Scéal dhá oileán, scéal dhá theanga

Tá an Ghaeilge agus an tSicilis faoi bhrú ar chúiseanna éagsúla ach tá an inspioráid chéanna ar fáil don dá phobal teanga

An trá in Marsala, Trapani, sa tSicil. Grianghraf: iStock/Getty
An trá in Marsala, Trapani, sa tSicil. Grianghraf: iStock/Getty

‘Mórchuid cloch is gannchuid cré.’

Sin an cur síos allabhrach a rinne Máirtín Ó Direáin ar Inis Mór Árann tráth agus é ag machnamh ar ‘sceirdoileán’ álainn úd a óige agus a chuimhne.

Is cumhachtach an íomhá í a d’fhóirfeadh do go leor áiteanna ar fud chósta thiar na hÉireann ach is ar oileán níos faide i gcéin a bhí mé féin nuair a tháinig an frása chugam arís ar na mallaibh.

Iarthar na Sicile an ceantar a raibh mé ag fánaíocht ann, áit a mbuaileann sléibhte loma aolchloiche agus cnoic scrobarnaí ghaineamhchloiche le cladaigh chaola agus le bánna bogthaise. Is dúiche aoibhinn í gan amhras, fíniúnacha agus crainn ológ ag fás ar na machairí, spéir ghléghlan os do chionn, agus an ghrian ar dhath an oráiste dheirg ar thitim di isteach sa mhuir le clapsholas.

Labhair le muintir na háite áfach agus gheobhaidh tú amach gur ag coraíocht leis an tsaol a bhí a sinsir go minic. Tá an talamh creagach, an chré tanaí, agus an t-uisce gann. Agus ní gá a rá nach i bhfeabhas a rachaidh na dálaí sin sa tréimhse atá le teacht. Ní dhearnadh an oiread céanna infheistíochta sa tSicil is a rinneadh i gceantair eile san Iodáil i gcaitheamh na mblianta agus cé gur foinse mhór fostaíochta í an turasóireacht inniu, go háirithe le linn an tsamhraidh, ní leor í le gach duine a choinneáil sa bhaile.

View of white rock cliff Stairs of the Turks or Scala dei Turchi at the mediterranean coast during golden hour at sunset, Realmonte, Sicily, Italy
View of white rock cliff Stairs of the Turks or Scala dei Turchi at the mediterranean coast during golden hour at sunset, Realmonte, Sicily, Italy

Fágann na gnéithe sin uilig gur fada fairsing an taithí atá ag bunadh an oileáin ar an eisimirce agus gur beag Sicileach nach bhfuil gaolta aige nó aici sa Róimh nó in Buenos Aires nó i mBaile Átha Cliath nó i Nua-Eabhrac.

Mar sin de, cé gur mór idir uiscí gormghlasa na Meánmhara agus farraigí fiáine Fódla, tá cosúlachtaí ann, ó thaobh tírdhreacha agus sochaí de, a thabharfadh lón machnaimh duit lá ar bith den bhliain.

Réimse amháin áfach ina bhfuil difear spéisiúil idir an dá oileán ná cúrsaí teanga. Tá teanga dhúchais ag Éirinn agus ag an tSicil araon ach is mór idir a stádas agus a staid.

