Cluain na comhcheilge

Bíonn drochiarmhairt ar bhréaga na comhcheilge

"Is dóigh liom gurbh é Lee Harvey Oswald a chaith an t-urchar a mharaigh JFK agus nárbh iad na Cúbaigh ná Castro a bhí taobh thiar dó." Grianghraph: Reuters
"Is dóigh liom gurbh é Lee Harvey Oswald a chaith an t-urchar a mharaigh JFK agus nárbh iad na Cúbaigh ná Castro a bhí taobh thiar dó." Grianghraph: Reuters

Tá cleachtadh éigin againn ar chomhcheilgí bréagacha, nó ar chomhcheilgí gur dócha gan aon bhunús a bheith leo. Níl san amhras seo ach amhras an amhrasáin ar eagla go mbréagnófaí mé arís uair amháin eile. Fós féin, creidim gur thuirling daoine ar an ngealach agus nach cumadóireacht ghlan a bhí ann d’fhonn an ceann is fearr a fháil ar na Sóivéadaigh, agus níos tábhachtaí ná sin nach de cháis ghlas atá screamh an phláinéid déanta.

Is dóigh liom, leis, gurbh é Lee Harvey Oswald a chaith an t-urchar a mharaigh JFK agus nárbh iad na Cúbaigh ná Castro a bhí taobh thiar dó. Is féidir gur dream ar bith eile a bhí ar a chúla, gan amhras, an Mafia, an CIA, an KKK, Fronta Fuascailte na nAinmhithe, Muintir Manson, Brainse Davidian, nó Cumann na mBan féin.

Táim cinnte chomh maith nár éalaigh Hitler leis go dtí foraoiseacha Mheiriceá Theas agus go bhfuil sé fós i bhfolach i mball éigin ansiúd in aois a 136 bliana dó ag scéiméireacht agus ag pleanáil faoi choinne an Ceathrú Reich (cé gur dócha go mbeadh sé sásta go maith le cuid dá bhfuil ar siúl ina sheantír féin faoi láthair).

Ná ní cheapaim gur fear ba ea Gráinne Mhaol.

Bíonn drochiarmhairt ar bhréaga na comhcheilge, áfach, nuair a thosaíonn na daoine is measa ag géilleadh dóibh, mar a tharla nuair a síleadh go raibh plean ag an nGiúdacht Idirnáisiúnta (pé rud é féin) dul i gceannas an domhain agus nuair a cromadh ar ghéilleadh dó le holc agus go saonta. Imir den chineál machnaimh chéanna an ghamalacht go bhfuil a leithéid de rud agus ‘athchur mór an chine ghil’ ar bun agus dream anaithnid éigin á stiúradh ó Kinshasa, nó Caireo, nó Tehran, nó Béising, nó Katmandu, nó Timbuktu féinig. Nuair a ghabhann a leithéid faoin meabhair is deacair a ruaigeadh as go brách.

Rith seo ar fad liom nuair a d’airíos aon abairt amháin le déanaí. Nach lánait mar a mhúsclaíonn aon nath singilte aonair tú as an nglagaireacht agus an gogalach laethúil go léir a thagann ina thulca ar ár gcluasa? Níorbh é Netanyahu ag maíomh nach raibh aon ghorta in Gaza, ach an leathbhagairt a dhein sé ar an Ríocht mar dhea Aontaithe agus ar an Ridire Starmer go ró-áirithe nuair a thug seisean le fios go mb’fhéidir go dtarlódh ar ball - ní bheadh a fhios agat n’fheadaraís le barr seans agus neamhchorp dóchúlachta - go dtabharfaí aitheantas do stát Palaistíneach.

Ar eagla dímheabhraí cúpla lá a bheith ort, is é a dúirt sé dá mbunófaí stát Palaistíneach ar theorainneacha Iosrael agus sceimhlitheoirí ina bhun gur gairid go mbeadh sé ina chontúirt don Bhreatain féin. Samhlaím daoscar ocrach agus a gcuid easnacha ar fhís ag tochailt tolláin amach síos faoin Meánmhuir ag casadh siar ó thuaidh faoin Iodáil, an Eilbhéis, an Fhrainc agus síos go domhain faoin Ísiltír d’fhonn teacht aníos in aice le Londain agus an áit a ghabháil.

Is ea! Bhí airm ollscriostacha ag Saddam Hussein agus é réidh ullamh chun iad a scaoileadh siar ar thuras nach nglacfadh ach cúig nóiméad déag. Agus gabh agam ar é a dhúiseacht tar éis oiread sin ama, ach smaoinigh dá ‘dtitfeadh’ Vítneam do na Cumannaigh, ‘thitfeadh’ Laos agus an Chambóid agus an Téalainn agus sceimheal sin na hÁise ar fad soir amach. Ar fhaiteadh na súl deireanach, chonaic mé gur rialtas cumannach thar a bheith éiritheach atá in Vítneam agus gan an tuile dhearg gafa lastuas den chuid eile go fóill.

Is mó sin tuairim bhuile a thagann ar bráid. Uaireanta caithfidh tú do bhrathadóir bréige a thabhairt amach agus a bheith i do cheap céille ar feadh tamaill bhig.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar