Scéimeanna Ealaín na Gaeltachta

Na Ceithre hAirde: Scéimeanna ealaín, Éigse na Brídeoige agus daoine scothaosta gan dídean

Cuireann Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht tacaíocht suas le €15,000 ar fáil d’fhéilte ealaíon Gaeltachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge. Grianghraf: Ruth Brady
Cuireann Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht tacaíocht suas le €15,000 ar fáil d’fhéilte ealaíon Gaeltachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge. Grianghraf: Ruth Brady

Tá scéimeanna maoinithe a thabharfaidh tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla, d’eagraíochtaí ealaíon agus do ghrúpaí pobail i ngach réimse de na healaíona sa Ghaeltacht á bhfógairt ag Ealaín na Gaeltachta do 2026.

In 2025, le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta, ghlac 128,577 duine páirt in imeachtaí agus i dtionscnaimh ealaíon agus fostaíodh 2,023 ealaíontóir.

Is iad na healaíontóirí, na heagraíochtaí ealaíon agus na grúpaí pobail croí na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus is de bharr a gcuid cruthaitheachta agus díograise atá saol cultúrtha lán de shaibhreas agus éagsúlacht sa Ghaeltacht, agus bíonn imeachtaí spleodracha ealaíon ar siúl ó cheann ceann na bliana.

“Uirlis forbartha ríthábhachtach iad na scéimeanna maoinithe atá tar éis tacú leis an iliomad tionscadal agus ealaíontóirí Gaeltachta ón síol go dtí an bláth agus an toradh thar na blianta. Ón óige go dtí an aois, idir nuálachas agus leanúnachas, tacaíonn na scéimeanna seo le héagsúlacht ealaíne a spreagann agus a chothaíonn muid inár bpobail ar fud na Gaeltachta,” a dúirt Rachel Holstead, Príomhfheidhmeannach Ealaín na Gaeltachta.

I measc na scéimeanna tá Scéim na bhFeilte sa Ghaeltacht, Scéim Forbartha na nEalaíon sa Ghaeltacht, Scéim Síol, Scéim Sparánacht d’Ealaíontóirí Gaeltachta, Scéim Oiliúna, Scéim Treisiú agus Scéim Neartú.

Tugadh cuireadh d’eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe sa Ghaeltacht cur isteach ar an Scéim Cothú le clár ealaíon leanúnach a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge. In 2025, tríd an scéim, tugadh maoiniú do dhá ionad a bhí ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód – sin iad An Gailearaí sna Doirí Beaga i dTír Chonaill agus Áras Éanna ar Inis Oírr, chomh maith le Stiúideo Cuan ar an Spidéal agus Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne.

Tá gach eolas ar na scéimeanna maoinithe, chomh maith le comhairle agus tacaíocht, le fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon agus ó fhoireann Cuisle, clár óige Ealaín na Gaeltachta.

Is le maoiniú na Comhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta a thacaítear le healaíontóirí, le tionscadail pobail agus eagraíochtaí. Is le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a chuirtear na tacaíochtaí do réimse na hóige ar fáil. Gheofar gach eolas ar na scéimeanna seo ag www.ealain.ie

Beidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly i láthair ag oscailt Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach ar an Aoine, 30ú Eanair i gCathair Dónal, Uíbh Ráthach. Grianghraf: David Sleator/THE IRISH TIMES
Beidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly i láthair ag oscailt Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach ar an Aoine, 30ú Eanair i gCathair Dónal, Uíbh Ráthach. Grianghraf: David Sleator/THE IRISH TIMES

Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach

Tá borradh agus fás tagtha ar Éigse na Brídeoige atá á reáchtáil in Uíbh Ráthach, Contae Chiarraí, le 33 bliana anuas.

Is í an tUachtarán Catherine Connolly a dhéanfas an Éigse a oscailt go hoifigiúil ar an 30 Eanáir ar a 7 a chlog i gCathair Dónall.