Teanga Rómánsach í an tSicilis, nó sicilianu, atá gaolta leis an Iodáilis ó thuaidh ach a d’fhorbair go neamhspleách uirthi thar na céadta agus atá aitheanta ag UNESCO mar theanga ar leith inti féin. Is iomaí dream a leag cos ar thalamh ársa na Sicile ó thosaigh an duine daonna ag treabhadh na dtonnta - Féinícigh, Gréagaigh, Arabaigh, Normannaigh, Catalónaigh - agus tá an éagsúlacht cultúr sin le cluinstin i bhfocail agus i bhfuaimeanna na teanga inniu. Cé go bhfuil sí faoi bhrú ag neart na hIodáilise caighdeánaí, tá suas le cúig mhilliún duine a bhfuil labhairt na Sicilise acu i gcónaí agus tá dlúthbhaint idir an teanga agus féiniúlacht an oileáin. In ainneoin an phobail shuntasaigh cainteoirí áfach, sin agus traidisiún saibhir litríochta a théann siar go dtí an 13ú haois, níl aon stádas oifigiúil ag an tSicilis. Níl áit bhuan aici sa chóras oideachais; níl láithreacht cheart aici sna meáin chumarsáide; agus ní úsáidtear í i dtionól réigiúnach na Sicile ach oiread. Tá grúpaí feachtasaíochta teanga ann go deimhin, agus tá dul chun cinn áirithe déanta, ach is teanga bhaile í go príomha a labhraítear idir baill teaghlaigh, le comharsana agus le cairde.

Sciacca, baile in iarthar na Sicile. Grianghraf: iStock/Getty
Sciacca, baile in iarthar na Sicile. Grianghraf: iStock/Getty

Is ag an taobh eile den speictream atá muidne Gaeil ar ndóigh. Tá an stádas againn, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta; tá an infheictheacht againn; tá an maoiniú stáit againn; tá na stáisiúin raidió agus teilifíse againn; tá earnáil na foilsitheoireachta agus an aistriúcháin againn; tá an Ghaelscolaíocht againn. Tá tuilleadh le déanamh gan amhras ar bith, go háirithe sna Gaeltachtaí agus sa Tuaisceart. Is ceart agus is cóir agus is cuí cur leis na codanna sin ar fad de shaol na teanga - iad a chothú, a mhéadú, a leathnú - ach ar a laghad tá siad againn. Is é an rud a bhfuil muid gann air ná trúpaí ar an talamh.

Os a choinne sin, tá na cainteoirí ag an tSicilis - an tairseach chriticiúil sin a bhfuil ríthábhacht léi agus a dtabharfadh muidne an leathchuid de Chontae na Mí féin uirthi - ach fágann an easpa cosanta agus an díth aitheantais agus an ganntanas polasaithe gur ag snámh in aghaidh easa a bhíonn pobal a labhartha go minic.

Dhá theanga áitiúla ar dhá oileán Eorpacha ach iad beirt leochaileach, beo ach faoi bhagairt, ar chúiseanna éagsúla.

Agus na gaotha saobha thart orainn ag borradh agus ag bogadh - ó thionchar creimneach na mórchultúr domhanda ar aghaidh go dtí an éiginnteacht pholaitiúil agus an anachain aeráide a deir saineolaithe atá ag teannadh linn - ní deacair a shamhlú go gcuirfear leis an leochaileacht sin thuasluaite sna blianta agus sna glúnta atá le teacht.

Níl réiteach simplí ar na dúshláin atá roimh aon phobal atá ar choimirce na haimsire athraithí nó a bhfuil a dteanga dhúchais i mbaol, ach seans go bhfuil ceacht éigin le fáil i gcur chuige Uí Dhireáin féin. D’fhág an file Inis Mór ach níor fhág Inis Mór a chroí riamh. Tabharfar ár ndúshlán agus cuirfear féachaint ar ár seasmhacht ach cibé áit a mbeidh muid - sa bhaile nó i gcearn eile den chruinne - beidh muid i gcónaí in ann an teanga agus an talamh, na focail agus na fréamhacha, a thabhairt linn agus a chothú inár n-anam istigh. Ní leor é le teanga ná le saol oileáin a shábháil, ach b’fhéidir go dtabharfadh an muintearas sin an t-uchtach agus an tsamhlaíocht dúinn le léim thar an chéad chliath eile ar an chosán.

Foclóir:

an tSicilis = Sicilian

íomhá = image

aolchloch = limestone

gaineamhchloch = sandstone

tairseach = threshold

go neamhspleách = independently

láithreacht = presence

éiginnteacht = uncertainty