Sceilpíní gabhair

Dúradh gurbh í bó Cháit Uí Laoire a thug speach do lóchrann faoi dear do thine mhór Chicago tosnú in 1871

Tharla léirsithe sa Bhaile Meánach an tseachtain cheana. Grianghraf: Liam McBurney/PA Wire
Tharla léirsithe sa Bhaile Meánach an tseachtain cheana. Grianghraf: Liam McBurney/PA Wire

Uair éigin i lár an naoú haois déag gabhadh falcóg mhór ar Stac an Armain, carraig oileánda gar do Hiort daichead míle amach ó chósta thiar na hAlban. Tá cuimhne faoi leith uirthi toisc gurbh í an ceann deiridh ar domhan í, cé nár chuir sin aon mhairg ar lucht a gabhála. Is amhlaidh gur cuireadh ar a triail í toisc gur ceapadh gurbh í faoi dear asarlaíochta ina bhfuair daoine bás, agus chuige sin daoradh í. Ar mhaithe na ndaoine sin nach n-aithneodh an difear idir an ostrais agus an spideog is é atá san fhalcóg mhór cineál éin nach raibh eitilt aici ach a raibh dealramh rud éigin idir piongain agus faoileán uirthi.

Níorbh aon nuacht é go gcuirfí triail ar ainmhithe éagsúla san Eoraip le linn na meánaoiseanna déanacha, agus b’í an mhuc bhocht an té ba choitianta ar a leagtaí an milleán. Bhíodh abhcóidí ann ar a son agus ina gcoinne, agus b’fhéidir go scaoilfí cuid acu saor. Tharla sin d’asal sa bhFrainc ach cuireadh pionós daorsclábhaíochta air ina ionad sin. Ba dhóigh leat gur sin an bheatha saoil a bheadh aige ar aon nós.

Is é bun a bhí leo go minic ná go gcaithfí milleán a leagadh ar rud éigin, ar dhuine éigin, ar mhuc éigin nuair a tharla tubaist nó anachain nó mírath i bpobal éigin, agus tugann pionósú sásamh don ainmhí duine de cheal aon réitigh eile.

Tá sé dona go leor nuair a chuirtear an milleán ar dhuine aonair san éagóir, ach is measa é nuair a shíntear sin don phobal lena mbaineann. Dúradh gurbh í bó Cháit Uí Laoire a thug speach do lóchrann faoi dear do thine mhór Chicago tosnú sa bhliain 1871, tine inar maraíodh trí chéad duine agus gur fágadh céad míle éigin gan díon os a gcionn. Lean an cáineadh sna nuachtáin agus cuireadh ina leith go raibh sí ar meisce ina leaba (toisc gurbh Éireannach í) agus gan a bheith i bhfeighil na bó. Tuigtear anois nach raibh aon bhaint aici ná ag crúb na bó leis an tine, ach níor fhág sin nár cuireadh leis an bhfuath agus leis an eagla a bhí ar chuid den phobal lonnaithe ar mhuintir na hÉireann a bhí ag plódú isteach.

READ MORE

Nuair a mhínigh saineolaithe na linne gurbh iad corpáin na maighdeana mara a bhí ag lobhadh ar chóstaí na hEorpa ba chúis leis an bPlá Mhór sa cheathru haois déag níor dhein sin aon dochar do na maighdeana mara eile a bhí ina suí ar charraigeacha ag ceol le linn an ama sin. Ach nuair a leathnaigh an bhréag gurbh iad na Giúdaigh ba bhun léi ba ghairid gur thosnaigh an ghéarleanúint, an scrios, an marú agus an díbirt.

Tháinig na drochsmaointe sin aníos as poll scodail m’intinne nuair a tharla na léirsithe agus na dóiteáin agus an ‘hob amach!’ sa Bhaile Meánach an tseachtain cheana. Cúisíodh beirt ógánach as ionsaí gránna mígheanasach gnéis ar an mbaile, agus tharla go raibh gá acu le hateangaire Rómánach sa chúirt. Ba leor sin leis an lasair a chur sa bharrach.

Mar a mhínigh bean óg ón mbaile céanna ar déanadh gach saghas brúidiúlachta gnéis uirthi suim bheag blianta roimhe sin, níor eagraíodh aon léirsithe d’aon tsaghas ar a son. A mhalairt, mar ba bhoc mór fear a hionsaithe. De sin, loighic shimplí, réasúnú naíonáin, ní raibh aon bhaint ag an gcúis chúirte le briogáid bhiogóideachta an cheantair dul i mbun oibre.

De sin, leis, an loighic shimplí naíonda a bhaineann le gach iarracht ar cheap milleáin a dhéanamh de ghrúpa, bhuíon, chine, aicme seachas den duine féin féinig féineach atá ciontach.

Ach cén bhaint atá ag loighic leis nuair atá claonchiníochas sa treis?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar