ón taighde do chúrsaí teagaisc agus foghlama i gcoitinne, agus lasadh an tine sa Ghaeilge freisin. Spreagann úsáid aon teanga suim í a fhoghlaim. Baineann daltaí taitneamh as teanga a labhairt agus deireann siad go minic gur mhaith leo deiseanna breise a fháil teangacha a labhairt sa rang agus lasmuigh de, agus gur mhaith leo níos mó imeachtaí sa teanga. Tá soghluaisteacht idirnáisiúnta mar sin mar ghné ríthábhachtach do theagasc teangacha iasachta. Níl aon dabht ach go gcuireann sé le fiosracht agus le fairsingeacht aigne agus eagna.

Ní haon ionadh é sin. Tá sé mar bhunchloch den fhoghlaim ó chianaibh a bheith gníomhach agus gafa sa ghníomh ach go minic, toisc brú eile sa gcóras agus ar an gcuraclam, ní shin mar a bhíonn.

I bhfocail na bhfreagróirí féin, is iad “múinteoirí iontacha, an-phaiseanta faoina n-ábhair féin” is cúis lena suim sa teanga. “Tá ag éirí go maith le Nuatheangacha Iasachta sa scoil s’againne mar gheall ar choimitmint láidir uile-scoile d’fhoghlaim teangacha, cleachtais éifeachtacha teagaisc agus teagmháil dhearfach le daltaí”.

Ní haon ionadh sin ach oiread agus rannpháirtíocht na mac léinn mar bhreosla i gcónaí ar thine an oideachais.

Tá easpa múinteoirí i nuatheangacha iasachta luaite ar cheann dos na constaicí is mó i soláthar na dteangacha úd inár scoileanna. Luann an tuairisc go bhfuil dualgas ar ár n-ollscoileanna ina leith sin. Cé go bhfuil breis is trí cheathrú de dhaltaí dara leibhéal ag tabhairt faoi nuatheangacha iasachta don Ardteistiméireacht, áirítear nach mbíonn ach thart ar cheithre faoin gcéad acu ag dul do nuatheangacha iasachta ag an tríú leibhéal. Agus tá roinnt mhaith cúrsaí ollscoile go raibh an tríú teanga éigeantach le fáil isteach iontu tráth nach bhfuil an riachtanas sin acu a thuilleadh. Níl aon dabht ach gur cúlú agus cúngú é seo ar fhairsingeacht an churaclaim, ar fhéidearthachtaí solúbtha na mac léinn agus ar dhearcadh idirnáisiúnta an éiceachóras s’againne.

É sin ráite, táimid i bhfad níos fearr as ná ár gcomharsana. Faoi chóras oideachais déabhlóidithe na Ríochta Aontaithe, is meath atá ag teacht ar theagaisc nuatheangacha iasachta ar fud an stáit. Sa Tuaisceart, mar shampla, áirítear i dtuairisc eile ó Chomhairle na Breataine go bhfuil níos lú ná 40 faoin gcéad de dhaltaí dara leibhéal ag déanamh staidéar ar nuatheanga iasachta. I Sasana, áirítear go bhfuil níos lú ná 1 faoin gcéad ag déanamh céim i nuatheanga iasachta ag an ollscoil. Tuairimítear go minic go bhfuil ceangal idir sin agus an tarraingt siar idirnáisiúnta a bhí le feiscint sa Bhreatimeacht.

Mar eisceacht ar an dtreocht ghinearálta úd, tá fás ar mhúineadh na Gaeilge sa Tuaisceart le 42 faoin gcéad de scoileanna á tairiscint in 2024 (an bhliain a deineadh an taighde) i gcomparáid le 35 faoin gcéad an bhliain roimhe sin, agus méadú 15 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a thug faoin teanga sa GCSE idir 2024 agus 2023 (cé gur laghdú 30 faoin gcéad é sin ó 2002).

Tá nasc ag Comhairle na Breataine ar ndóigh le cúrsaí teangan le fada agus iad i mbun mhúineadh an Bhéarla mar theanga iasachta ó 1934 i leith. Iadsan freisin a eagraíonn an scrúdú IELTS (‘International English Language Test Score’) ó 1980, measúnú caighdeánach ar leibhéal Béarla iarrthóirí idirnáisiúnta.

Seoladh caighdeánú Eorpach – atá éagsúil ó IELTS – ar cháilíochtaí teanga faoi choimirce Chomhairle na hEorpa i 2001, an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR). Tá Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) á eagrú ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, bunaithe ar an CEFR.

Ní hionann TEG ar ndóigh agus an Ardteist mar go bhfuil siad dírithe ar chohórt, ar chaighdeán agus ar choincheap éagsúla. Meastar TEG ar leibhéil inniúlachta dhifriúla ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Tá IELTS éagsúil uaidh sin freisin, bunaithe ar scrúdú amháin agus ar scála leanúnach. Agus caighdeán an CEFR ag leathnú go hidirnáisiúnta, tá iarracht déanta ag IELTS an leibhéal acu a ailíniú le scála CEFR.

Tá comhthéacs, cúlra agus cúinsí IELTS, a phléann le mórtheanga, iomlán éagsúil ó TEG, a phléann le teanga mhionlaigh. Mar sin féin, tá laghdú mór, beagnach 20 faoin gcéad, tagtha le blianta beaga anuas ar líon na n-iarrthóirí ar IELTS i bhfianaise athruithe ar sholáthar víosaí i dtíortha ina labhraítear an Béarla agus le coimhlint ó chórais mheasúnachta eile ar nós Duolingo.

Is a mhalairt atá ag tarlú le TEG. Ar an bhfód ó 2006, tá tábhacht níos mó ag baint leis le déanaí, ní hamháin mar go bhfuil Meánleibhéal 1 (B1) le baint amach mar chaighdeán iontrála ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), ach le riar ar an sprioc reachtúil go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí “inniúil sa Ghaeilge” faoi 2030. Sa chomhthéacs úd, tá TEG ag comhoibriú le OneLearning agus Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann le scrúduithe cumais a chur ar fáil d’fhostaithe de chuid an státchórais. Beidh brú ar chóras na státseirbhíse – atá mall chun gníomh a dhéanamh go dtí seo – an sprioc reachtúil a bhaint amach ach tá ról tábhachtach ag TEG ina leith.

Sa chomhthéacs sin, mar fhocal scoir, tá sé le moladh go bhfuil fáil ar leagan Gaeilge den tuairisc iomlán ar an gcóras oideachais s’againne ar shuíomh idirlín Chomhairle na Breataine. Dea-shampla dos na heagraisstáit, Thuaidh agus Theas.

Tá Ciarán Ó hÓgartaigh, iarUachtarán Ollscoil na Gaillimhe, ina Chathaoirleach ar Chomhairle na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus ina bhall den Chomhairle Stáit. Is i gcáil phearsanta a scríobh sé an t-alt seo.

Foclóir: treochtaí - trends; Araibis - Arabic; coimirce - patronage/protection; cúinsí - conditions; déabhlóidithe - devolved; sprioc - goal/objective.