Is é a dúirt Vladimir Ilyich Lenin le linn Réabhlóid na Rúise in 1917: ‘Bíonn blianta fada ann nach dtarlaíonn aon rud; agus bíonn seachtainí ann ina dtarlaíonn blianta fada.’
Agus ord domhanda nua á thuar ag na tráchtairí, sin í an chuma atá ar chúrsaí idirnáisiúnta sna seachtainí ó shleamhnaíomar isteach in 2026.
Ba é fuadach Uachtarán Maduro Veiniséala ag tús na míosa a sceimhligh ceannairí domhanda agus a chuir tráchtairí ag maíomh go bhfuil an t-ord domhanda a bhí i réim ón Dara Cogadh Domhanda faoi ionsaí agus ord nua ar na bacáin. Anuas air sin, agus taom misnigh air de bharr gur éirigh leis i gCaracas, thosaigh an tUachtarán Trump ag bagairt ar thíortha eile go gcaithfidís a bheith ar a n-airdeall.

Faoi lár mhí Eanáir bhí a shúil ag Trump ar ar a laghad sé thír, ina measc tíortha Mheiriceá Laidinigh amhail an Cholóim, Meicsiceo, Cúba agus Panama; an Iaráin; agus an ceann ba mhó a chuir iontas agus scanradh ar cheannairí Eorpacha, an Ghraonlainn. Ba bheag an dealramh é le hord nua agus is fearr aithne air mar bhulaíocht agus lámh láidir bhagrach.
READ MORE
Ba léir sa teagasc slándála nua a d’eisigh na Stáit Aontaithe mí na Nollag ná gur leas na Stát Aontaithe a bhuaicphointe. Rinneadh tagairt don Monroe Doctrine a chuir an tUachtarán James Monroe amach in 1823 agus a rinne soiléir ceannaireacht na Stát Aontaithe ar a leathsféar féin. Nuair a chuir an Teach Bán íomhá amach an lá ceannann céanna a fuadaíodh Maduro, íomhá ina raibh grianghraf de Trump agus na focail ‘is linne an leathsféar seo’ i litreacha móra air, ní raibh duine ar bith dall ar cad dó a bhí sé ag tagairt.
Ba dhuairc an chuimhne í. Cé nach raibh sé ar a chumas ag tír óg SAM sa 19ú céad gníomhú go hiomlán de réir a bhriathair, is ó thús an 20ú haois gur léirigh sé cad ba chiall le teagasc Monroe. Idir 1898 agus 1932 rinne SAM ionsaí míleata 34 uair i naoi dtír i Meiriceá Laidineach, an chuid is mó acu i Meiriceá Láir agus i Muir Chairib. Ghlacadar seilbh thar thréimhse blianta ar Chúba, an Phoblacht Dhoiminiceach, Háítí agus Nicearagua.
D’athraigh cur chuige SAM sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus níor sheol siad trúpaí, seachas go Grenada in 1983 agus Panama in 1989 chun rialtais nua a chur i gcumhacht. Ach, le faitíos go raibh pobal Mheiriceá Laidinigh ag teacht faoi thionchar an Chumannachais, bhíodar ag obair faoi choim ag tacú le fórsaí armtha timpeall an réigiúin rialtais tofa a chur as oifig nuair a cheap Washington go rabhadar as a smacht.
Ní hionann mar sin an cur chuige atá ag Trump agus an tslí ar chuir SAM teagasc Monroe i bhfeidhm go dtí seo.
I measc na gcásanna ba bhrúidiúla bhí an Bhrasaíl (1964), an tSíle agus Uragua (1973) agus an Airgintín (1976) mar gur cuireadh rialtais mhíleata i gcumhacht a rinne cos ar bolg ar a bpobail féin. Ceann de na huirlisí ba éifeachtúla a bhí ag ceannairí Meiriceánacha ná Scoil na Meiriceánach i bPanama inar thraenáil arm SAM oifigigh airm ó thíortha an réigiúin i modhanna céasta agus in idé-eolaíocht fhrith-chumannach. Ba iarmhic léinn an choláiste sin go leor de cheannairí na rialtas míleata ar fud Mheiriceá Laidinigh.
