Buailfidh muid inniu leis an fhocal a scríobhtar mar ‘corr’. Is iomaí brí agus ciall atá leis an fhocal seo agus is fada na bríonna éagsúla sin leis. Pléifidh muid le cuid acu inniu agus tuilleadh acu lá éigin eile.
Is dócha gurb é an bhunchiall a bhí leis mar fhocal ‘rud éigin a bhí ag gobadh amach’. As sin a tháinig an chiall coirnéal (caol) atá i samplaí mar corr an bhoird/tábla/tí. In amanna eile ciallaíonn sé ‘gob géar caol’ mar atá in corr scine/ pionna/snáthaide.
Tá rud eile a chuidíonn linn an focal seo a thuiscint i gceart – is é sin an dá fhuaimniú éagsúla a bhíonn ar an fhocal i nGaeilge Uladh. Is doiligh an dá fhuaimniú ar leith a léiriú sa scríobh ach nuair a deirtear an guta in corr mar a deirtear an ‘u/o’ sna focail Bhéarla ‘cut, son’ bíonn na cialla a luaigh mé thuas i gceist. Más fuaim mar atá sna focail Bhéarla ‘dog, rod’ a deirtear áfach, bíonn an chiall ‘odd, eccentric’ leis an fhocal. Is fuaim mar atá san fhocal Béarla ‘cow’ a deirtear i nGaeilge Chonnacht. Fágfaidh muid an méid sin go fóill.
Mar sin, nuair a deirtear corr an dorais ciallaíonn sé ‘the door edge’ nó amuigh ar an chorr ciallaíonn sé ‘on the outer edge of a promontory’. Deirtear ceann tíre agus rinn sna canúintí eile. Tabhair faoi deara an frása cuir ar a chorr é a chiallaíonn ‘turn it on its edge/side’. Is é an chéad chiall atá i gceist sa tsampla deiridh seo.
READ MORE
Ach is í an chiall aisteach/neamghghnách an chiall is minice a bhaintear as an fhocal inniu b’fhéidir - duine corr, an ceann corr agus is é an focal Béarla ‘odd’ is fearr leis an chiall seo a aistriú. Agus ar ndóigh tá an focal seo coitianta ar an éan dá ngoirtear ‘heron, stork, crane’ air i mBéarla – an chorr mhóna, an chorrghlas. Is ceist shuimiúil í anois an mar gheall air gur ar an uaigneas a mhaireann na héin sin a tugadh an t-ainm orthu!
Ach tá scaipeadh fairsing ar an chiall seo mar a léiríonn na focail seo a leanas – corrfhocal ‘an odd word’, corrlá ‘an odd day, some days’, corrdhuine ‘an occasional person’, corr shúgáin ‘a rope twister’, corrthónach ‘restlessness’ agus an frása deas sin uair chorr na hóiche a chiallaionn ‘the dead hour of the night’.
Baineadh síniú eile céille as an fhocal corr agus tá seans ann gurb í an chiall garbh nó éagothrom a bhain leis na háiteanna a mbíodh daoine ag tagairt dóibh trí úsáid a bhaint as an fhocal corr a ba chúis leis. As sin a tháinig an focal corrach chugainn. Is ag tagairt do shléibhte nó do thalamh nach raibh cothrom a bhíodh sé i dtús báire ach leathnaigh an chiall chuig gnéithe eile den teanga. Seo samplaí den úsáid sin – saol corrach ‘troubled times’, stól corrach ‘a shaky stool’, codladh corrach ‘uneasy sleep’. Is minic fosta a deirtear agus daoine ag tagairt don farraige Tá an fharraige corraí, rud a chiallaíonn garbh.
Is dócha gur as sin a tháinig an focal corraí a bhíonn ag Ultaigh go minic in áit an fhocail fearg atá níos coitianta sna canúintí eile - mar shampla Tháinig corraí orm ‘I was moved to anger’, tá corraí uirthi ‘She is angry’. Tá an leagan cainte Ná corraigh ‘Don’t stir’ againn i nGaeilge fosta agus ciallaíonn sin fan san áit a bhfuil tú. Ciallaíonn sé go bunúsach fanacht socair agus gan a bheith ag bogadach thart.
Tá cuma ar an scéal go bhfuil baint idir an focal seo corr agus focail a chuireann in iúl go bhfuil rud éigin sa bhreis nó sa bharraíocht i gceist sa chiall atá leo. Is síniú de chineál eile an bhrí seo ach tá sé intuigthe nuair a smaoiníonn tú air gur rud éigin sa bhreis atá i gceist – rud a shíltear a bheith aisteach nó corr, más maith leat. Seo samplaí den rud atá i gceist – corrlach beag ‘a little extra’, corradh le dhá chéad duine ‘more than two hundred people’.
Tá tuilleadh ann ach caithfidh sé fanacht go lá éigin eile.
Nóta: Ba mhaith liom ceartú beag a dhéanamh ar phíosa a bhí i m’alt ‘Ó ghaol go fuath’ an tseachtain seo caite, ar eagla míthuisceana.
Is ceadmhach ‘col le rud’ agus ‘col do rud’ a úsáid cé acu duine nó bia/deoch éigin a bhíonn á úsáid leis an fhocal col. Braitheann an úsáid go minic ar an bhriathar a úsáidtear - Tá col aige le X, Ghlac sé col le X ach thug sé col don iasc, fheoil, léamh srl. Tá súil agam go soiléiríonn an méid sin an scéal.
Foclóir: Ag bogadach = moving, stirring
Ag gobadh amach = protruding
Aisteach = strange, unusual
Ar an uaigneas = in solitude, in a lonely place
Ceann tíre = headland
Gob géar = sharp edge/tip
Gob scine = tip of a knife
Guta = a vowel
Rinn = point, tip (of)













