FOCLÓIR: Mias – dish; spólann – carvery; cumha – nostalgia; comhábhair – ingredients; roisín péine – pine resin; táirgí grúmaeireachta– grooming products.
Tá cáil dhomhanda ar phasta, píotsa agus risotto na hIodáile. Nuair a chuimhnítear ar bhia na Fraince, is ar croissants, bouillabaisse agus coq au vin a smaoinítear go minic.
Ón tSeapáin a thagann sushi, ramen agus tempura, agus dá n-iarrfá ar Éireannach cárb as an tacó nó an burrito, chuile sheans go mbeadh a fhios aige nó aici gur de bhunús Mheicsiceo iad.
Tá an oiread sin clú ar na miasa seo go n-aithnítear iad mar shainmhiasa na dtíortha as ar eascair siad.
Ach céard faoi bhia dúchasach na hÉireann?
Is minic a chloistear caint ar chadal, ar bhacstaí, ar stobhach Gaelach nó ar chál ceannann, ach ní minic a fheictear iad ar an mbiachlár i mbialanna na tíre seo.
Déanann an staraí bia agus léachtóir ollscoile Máirtín Mac Con Iomaire iniúchadh ar stair an chadail sa leabhar History on Your Doorstep, foilseachán nua de chuid Leabharlanna Bhaile Átha Cliath.
Dar le Mac Con Iomaire, ar cócaire gairmiúil é freisin, bíonn claonadh ag daoine miasa nua nó miasa ón gcoigríoch a thriail nuair a bhíonn siad amuigh ag ithe seachas miasa dúchasacha a roghnú.
“Go minic nuair a théann daoine amach le bia a ithe, bíonn siad ag iarraidh rud éicint a ithe nach mbeadh acu sa bhaile,” a dúirt sé.
“Agus, nuair a smaoiníonn tú air, níl an oiread sin bialann in Éirinn a d’fhéadfá a rá gur bialanna Éireannacha iad.”
“An rud is gaire a gheobhaidh tú ó thaobh bia Éireannach de ná an bia a gheobhaidh tú i spólann,” a dúirt sé.
“Tá sé níos éasca burgairí agus pasta agus píotsa a réiteach ag ceapadh gurb é sin atá ag teastáil ón ngnáthphobal.”
Trádáil idirnáisiúnta
Tá cáil idirnáisiúnta ar chomhábhair dhéiríochta agus feola na hÉireann, ach céard faoi na miasa traidisiúnta?
“Bíonn daoine ag ceapadh nach bhfuil cultúr bia in Éirinn,” a dúirt Mac Con Iomaire. “Ní hé amháin go bhfuil cultúr bia in Éirinn, ach tá cultúr áitiúil bia i gceantair éagsúla freisin,” a dúirt sé.
“Tá cadal i mBaile Átha Cliath, tá bacstaí thart ar Liatroim agus an Cábhán agus tá an blaa i bPort Láirge.”
“Ach nuair a smaoiníonn muid ar bhia, stopann muid agus críochnaíonn muid leis an nGorta Mór. Ní bhreathnaíonn muid siar níos faide ná é, agus ní bhreathnaíonn muid ar ar tharla ó shin,” a dúirt sé.
Ag dul i bhfad siar sa stair, i bhfad sular gearradh taraif ar bith ar earra Éireannach, bhí an-chuid trádála ar siúl idir na críocha seo agus an choigríoch.
“Nuair a rinne siad anailís ar ghruaig Fhear Chluain Uí Chaomháin \[corp ársa daonna ar thángthas air i bportach i gContae na Mí in 2003\], tháinig siad ar roisín péine ina chuid gruaige a tháinig isteach ó dheisceart na Fraince nó ó thuaisceart na Spáinne,” a dúirt Mac Con Iomaire.
“Bhí uaisle na hÉireann ag tabhairt táirgí grúmaeireachta isteach ón Mheánmhuir breis agus 2,000 bliain ó shin. Má bhí siad á dhéanamh sin, bhí fíon agus branda agus spíosraí ag teacht isteach ar an mbád céanna,” a dúirt Mac Con Iomaire.
“Bhí muiceoil agus caoireoil agus mairteoil agus bradáin agus leathar agus gach rud eile á n-easpórtáil. Níor fhág bád ar bith folamh, sin mar a d’oibrigh rudaí.
“Tá an scéal i bhfad níos spéisiúla ná mar a múineadh dúinn ar scoil,” a dúirt sé.
Cadal
Foilsíonn Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath eagrán den leabhar History on Your Doorstep, mar chuid d’Fhéile Staire Bhaile Átha Cliath chuile bhliain.
San eagrán is déanaí, ina bhfuil alt Mhic Con Iomaire foilsithe, iarradh ar aoiscríbhneoirí agus ar staraithe ailt a scríobh faoi ghnéithe éagsúla de shaol na cathrach.
Roghnaigh Máirtín Mac Con Iomaire - agá ina léacht an cúrsa Gastranamíocht agus Staidéar Bia in Ollscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath - cadal mar ábhar dá chaibidil.
“Tá an-spéis agam sa chadal le fada an lá,” a dúirt sé.
“Ispíní, bagún, fataí agus oinniúin - na ceithre phríomhrud. Ní slisínní bagúin a d’úsáid siad fadó, ach píosaí beaga bagúin a bhí fágtha ag an mbúistéir tar éis dó a bheith ag gearradh slisínní.”
