Tá Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar an “nimh agus naimhdeas” atá léirithe ag an ngníomhaire dílseach Jamie Bryson atá i mbun agóid dhlíthiúil i gcoinne comharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Bhéal Feirste faoi láthair.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt an Coimisinéir Pól Deeds go raibh sé den tuairim go raibh cásanna cúirte á dtógáil chun moill a chur ar a chuid oibre.
Dúirt sé, “Tá a fhios agam go bhfuil an t-iarratasóir sa chás cúirte maidir leis an Mhórstaisiún ag rá cuid mhaith ar na meáin shóisialta faoi láthair agus tá cúpla duine eile sa saol polaitiúil ag rá rudaí iontach diúltach fúmsa, faoin Acht, faoi Oifig an Choimisinéara, agus faoin Ghaeilge go ginearálta.”
“Creidim go bhfuil sé seo ag tarlú chun cuidiú le dearcadh polaitiúil áirithe atá in éadan na Gaeilge. Ní chreidim go bhfuil sé le leas an phobail mar atá an duine seo ag maíomh.
READ MORE
“Cé go bhfuil nimh agus naimhdeas aigesean, tá dlí agamsa agus beidh mé ag déanamh mo dhíchill an dlí sin a chur i bhfeidhm.
“Tá daoine ag rá go leanúnach go bhfuil siad in éadan chur i bhfeidhm na bhforálacha seo mar a bhaineann leis an Ghaeilge - ní chreidim féin go bhfuil sé sin go hiomlán dleathach agus beidh mé á cheistiú sin.
“Tuigeann siad nach féidir leo stop iomlán a chur le rudaí ach is cinnte go bhfuil siad ag iarraidh moill a chur ar rudaí, agus gach seans go n-éireoidh leo mar is léir go bhfuil tacaíocht ag teacht don duine áirithe sin ó áit éigin.”
Dé Céadaoin seo caite, tugadh cead do Bryson idirghabháil a dhéanamh sa chás cuairte atá Conradh na Gaeilge ag tógáil i gcoinne Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann agus an Aire Pobal.
Maíonn an Conradh gur theip ar an bhFeidhmeannas agus ar an Aire a ndualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh de réir Chomhaontú Chill Rímhinn mar nach bhfuil straitéis Ghaeilge curtha i bhfeidhm acu.
Tugadh “stádas rannpháirtíochta” do Bryson sa chás seo de bharr a agóide dlí faoi fhógraíocht dhátheangach i Mórstáisiún Bhéal Feirste agus tá an baol ann go mbeidh moill ar a chás féin má bhíonn an dá chás ar siúl ag an am céanna.
Dúirt breithimh san Ard-Chúirt go gcuirfear plean le chéile an mhí seo chugainn faoin gcaoi a rachfar i ngleic leis an dá agóid dhlíthiúla seo.
Tugadh “stádas rannpháirtíochta” do Chonradh na Gaeilge sa chás atá á thógáil ag Jamie Bryson.
Chomh maith leis sin tá Ann McClure – atá ina hurlabhraí comhionannais ag páirtí an TUV - ag déanamh agóid dhlíthiúil i gcoinne rialacha vótála Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi láthair.
Maíonn McClure go sáraíonn polasaí Gaeilge na Comhairle dlíthe a bhaineann le cosaint ar leasanna mionlaigh.
Dúirt dlíodóirí atá ag McClure go raibh cur chuige na Comhairle cosúil le cur chuige a tógadh in Louisiana sna 1930idí, agus iad ag labhairt san Ard-Chúirt Dé Luain seo caite.
Ina theannta sin, chuir Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Hilary Benn ordú um thosach feidhme i bhfeidhm Dé Céadaoin maidir le forálacha don Ghaeilge san Acht Féiniúlachta agus Teanga.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil cumhachtaí anois ag an gCoimisinéir caighdeáin dea-chleachtais d’úsáid na Gaeilge sa saol poiblí a dhréachtú, agus comhairle, tacaíocht agus treoir a chur ar fáil.
Cé gur ceapadh an tUasal Deeds mar Choimisinéir i mí Dheireadh Fómhair, ní raibh ach cumhachtaí bunúsacha riaracháin aige go dtí seo.
Dúirt an tUasal Deeds, “Anois tá sé soiléirithe ag an Rúnaí Stáit, agus ag Oifig Thuaisceart Éireann, agus ag Parlaimint Westminster féin, go bhfuil cumhacht agam dul i mbun comhairliúchán le daoine maidir leis na caighdeáin dea-chleachtais.”
“An fáth a bhfuil sé sin tábhachtach ná, is dócha go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil daoine áirithe sa saol polaitiúil atá, is cosúil, in éadan chur chun cinn na Gaeilge. Tá siad siúd ag ceistiú an tionchair a bheas agam, agus na gcumhachtaí atá agam.”
Dúirt an Coimisinéir freisin áfach go bhfuil obair le déanamh fós maidir le stádas dlíthiúil na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Dúirt sé, “Nílimid pioc níos soiléire. Níl ann ach gur rún soiléir é ón rialtas ag rá go n-aithníonn siad go hoifigiúil stádas na teanga.”
“Is dul chun cinn áirithe é, ach tá sé go fóill doiléir ó thaobh na céille atá leis an stádas sin.
“Beidh orm é sin a chíoradh le daoine sa saol dlí le comhairle dlí a fháil ar an cheist sin. Tá seans ann fiú go mbeidh mé féin bainteach leis an sainmhíniú sin.”














