Oileán an Oilbhéasa

Bhí ról lárnach ag Manainn sa smuigléireacht i Muir Éireann ar feadh na gcéadta bliain

Trá Yn Niarbyl, cuan Phurt ny hInshey, ar Oileán Mhanainn. Grianghraf: iStock/Getty
Trá Yn Niarbyl, cuan Phurt ny hInshey, ar Oileán Mhanainn. Grianghraf: iStock/Getty

Breathnaigh cé atá ag teacht! Seo an fear máil

Codail tusa a laoichín

Ar lorg uisce beatha nó fíona

Codail tusa a laoichín

Nuair a thiocfaidh na Sasanaigh orainn

Ní bhfaighidh siad aon rud as bealach

Lig dóibh teach an bháid a chuardach

Is beag atá ann anois ach scadán!

In Arrane Ben Drogh Hraghtalagh (Amhrán Mná Smuigléara), amhrán traidisiúnta ó Oileán Mhanann, úsáideann bean an tí suantraí i nGaeilge Mhanann chun rabhadh a thabhairt dá fear céile gur chóir dó a chontrabhanna a bhogadh cionn is go bhfuil an málfheidhmeannach ar a bhealach. Tarraingítear chun cuimhne ann cleachtadh a bhí ar bun go forleathan ar an oileán san 18ú haois: is é sin, an smuigléireacht.

Is mar gheall ar a stádas uathúil mar thiarnas feodach nach mór uathrialaitheach a thuill Oileán Mhanann áit lárnach i líonra smuigléireachta Mhuir Éireann. Ó thús an 15ú haois, bhí an t-oileán faoi ardtiarnas teaghlaigh uasail ó Shasana: clann Stanley, iarlaí Derby. Bhí cead ag Tiarnaí Mhanann a ndleachtanna custam féin a shocrú. Agus ó tharla go raibh na rátaí custam a chuir muintir Stanley i bhfeidhm sa 16ú agus sa 17ú haois i bhfad Éireann níos ísle ná rátaí na Breataine Móire, is gearr gur tuigeadh do cheannaithe iomadúla go bhféadfaí teacht i dtír ar an neamhréir sin.

Bhí smuglaeirí an-ghníomhach i Muir Éireann san ochtú aois déag (© The Trustees of the British Museum, released as CC BY-NC-SA 4.0)
Bhí smuglaeirí an-ghníomhach i Muir Éireann san ochtú aois déag (© The Trustees of the British Museum, released as CC BY-NC-SA 4.0)

Aon táirge ar gearradh dleacht custam air, d’fhéadfaí é a smuigleáil. Is iad tae, rum, branda, fíon, tobac agus ciarsúir ba rogha leis na smuigléirí – earraí a raibh ráchairt mhór orthu i measc chustaiméirí na linne.

Bhí go leor Éireannach orthu siúd a mealladh le boladh an bhrabúis, mar aon le Manannaigh, Albanaigh, Sasanaigh agus Breatnaigh. Forbraíodh tionscal neamhdhleathach ollmhór, a tharraing le chéile ceannaithe, bádóirí agus smuigléirí, chomh maith le daoine eile nach raibh baint dhíreach acu leis an choiriúlacht, amhail mairnéalaigh thrádála agus na cúipéirí a rinne na bairillí beaga ab fhearr leis na smuigléirí.

I ndiaidh earraí a iompórtáil (go dleathach) go Manainn agus na dleachtanna a íoc, tógadh faoi rún iad go hÉirinn, go Siorrachd Àir na hAlban, go tuaisceart Shasana agus go dtí an Bhreatain Bheag i mbáid bheaga a dtugtar ‘coití’ orthu. Anuas ar na bádóirí Manannacha, bhí cáil ar fhir choite Ros Eó i gContae Átha Cliath.

