Sáinn ar an mbóthar

Tá cás conspóideach Dhroim Crí ar ais sa nuacht arís tar éis beagnach 30 bliain

Thionóil baill den Ord Oráisteach ag eaglais Dhroim Crí ag an deireadh seachtaine. Theip ar a gcuid iarrachtaí máirseáil ar Bhóthar Gharbhachaidh, áit ar sheas líon mór cónaitheoirí agus tacaithe leo, in éadan an mhórshiúil. Grianghraf: Peter Morrison/PA Wire
Thionóil baill den Ord Oráisteach ag eaglais Dhroim Crí ag an deireadh seachtaine. Theip ar a gcuid iarrachtaí máirseáil ar Bhóthar Gharbhachaidh, áit ar sheas líon mór cónaitheoirí agus tacaithe leo, in éadan an mhórshiúil. Grianghraf: Peter Morrison/PA Wire

Tá idir aontachtaithe agus náisiúnaithe ag labhairt faoin bhaol atá ann anois d’institiúidí Chnoc an Anfa i ndiaidh leamhsháinn ar Bhóthar Gharbhachaidh thar an deireadh seachtaine.

Theip ar iarrachtaí an Oird Oráistigh mórshiúl a reáchtáil ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, ar an Domhnach mar gheall ar shluaite móra náisiúnaithe a tháinig amach le cur i gcoinne na paráide achrannaí. I gcinneadh a chuir iontas ar go leor daoine, Dé hAoine seo caite thug Coimisiún na Mórshiúlta cead don iarratas a rinne an tOrd Oráisteach siúl tríd an cheantar, ina bhfuil tromlach na gcónaitheoirí ina náisiúnaithe.

Seo an chéad uair le 28 mbliana a thug Coimisiún na Mórshiúlta cead don mhórshiúl áirithe seo dul ar aghaidh, rud a bhain siar as daoine ar fud an Tuaiscirt agus níos faide i gcéin mar gheall ar an stair thragóideach chonspóideach atá ag baint leis.

Bhí lá fada ag cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus ag baill den Ord Oráisteach sna cúirteanna Dé Sathairn agus cinneadh an Choimisiúin athraithe san Ard-Chúirt, ach ceadaíodh an mórshiúl arís ag an Chúirt Achomhairc go fíorluath maidin Dé Domhnaigh.

Níor tharla an pharáid sa deireadh de bharr na sluaite móra de chónaitheoirí agus dá lucht tacaíochta a líon Bóthar Gharbhachaidh le bac a chur ar bhaill den Ord an mórshiúl a chur i gcrích. Chuir Póilíní an Tuaiscirt, an SPTÉ, in iúl dóibh nach raibh sé de chumas acu an mórshiúl a éascú mar gheall ar an líon ard daoine a bhí ar an bhóthar. D’fhán gach dream ina seasamh an lá ar fad agus cé go ndearnadh cúpla iarracht tús a chur leis an mhórshiúl, ní raibh bealach ar fáil dóibh.

Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin go raibh cinneadh Choimisiún na Mórshiúlta ‘dothuigthe’ agus ‘mícheart’ agus d’iarr Príomh-Aire na Breataine Andy Burnham go mbeadh ‘suaimhneas’ ar gach taobh. Labhair sé faoin dul chun cinn atá déanta sa Tuaisceart le 30 bliain anuas agus nár chóir na forbairtí seo a chur i mbaol.

Mar sin féin tá todhchaí agus feidhmiú na n-institiúidí deabhlóidithe á gceistiú faoi láthair agus idir an DUP agus Sinn Féin ag labhairt ar an ábhar.

Mar fhreagra ar an cheist faoi sheasmhacht na n-institiúidí, dúirt an Céad-Aire Michelle O’Neill go bhfuil ceist ann anois maidir le “cén dóigh a n-oibríonn an próiseas síocháin ina iomláine”.

Dúirt an DUP go raibh Michelle O’Neill agus na daoine eile a bhí ar an léirsiú in éadan an mhórshiúil ag sárú an dlí, agus dúirt ceannaire an pháirtí Gavin Robinson gur cúis náire a bhí ann go raibh sí i láthair. Ag tús an lae Dé Domhnaigh, dúirt Carla Lockhart MP go dtiocfadh le ‘impleachtaí móra’ a bheith ann sa chás nach bhféadfadh an mórshiúl dul ar aghaidh.

Tá brú ag teacht ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant seasamh isteach agus cosc a chur ar an pharáid dul ar aghaidh. Tá cainteanna ar siúl an tseachtain seo idir é féin agus na páirtithe polaitíochta, agus le cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh, le hoibriú amach cad é an bealach is fearr chun teacht ar réiteach a bheadh sásúil do chách. Tá an chumhacht ag an Státrúnaí cosc a chur ar mhórshiúlta, cumhacht nach raibh Bryant ag iarraidh a úsáid agus é ag labhairt leis na meáin ag Comhdháil Bhliantúil Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana maidin Dé Domhnaigh. Bhí an-drogall air a ladar a chur isteach i ngnóthaí na bpéas nó Choimisiún na Mórshiúlta, ach anois go bhfuil an leamhsháinn ag dul ar aghaidh agus gan mórán cuma ar an scéal go mbainfear réiteach amach ar mhodh ar bith eile, táthar ag dúil go mbeidh ról níos gníomhaí le himirt aige.

Níl aon chomhartha ann go mbeidh páirtí ar bith toilteanach bogadh ón seasamh atá acu i láthair na huaire. Tá an DUP agus a lucht tacaíochta ag baint úsáid as an scéal seo chun ceisteanna a thógáil maidir le ról Shinn Féin san Feidhmeannas mar gheall nach raibh cead oifigiúil ag an léirsiú i gcoinne an mhórshiúil. Tá díchreideamh i measc páirtithe náisiúnacha agus ionadaithe polaitiúla eile, ó thuaidh, sa Phoblacht agus sa Ríocht Aontaithe gur chinn Coimisiún na Mórshiúlta cead a thabhairt don mhórshiúl agus go bhfuil an cheist seo á hardú arís beagnach 30 bliain.

Cainteanna cinniúnacha a bheidh ann an tseachtain seo agus réiteach á lorg ar an scéal. Ach, leis an aighneas agus na mothúcháin is féidir le cás Dhroim Crí a spreagadh i measc an phobail agus i measc polaiteoirí sa tuaisceart, tá baol ann gurb é seo tús an deiridh d’institiúidí Chnoc an Anfa go ceann tamaill.