Mar sin, ní haon ionadh é go gceaptar go bhfuil Trump ag filleadh ar na seanlaethanta sin. Ach, ba léir ón bpreasócáid ag ar labhair Trump agus a Rúnaí Stáit agus Rúnaí Cogaidh níos déanaí an mhaidin a fuadaíodh Maduro nach amhlaidh atá. Mar bhí sé follasach láithreach nach raibh plean dá laghad oibrithe amach acu faoi cad a thiocfadh sna sála ar ghabháil Maduro. Nuair a thagair Trump go mbeadh Rubio agus Hegseth i bhfeighil ar chúrsaí ar an talamh i Veiniséala, bhí an t-iontas le feiceáil go soiléir ar a n-aghaidheanna.

Ba é an ráiteas ba dhochreidte ag an bpreasócáid sin ná go rabhadar chun réimeas Maduro a fhágáil i gcumhacht, cé go bhfuil buaiteoir thoghcháin 2024 ar buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána í, Maria Corina Machado, réidh chun cumhacht a ghlacadh le tacaíocht fhormhór phobal Veiniséala. Ceapann Trump gur féidir leis na Stáit Aontaithe a toil a chur i bhfeidhm trí bhagairtí ó chian agus is cuma leis rialtas a fhágáil i gcumhacht a imríonn cos ar bolg ar a phobal féin.
Ní léir fiú cé mhéad feidhmeannach Meiriceánach atá i Veiniséala faoi láthair. Cé go raibh Trump agus a fhoireann ag cáineadh shóisialachas Maduro go géar, ligeadar don leasuachtarán Delcy Rodriguez gníomhú mar uachtarán feidhmeach cé gur sóisialach go smior í ó bhí sí óg.
Ní bheadh ciall leis ach amháin nach raibh aiféaltas dá laghad ar Trump a mhaíomh gurb é a bhí uaidh ná ola Veiniséala. Cé gur féidir leis an ola a easpórtálann Veiniséala faoi láthair a dhíriú go SAM, beidh sé i bhfad níos deacra air a áiteamh ar cheannairí comhlachtaí ar nós ExxonMobil agus ConocoPhillips an infheistíocht ollmhór atá de dhíth ar thionscal ola na tíre a dhéanamh agus iad feasach faoi chostais sócmhainní tréigthe á mbagairt.
Ní hionann mar sin an cur chuige atá ag Trump agus an tslí ar chuir SAM teagasc Monroe i bhfeidhm go dtí seo. In agallamh leis an New York Times, d’admhaigh an tUachtarán nach bhfuil gá leis an dlí idirnáisiúnta agus go leanann sé a mhoráltacht féin, cé gur deacair do dhaoine a thuiscint cad é sin seachas a ego, a leas agus a mhaoin féin a chur chun cinn. Faoi chur chuige Monroe ní raibh scrupall ar SAM an dlí idirnáisiúnta a shárú ar son a leasa féin, ach faoi Trump ní léir polasaí ná straitéis dá laghad a bheith ann agus é ag athrú a intinne ó lá go lá gan cloí le hábhar ar bith thar lá nó dhó.
D’éirigh leis fuadach Maduro a bhaint amach gan mórán dochair dá shaighdiúirí féin (cé gurb é a mhalairt le scrios agus bás na Veiniséalach), ach scéal eile ar fad a bheadh ann i gcás ionsaí ar Chúba nó ar an Iaráin. Tá eacnamaíocht agus seirbhísí sóisialta Chúba ar an ngannchuid le fada ach bainfidh easpa ola Veiniséala an bonn de. Má chuireann Trump a ladar isteach, d’fhéadfadh an córas titim as a chéile agus bheadh rabharta inimirceach ag déanamh ar SAM dá thoradh.
An t-aon rud is féidir a rá i bhfabhar Trump ná nach ligeann sé air go bhfuil sé ag gníomhú ar mhaithe le spriocanna uaisle, an tsibhialtacht, leas an phobail nó pé cur i gcéill a d’úsáidtí anallód. Bhí frith-Mheiriceánachas go láidir i measc phobal Mheiriceá Laidinigh le fada an lá agus is beag dabht ach go bhfuil ag treisiú leis de bharr eachtraí Trump. Tá an lá ag Trump go dtí seo ach tá sé ag carnadh trioblóidí dá thír a mhairfidh i bhfad.
Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta agus Polasaí Poiblí in Ollscoil Luimnigh é Peadar Kirby agus údar leabhar ar eacnamaíocht pholaitiúil na forbartha in Éirinn agus i Meiriceá Laidineach, agus ar an trasnú go sochaí iarcharbóin. Bhain a chéad úrscéal ‘Misean go Peñiscola’ duais smach i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2024.