Mar a tharlaíonn le beagnach gach mias, bhí leaganacha éagsúla den stobhach seo ann - cadal donn agus bán ina measc.
Chun cadal donn a dhéanamh, friochtar na hispíní ar dtús chun dath donn a chur orthu. Ansin cuirtear paicéad d’anraith damhfheola, nó bovril, leis chun dath níos dorcha a thabhairt don mhias.
“Bhí a mbealach féin ag chuile dhuine,” a dúirt Mac Con Iomaire. “Chuireadh daoine feoil áirithe isteach ann - duáin agus scamhóga, easnacha bagúin agus croíthe ina measc. Is rud fíor phearsanta an blas áitiúil sin, an rud lenar tógadh tú, tá saghas cumha bainteach leis,” a dúirt sé.
“Nuair a smaoiníonn tú ar stobhach, an stobhach is ansa linn ná an ceann lenar tógadh muid. Pé blas a bhí ag do mháthair air, má thaitin sé leat bheadh drogall ort stobhach duine ar bith eile a ithe.
Cé gur rugadh agus gur tógadh Mac Con Iomaire i mBaile Átha Cliath, níor ith sé cadal sa bhaile. “Ba as Liatroim mo mháthair agus as Conamara m’athair – ‘neither Coddle strongholds’ mar a deireadh Mícheál Ó Muircheartaigh,” a dúirt sé de gháire.
Ar cuairt i dteach cara leis a bhí sé nuair a bhlais sé an mhias uathúil seo don chéad uair. Bíonn idir ghean agus ghráin ar chadal agus mar a dúirt Mac Con Iomaire, “bhí drogall orm é a ithe de bharr an choincheapa – ispíní fiuchta seachas friochta, dath bán ar na hispíní, ní chuirfidís ocras ort!
“Ach nuair a bhlais mé é, thit mé i ngrá leis,” a dúirt sé.
Is minic a luaitear an cadal leis an gcosmhuintir sa bhéaloideas cathrach. D’fhéadfaí é a ithe mar bhricfeasta nó mar dhinnéar agus “is ó bhéal agus ó dhuine go duine – ó mháthair go hiníon go hiondúil – is mó a rinneadh seachadadh ar an oideas seachas i leabhra cócaireachta.”
Léirigh taighde mac léinn a rinne Sinéad McGlynn i bPáirc an Chrócaigh le linn cluiche Bhaile Átha Cliath go raibh máithreacha Baile Átha Cliathacha ag 70 faoin gcéad de na daoine a dúirt gur ith siad cadal.
“Chaith muid an lá ag Cnoc 16 agus sna tithe tábhairne áitiúla agus fuair sí breis agus 600 freagra. Bhí an oidhreacht chultúrtha sin an-spéisiúil. Is rud fíor-Bhaile Átha Cliathach é.”
Cé go raibh cáil ar leith ar Bhaile Átha Cliath i gcónaí maidir le hispíní agus putóga, luann Mac Con Iomaire an tionchar a bhí ag búistéirí Gearmánacha (luann sé na sloinnte Olhausen, Horlacher, Uzell, Hick agus Retz) a tháinig go Baile Átha Cliath 130 bliain ó shin.
Ach bhí búistéirí eile ón gcoigríoch ann roimhe sin freisin -na Huganaigh, mar shampla. “B’fhéidir go raibh lámh acu siúd sa gcadal,” a dúirt Mac Con Iomaire
“Tá strúisín acu sin freisin - an ‘Blanquette’ - sa traidisiún Francach. Ach cosúil le chuile rud, is rud daonna é an chócaireacht agus tá na traidisiúin chéanna le feiceáil ar fud an domhain.”
De bharr aeráid na hÉireann tá cúinsí iontacha ann chun táirgí déiríochta den scoth a tháirgeadh – “bainne, im, bláthach, uachtar agus cáis” rud a chuireann go mór leis an blas.
Luann Mac Con Iomaire comhrá a bhí aige leis an gcócaire Hugh Corcoran. Tá bialann cháiliúil aige i Londain ar a dtugtar The Yellow Bittern.
“Bhí seisean ag rá nuair a dhéanann siad cadal i Londain nach é an rud céanna é - nach ispíní Éireannacha atá ann, nach oinniúin Éireannacha atá ann agus nach fataí Éireannacha atá ann.”
Mar a mhíníonn Mac Con Iomaire, is féidir le rud chomh bunúsach leis an uisce tionchar mór a imirt ar bhlas bia nó dí ar bith. “Is cuimhin liom málaí tae a thabhairt ar saoire go dtí an Chróit na blianta ó shin ach bhí blaiseadh iomlán difriúil air mar go raibh an t-uisce go hiomlán difriúil.
“Ní smaoiníonn daoine air. Is cuma céard atá á ullmhú agat, anraith, tae, strúisín nó pé rud é, tá na tosca seo ar fad ann.”
Ó tharla go raibh oiliúint chlasaiceach Fhrancach ag Mac Con Iomaire, ní aon ionadh mar sin é gur maith leis cur lena chadal féin, “Cuirim roinnt uachtair leis ag an deireadh le roinnt bheag saibhris a thabhairt don rud agus cuirim caineann ann freisin - rud an-traidisiúnta i gcócaireacht na hÉireann.”
Beidh History on Your Doorstep Vol 8 ar fáil saor in aisce i leabharlanna Bhaile Átha Cliath ón 12/08/25