Beidh súile lucht iománaíochta na tíre dírithe ar Chluiche Ceannais Mionúr na hÉireann Dé Sathairn nuair a imreoidh Luimneach in aghaidh Thiobraid Árann i bPáirc na nGael, Luimneach. Dhá chontae is ea iad a bhfuil traidisiún láidir iománaíochta acu agus tá an dá fhoireann óga ar thairseach na staire. Tá cúlra spéisiúil ag an gcluiche seo mar gur bhuail an dá fhoireann lena chéile cheana féin i gcluiche ceannais na Mumhan níos túisce i mbliana. Ba iad Tiobraid Árann a bhí ag ceiliúradh an uair sin agus Craobh na Mumhan buaite acu den tríú huair taobh istigh de chúig bliana. Thug an cluiche sin léargas ar an tallann agus ar an gcumas atá sa dá chontae, sin agus deis don dá fhoireann bainistíochta staidéar a dhéanamh ar a chéile. Is cinnte go gcabhróidh an taithí sin leis na himreoirí agus iad ar an eolas faoi láidreachtaí agus laigí a gcéilí comhraic.
Ó bunaíodh Craobh Mionúr Iománaíochta na hÉireann in 1928, tá Tiobraid Árann ar bharr an rolla onóra le 22 theideal. Tá Cill Chainnigh sa dara háit le 21 agus Corcaigh sa tríú háit le 20. Ina dhiaidh sin tá Gaillimh le 14 theideal. Tá Luimneach sa seachtú háit ar an liosta agus trí chraobh Uile-Éireann acu. Bhuaigh siad in 1940, 1958 agus 1984. Beidh Tiobraid Árann ag iarraidh leas a bhaint as a dtaithí agus as a dtraidisiún sa chomórtas, agus beidh fir óga Luimnigh ag iarraidh an chéim dheireanach a thógáil agus corn na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1984 - breis is dhá scór bliain ó shin!
Beidh cruinneas ó na pocanna saora, smacht i lár na páirce agus cumas na gcosantóirí ríthábhachtach.
Bhuaigh Tiobraid Árann a gcéad teideal mionúr sa bhliain 1930 agus tá buaite acu i ngach ré ó shin. I measc na mbuaiteoirí is déanaí bhí foirne 2016, 2022 agus 2024. Léiríonn sé sin go bhfuil córas forbartha láidir fós sa chontae. I mbliana, tá meascán iontach de scil, luas agus fís imeartha léirithe ag foireann Thiobraid Árann. D’éirigh leo dul tríd an gcraobh le muinín agus léirigh siad díogras sna cluichí dúshlánacha a bhí rompu. Tar éis dóibh Corcaigh a shárú i gCluiche Leathcheannais na hÉireann, dheimhnigh siad a n-áit sa chluiche ceannais agus chuir siad in iúl go soiléir go bhfuil siad ag iarraidh an corn a thabhairt ar ais leo.
Cé nach bhfuil an oiread teideal mionúr ag Luimneach agus atá ag Tiobraid Árann, tá stair bhródúil acu féin sa chomórtas. Tá trí theideal Uile-Éireann Mionúr buaite ag Luimneach agus cé go bhfuil breis agus dhá scór bliain caite óna mbua deireanach, tá an contae ag déanamh dul chun cinn suntasach le blianta beaga anuas. Tá borradh mór tagtha faoi iomáint Luimnigh ó leibhéal na sinsear go leibhéal na n-óg. Tá an rath atá bainte amach ag foireann sinsir Luimnigh le deich mbliana anuas tar éis inspioráid a thabhairt do ghlúin nua iománaithe. Tá na himreoirí óga seo ag teacht tríd an gcóras le féinmhuinín agus iad réidh le dul san iomaíocht leis na contaetha is fearr sa tír.
READ MORE
Bhí taispeántas den scoth ag Luimneach sa chluiche leathcheannais nuair a bhuaigh siad ar Ghaillimh le scór láidir údarásach: 1-26 i gcoinne 1-15 Léirigh siad cumas scórála iontach agus cosaint dhaingean, rud a fhágann go mbeidh siad thar a bheith contúirteach sa chluiche ceannais.
Bhuail Tiobraid Árann Corcaigh sa chluiche leathcheannais eile ag tús na míosa. 5-18 in aghaidh 2-19 an scór deiridh a bhí ann. Is é James Woodlock atá i gceannas ar fhoireann mhionúr Thiobraid Árann - seo é an séú séasúr aige mar bhainisteoir orthu. Tá dhá theideal Uile-Éireann mionúr buaite aige cheana féin leis an gcontae, in 2022 agus 2024. Tá Luimneach faoi stiúir Diarmuid Mullins, fear a bhfuil taithí mhór aige ar bheith ag obair le foirne faoi aois agus threoraigh sé Luimneach chuig teidil na Mumhan sna blianta 2019 agus 2020.
Tá roinnt imreoirí den scoth ar fhoireann Thiobraid Árann a bhí lárnach ina bhfeachtas i mbliana. Is é Conor Collins atá ina chaptaen agus níl aon amhras faoi ach gur ceannaire láidir ar an bpáirc é. Is é Shane Ryan leaschaptaen na foirne agus is imreoir é a thugann fuinneamh don fhoireann. Is mór an buntáiste é freisin go bhfuil roinnt imreoirí eile ar an bpainéal a bhí páirteach leis an bhfoireann anuraidh, rud a thugann taithí luachmhar craoibhe dóibh. Tá meascán de scil agus d’uaillmhian ag foireann Luimnigh chomh maith. Is é Shane Waters (a imríonn leis Na Piarsaigh) captaen na foirne agus duine de na himreoirí is suntasaí ar an bpainéal. Chomh maith leis sin, is imreoir tábhachtach é Eamon O’Sullivan, tosaí a bhfuil cumas mór scórála aige, in éineacht le Rian Horgan.
I gcluichí móra mar seo, is minic a bhíonn na mionsonraí tábhachtach. Beidh cruinneas ó na pocanna saora, smacht i lár na páirce agus cumas na gcosantóirí ríthábhachtach. Tá tosaithe an-láidir ag Tiobraid Árann agus tá siad in ann cúilíní a aimsiú i bhfad amach. Ar an taobh eile, tá luas agus fuinneamh Luimnigh tar éis fadhbanna móra a chruthú d’fhoirne eile i rith na craoibhe. Is cluiche ceannais Uile-Éireann é seo, agus deis órga do na himreoirí óga seo.
Níl aon amhras ach go mbeidh cluiche corraitheach idir an dá fhoireann agus é ar cheann de bhuaicphointí na bliana iománaíochta. Tá stair, traidisiún agus uaillmhian ag baint leis an dá fhoireann. Tá Tiobraid Árann ag lorg a 23ú teideal Mionúr Uile-Éireann agus ag iarraidh cur lena gcáil mar an contae is rathúla sa chomórtas. Maidir le Luimneach, is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh deireadh a chur leis an bhfanacht fada agus an ceathrú teideal Uile-Éireann sa chomórtas a bhaint amach don chontae. Cibé toradh a bheidh ann, tá rud amháin cinnte – beidh cuid de réaltaí móra iománaíochta na todhchaí le feiceáil ar an bpáirc, agus beidh lucht leanúna an dá chontae ag súil le coimhlint iontach ag an deireadh seachtaine.
Foclóir:
tairseach = threshold
céilí comhraic = opponents
borradh = surge/upsurge
uaillmhian = ambition
údarásach = authoritative/commanding
daingean = firm/solid
cruinneas = accuracy/precision
ríthábhachtach = crucial/vitally important