Is ceiliúradh ar shaothar an fhile Paddy Bushe, ‘an file a shéid isteach’, a bheidh ar súil le linn na hÉigse i mbliana. Bhí Paddy ar dhuine de bhunathóirí Éigse na Brídeoige in 1993 agus tá sé gníomhach ann ó shin.

Beidh an fhilíocht lárnach ar an chlár agus beidh dhá leabhar á seoladh: Uncertain Passage le Paddy Bushe agus Ceol Uíbh Ráthaigh le Micheál Ó Siochrú ó Bhaile an Sceilg. Beidh an file Conallach, Cathal Ó Searcaigh, ag léamh filíochta le tionlacan ón cheoltóir Neil Martin ar an dordveidhilín oíche Dé hAoine.

Beidh seisiúin filíochta ‘Filí Leithinseacha’ ina mbeidh file déag ó Chorca Dhuibhne in éineacht le filí Uíbh Ráthaigh ar siúl thar an deireadh seachtaine.

Beidh Máire Breathnach ag léiriú ceol nuachumtha dar teideal ‘Glórtha Míleiseacha’, i dteannta sraith dánta ar théama Chlann Mhíle le Paddy Bushe, togra a mbeidh fís-ealaín le Holger Lonze ag dul leis.

Dúirt Cathaoirleach na hÉigse, Fíona de Búis, go bhfuil an fhéile ag dul i méid ó bunaíodh í in 1993. Dúirt sí go mbeidh nós na ‘mBiddies’, a bhíodh iontach láidir in Uíbh Ráthach ar oíche na Féile Bríde, á chleachtadh arís acu i mbliana agus daltaí as na scoileanna áitiúla ar an stáitse gléasta agus iad ag rince agus ag canadh.

Beidh ceol ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine le Breanndán Ó Beaglaoigh, Steve Cooney, Ailean Domhnallach, Máire Breatnach, Tola Custy, Tim Dennehy mar aon le scoth na gceoltóirí ó Uíbh Ráthach féin, Róisín Ní Riain, Peter agus Róisín Mullarkey agus Clare Horgan.

Léiríonn an tuarascáil is déanaí go bhfuil 267 duine atá 65 bliain nó níos sine ar an liosta lóistín éigeandála i mbliana. Grianghraf: Bryan O’Brien
Léiríonn an tuarascáil is déanaí go bhfuil 267 duine atá 65 bliain nó níos sine ar an liosta lóistín éigeandála i mbliana. Grianghraf: Bryan O’Brien

Daoine scothaosta gan dídean

Léiríonn tuarascáil ó Chlann Shíomóin go bhfuil ardú mór tagtha ar an líon daoine amach sna blianta atá gan dídean. Rinne an tUachtarán Catherine Connolly an tuarascáil a sheoladh ag Ollscoil na Gaillimhe ar na mallaibh.

Léiríonn an tuarascáil go bhfuil 267 duine atá 65 bliain nó níos sine ar an liosta lóistín éigeandála i mbliana.

Is cosúil go bhfuil cíos ard, pinsean íseal agus luach na dtithe in Éirinn ag cur leis an fhadhb agus ag cur daoine atá ag dul anonn in aois ó dhoras.

Deirtear sa taighde go mbíonn éifeacht ag easpa dídine ar mheabhairshláinte daoine agus iad ag streachailt ar go leor bealaí dá bharr.

Dúirt an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta Kevin O’Donnell go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Rialtas lámh chuidithe a chur ar fáil do dhaoine níos sine maidir lena riachtanais tithíochta trí spriocanna bliantúla a leagan síos do gach údarás áitiúil le tuilleadh tithíocht shóisialta a chur ar fáil dóibh. Dúirt sé go dtáinig ardú 83% ar líon na ndaoine scothaosta a bhí ag iarraidh teach a fháil ar cíos san earnáil phríobháideach idir 2016 agus 2022. Dúirt an tAire go raibh gach iarracht á déanamh súil a choinneáil ar an fhadhb seo lena chinntiú nach rachaidh sé as smacht.