I ndiaidh earraí a iompórtáil (go dleathach) go Manainn agus na dleachtanna a íoc, tógadh faoi rún iad go hÉirinn, go Siorrachd Àir na hAlban, go tuaisceart Shasana agus go dtí an Bhreatain Bheag i mbáid bheaga a dtugtar ‘coití’ orthu.

Bhíodh smuigléirí ag fanacht ar an chósta chun na hearraí a thabhairt i dtír agus a iompar chuig na custaiméirí. In ainneoin na scéalta, ní minic a bhain siad úsáid as pluaiseanna: b’fhearr an contrabhanna a bhogadh a ghasta agus a b’fhéidir. Uaireanta, cuireadh sciar beag de na hearraí i leataobh chun ciúnas mhuintir na háite a cheannach.

Bhíodh na fir choite agus na smuigléirí ag obair i gcomhpháirt leis na ceannaithe. Is ag na ceannaithe a bhí an t-airgead chun na bearta a mhaoiniú agus an scil chun earraí a roghnú lena ndíol ar an turas anonn go Meiriceá, go Muir Chairib nó chun na hEorpa, agus margaí a aontú leis na díoltóirí thall. Don chuid is mó, d’fhág na ceannaithe an obair ba chontúirtí – is í sin, na hearraí a smuigleáil isteach sa Bhreatain Mhór – faoi na bádóirí agus na smuigléirí.

I gcás an tobac, chuathas i mbun calaois a bhí beagán níos casta. Bhí dleacht ard ar an tobac sa Bhreatain Mhór, ach d’fhéadfaí aisíocaíocht a fháil dá gcuirfí ar aghaidh ina dhiaidh sin é lena dhíol san Eoraip. Is é an cleas a bhí ann ná an tobac a iompórtáil chun na hEorpa trí Shasana agus an aisíocaíocht a fháil, ansin é a thabhairt go Manainn, mar ar athrófaí a mharcanna aitheantais. As sin, thabharfaí isteach chun na Breataine Móire arís é faoi rún.

Níorbh fhéidir an trádáil sa tobac a scaradh ó uafás na daoirse (íomhá - fearann poiblí)
Níorbh fhéidir an trádáil sa tobac a scaradh ó uafás na daoirse (íomhá - fearann poiblí)

Rith Rialtas na Breataine dlíthe éagsúla in iarracht dul i ngleic leis an smuigléireacht, agus cuireadh longa máil ar patról i Muir Éireann. Bhí fuar acu, áfach. Cé gur gabhadh corrlasta agus corr smuigléir, lean an trádáil neamhdhleathach ar aghaidh gan stad gan staonadh – go deimhin, ba mhó an bhagairt do na ceannaithe na fiacha a d’eascair as an chorrlasta a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó ná na húdaráis custam. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, is beag cuidiú a fuair na fir custam ó Thiarna Mhanann: nuair a ghabh an málfheidhmeannach George Dow airgead a bhí i bhfolach ar choite Éireannach i nDoolish Mhanann, ghabh údaráis an oileáin eisean agus a chriú as gadaíocht.

Faoi lár an 18ú haois, bhí foighde Shasana caite. De réir meastachán a rinneadh sa tréimhse sin, bhí £700,000 (os cionn €80 milliún in airgead an lae inniu) á gcailleadh acu in aghaidh na bliana mar gheall ar “an oileán sin”.

Go luath sna 1750idí, moladh gur chóir do Choróin na Breataine Manainn a cheannach, ach ba leasc le Diúc Atholl, arbh é Tiarna Mhanann faoin am sin é, scaradh lena oidhreacht. Ní raibh oidhre an diúic, James Murray, tríú Diúc Atholl, toilteanach an t-oileán a dhíol ach oiread, ach bhagair na Sasanaigh go bhfaigheadh siad é ar ais nó ar éigean. Cé gur impigh ceannaithe éagsúla air athchomhairle a dhéanamh, tuigeadh do Murray nach raibh an dara suí sa bhuaile ann.

