Breis is 17,000 ciliméadar atá aerfort Sydney na hAstráile ó chlubtheach CLG Naomh Máirtín i Loch Garman. Ach b’fhiú go mór an turas abhaile a rinne Barry O’Connor nuair a rinne sé éacht leis an bhfoireann i bPáirc an Chrócaigh deich lá ó shin. Bua stairiúil le haon chúilín amháin a bhí ag Naomh Máirtín in aghaidh Sheamróga Bhaile Héil as Cill Chainnigh le Craobh Laighean a bhuachan den chéad uair riamh. Chuaigh Barry O’Connor go dtí an Astráil in 2019 chun an pheil Astrálach a imirt. Cé nach bhfuil sé ag imirt go gairmiúil ansin a thuilleadh, tá sé ag cur faoi sa tír le tamall anuas. Ach tháinig sé abhaile chun imirt le Naomh Máirtín ag deireadh an tsamhraidh anuraidh agus arís i mbliana.

Cúis bhróid d’iar-imreoirí agus do lucht leanúna an chlub a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh a bheith ag breathnú ar a gcuid laochra ag siúl suas céimeanna Ardán Uí Ógáin le Corn Uí Néill a ardú den chéad uair riamh. Bhí ábhar dóchais ag an gclub agus craobh shinsir iomána an chontae buaite acu den dara bliain as a chéile. Ina cheann sin, tá teideal idirmheánach peile an chontae tugtha leo i mbliana. D’imir O’Connor le peileadóirí chomh maith le hiománaithe an chlub. Mac is ea Barry leis an iar-iománaí idirchontae George O’Connor, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Loch Garman sa bhliain 1996.
Bhí Seamróga Bhaile Héil sa tóir ar an tríú craobh déag i gCúige Laighean.
Ba léir gur sheas an taithí idirchontae a bhí ag na deartháireacha Jack agus Rory O’Connor (col ceathracha do Barry) agus bhí ról lárnach acu in aghaidh Bhaile Héil ar an 6 Nollaig. Bhí sár-chluiche ag Jack O’Connor a d’aimsigh sé chúilín ón imirt agus bronnadh gradam laoch na himeartha air. Aon phointe dhéag a fuair a dheartháir Rory, trí chúilín ón imirt agus ocht gcinn ó phocanna saora. Ní raibh an t-imreoir idirchontae Adrian Mullen ar fáil do na Seamróga de bharr gortaithe. Bhris sé a ordóg níos túisce sa bhfeachtas.
Bhí Seamróga Bhaile Héil sa tóir ar an tríú craobh déag i gCúige Laighean. Níor bualadh iad i gcomórtas Laighean ó chaill siad in aghaidh an Abhalloirt - An Bealach in 2012. Cúig chluiche dhéag as a chéile a bhí buaite acu roimhe sin. Cúig Chraobh an Chontae a bhí buaite ag Naomh Máirtín i stair an chlub. Is iomaí casadh a bhí ag Naomh Máirtín agus iad sa tóir ar Chraobh Laighean den chéad uair. Bhuail an dá fhoireann le chéile in 2019 agus bhí an lá leis na Seamróga – cúig chúilín déag a bhí idir na foirne. An scór deiridh ná 5-19 in aghaidh 1-16. Deich mbliana roimhe sin in 1999, bhuail Naomh Máirtín Cill Mheasáin, curaithe na Mí, i gcluiche ceathrú ceannais Laighean ach chaill siad an cluiche leathcheannais in aghaidh Bhaile an Chaisleáin as Laois.
READ MORE

Chuir Seamróga Bhaile Héil tús láidir leis an gcluiche. D’aimsigh Eoin Cody an chéad chúl d’fhoireann Chill Chainnigh. Bhí 1-4 aimsithe ag na Seamróga gan ach naoi nóiméad caite. Idir ocht nóiméad déag a bheith caite agus leath ama - a bhuí le pocanna saora Rory O’Connor - d’éirigh le Naomh Máirtín seacht gcúilín a aimsiú le linn na tréimhse sin agus ní bhfuair Baile Héil ach cúl amháin. Ag leath ama, ba iad Naomh Máirtín a bhí chun cinn le cúilín amháin idir na foirne. 0-11 a bhí ag Naomh Máirtín agus 1-7 a bhí ag na Seamróga.
Idir an 37ú agus an 40ú nóiméad, d’éirigh le Baile Héil 1-3 a aimsiú gan ach 0-1 faighte ag Naomh Máirtín. Chuir cúl Niall Shorthall na Seamróga 2-10 in aghaidh 0-15 chun cinn. Ach tháinig freagraí ó Jack O’Connor, Michael Coleman agus Rory O’Connor. Ba dheacair na foirne a scarúint óna chéile agus sa chúig nóiméad déag dheireanacha, bhí siad ar comhscór cúig huaire… Bhí an chuma ar an scéal go mb’fhéidir go dteastódh am breise.
Ach léirigh an t-ionadaí Ben Stafford a chumas agus a chrógacht nuair a d’aimsigh sé an cúilín buacach tar éis 63 nóiméad. Dúirt bainisteoir Naomh Máirtín, Daithí Hayes, nach raibh iontas ar bith air gur aimsigh Stafford an cúilín deaslámhach sin i bhfad amach ón gcúl. Dúirt sé go gcuirtear buicéad lán le sliotair amach ar an taobh líne roimh thús na traenála. Is minic a thapaíonn Ben Stafford agus neart imreoirí eile an deis le cúilíní a aimsiú ó uillinneacha éagsúla. Cleachtadh a dhéanann máistreacht is cosúil agus cabhraíonn sciorta den ádh chomh maith céanna.
Tabharfaidh Naomh Máirtín aghaidh ar sheaimpíní Phórt Láirge agus curaidh na Mumhan, Baile Gunnair, i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an Domhnach i Staid Semple. Tá áit luachmhar i gCraobh na hÉireann le baint amach agus coimhlint chrua, ghéar, dhothuartha romhainn.