Ritheadh Acht Ceannaigh Oileán Mhanann ar an 10 Bealtaine 1765: dhíolfaí Manainn le Coróin Shasana ar £70,000 (€8.3 milliún inniu). Cúig lá ina dhiaidh sin, ritheadh an tAcht um Smuigléireacht (“Acht an Oilbhéasa”) – a cuireadh faoi bhráid Theach na dTeachtaí ag tús na bliana ach nárbh fhéidir a chur i bhfeidhm agus an t-oileán fós i lámha Thiarna Mhanann. Ghlac na Sasanaigh seilbh ar an oileán ar an 21 Meitheamh.

Long thrádála, le Francis Holman, c. 1762. Íomhá: Fearann poiblí/National Maritime Museum
Long thrádála, le Francis Holman, c. 1762. Íomhá: Fearann poiblí/National Maritime Museum

Níor chuir Acht an Oilbhéasa deireadh leis an smuigléireacht láithreach – mar is léir ón amhrán sin thuas. Bhí an lámh in uachtar ag na Sasanaigh anois, áfach, agus de réir a chéile, tháinig laghdú ar an trádáil neamhdhleathach. D’fhill cuid de na ceannaithe Éireannacha, Albanacha agus Sasanacha a bhí ag baint fúthu ar an oileán ar a n-áit dúchais. Thosaigh roinnt ceannaithe ag baint úsáid ag saorphoirt eile, amhail Geansaí agus Faró Thuaidh, ach ní raibh siad sin chomh háisiúil do smuigléirí Mhuir Éireann.

Ba bhuille tubaisteach é an tAcht Ceannaigh (ar thug na Manannaigh “An Chealg Mhór” air) ní hamháin don smuigléireacht, do gheilleagar agus d’fhéinriail an oileáin ach do Ghaeilge Mhanann freisin. Méadaíodh go mór ar an teagmháil le Sasana ina dhiaidh, ar an inimirce, an eisimirce agus an turasóireacht, agus de réir mar a d’éirigh an Béarla riachtanach, méadaíodh ar líon na Manannach a thug droim láimhe lena dteanga dhúchais. Ba bheag suim a bhí ag Sasana i rialú an oileáin ach na Manannaigh iad féin a iompar mar is cóir, agus le himeacht ama, tugadh saoirse dóibh a ndlíthe féin a dhéanamh arís (cé nach mór do Choróin na Breataine iad a fhaomhadh), ach bhí an teanga i mbaol a díothaithe sular éirigh le díograiseoirí í a athbheochan.

I dtaca leis an smuigléireacht, sa lá atá inniu ann, is minic a rómánsaítear smuigléirí na mblianta a chuaigh thart. Mar sin féin, anuas ar an choiriúlacht agus corrbhabhta foréigin, bhí baint dhíreach nó indíreach ag sciar suntasach de rannpháirtithe líonra smuigléireachta Mhuir Éireann le cleachtas sár-ghránna. Tháinig an tobac agus an rum ó phlandálacha Mheiriceá agus Mhuir Chairib, mar a raibh an daoirse i réim. Is ó úinéirí sclábhaithe a ceannaíodh na táirgí agus ghlac ceannaithe áirithe páirt sa trádáil sclábhaithe féin.

In 2020, d’iarr an grúpa feachtasaíochta Coimisiún Hardy ar Rialtas Mhanann ról an oileáin sa trádáil sclábhaithe a chur ar churaclam na scoileanna. Foilsíodh cúpla tionscadal staire ó shin inar tugadh léargas ar an scéal náireach, ach – mar is amhlaidh i bhformhór mór na dtíortha a raibh páirt acu ann – tá tuilleamh gníomhartha ag teastáil chun cúiteamh a dhéanamh i bpeacaí ár sinsear.

Foclóir

málfheidhmeannach - customs officer

tiarnas feodach - feudal lordship

uathrialaitheach – autonomous

díothú - extinction / eradication

rómánsaítear - is romanticised

daoirse – slavery/bondage

contrabhanna - contraband