Is siúinéir agus ealaíontóir é Phili Halton. Is é bunaitheoir agus stiúrthóir Chumann Clárscátála na hÉireann (ISA) agus na hirise clár scátála agus cultúrtha, Goblin. Tá sé ina chónaí in Inis Oírr, áit a n-oibríonn sé le daoine óga ar an oileán.

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
An chéad iris scátála Éireannach darb ainm The Wizard. Bhí sé iontach go bhféadfadh daoine in Éirinn rud mar sin a dhéanamh le pobal beag. Ba phobal beag a bhí ag scátáil anseo i gcónaí, ach rinne na daoine saothar iontach i gcónaí.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
READ MORE
Spreagann mo chairde mé. Is inspioráid mhór domsa Phil Evans agus Rich Gilligan mar scátálaithe agus ealaíontóirí Éireannacha. Tá obair iontach déanta ag an mbeirt acu leis an scátáil ar fud an domhain, agus tá siad tar éis í a úsáid chun gairm bheatha a bhaint amach. Is maith an rud é sin a fheiceáil do na scátálaithe óga.
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?
Nuair a oibrím le mo lámha ag tógáil rud éigin, stopaim ag smaoineamh. Tugann an obair láimhe deis machnaimh dom. Tagann smaointe chugam nuair a dhéanaim rud éigin difriúil, ach tá sé tábhachtach, nuair a thagann smaoineamh chugam, go scríobhaim síos é.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ar bhreá leat a bheith gníomhach ann nó ba mhaith leat a fhiosrú?
Thóg mo sheanmháthair comharthithíocht do na boicht ina ceantar féin i gContae na Mí gan aon airgead aici, ach d’éirigh léi sin a dhéanamh in éineacht leis an bpobal áitiúil. Ba bhreá liom rud éigin mar sin a dhéanamh de bharr mo scileanna tógála agus go gcreidim sa tógáil pobail. Lá éigin!
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Is dócha gurb é tógáil pháirc scátála Dhún Laoghaire agus an rampa ar Inis Oírr. Sin agus an obair a rinne an t-ealaíontóir le Goblin agus cruthú Chumann Clár scátála na hÉireann (ISA).
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Dúirt mo chara Emma O’Grady – ar ealaíontóir iontach í féin - gur múinteoir an-mhaith mé, maidir le rudaí nua a dhéanamh nó a thriáil. Is breá liom foghlaim le daoine, más rud é go bhfuil go leor scileanna agam ann cheana féin nó más rud éigin nua atá ann, is é an fhoghlaim agus an teagasc a thugann inspioráid dom.
Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Dúirt mo chomhairleoir ar scoil liom gur cheart dom scor den scátáil. Tá áthas orm nár dheineas amhlaidh mar thug sé an oiread sin áthais agus taithí dom sa saol. Tharraing go leor daoine droch-chlú ar an scátáil 15 bliana ó shin, ach buíochas le Dia tá sé sin ag athrú.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
La Haine, The Wire, agus The Destruction of Dublin le Frank McDonald. Is é an leabhar sin an bealach is fearr chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ar tógadh Baile Átha Cliath.
An raibh aon mhúinteoir inspioráideach agat?
Mhúin m’athair dom conas oibriú le mo lámha agus conas a bheith go maith le daoine. Tá obair chrua agus bród as do chuid oibre tábhachtach agus déanann sé sin i gcónaí.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Ba bhanaltra í mo mháthair agus ba thógálaí é m’athair. Is breá leo ceol agus léitheoireacht. B’fhearr liom spóirt go dtí go raibh mé i mo dhéagóir. Ina dhiaidh sin thosaigh mé ag spraephéinteáil, ag scátáil agus ag cruthú ealaíne.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar fhreastail tú cheana uirthi, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Elaine Malone ag féile Open Ear i mbliana ar Inis Airc. Féile iontach a bhí ann agus bhí sí thar cionn.
An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?
Currach a thógáil leis na déagóirí ar Inis Oírr. Táimid ag obair ar an bplean le bliain anuas agus fuair muid an t-adhmad go léir. Scéal fada atá ann, ach fuair mé an t-adhmad saor in aisce trí bhualadh le sagart as Baile Átha Cliath, Alan Hilliard, ag ceolchoirm Pink Floyd i Nua-Eabhrac anuraidh.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
Tá mé díreach i ndiaidh filleadh ó Nua-Eabhrac, áit a ndeachaigh mé chun taispeántas ealaíne le cara liom Domino Whisker agus Stu Callana fheiceáil in Manhattan. Taispeántas faoi litreacha a seoladh idir Nua-Eabhrac agus Éirinn le linn an Ghorta Mhóir a bhí ann, agus bhí an ealaín dochreidte. Rinne siad jab iontach agus táim an-bhródúil astu.
Cad iad na hionaid, gailearaithe, nó pictiúrlanna is fearr leat?
An Sugar Club ar Shráid Leeson, i mBaile Átha Cliath. Chuile bliain, bíonn taispeántas mór againn ann le Goblin, agus meallann sé daoine ó chuile áit sa tír. Tá na daoine agus an t-ionad go hiontach.
Cén cineál áite a spreagann thú?
D’fhéadfadh sé a bheith ina áit ar leith, seomra faoi leith, nó mothúchán áirithe nó staid intinne a bheith i gceist. Agus, Inis Oírr - an nóiméad a thagaim den mbád. Tugann na daoine agus an áit go leor suaimhnis agus inspioráide dom. Is féidir leis a bheith deacair uaireanta ach tá croí mór ag na daoine. Sin an áit ar cuireadh tús leis an iris Goblin freisin.
Cad é an comhthéacs oibre is aistí ina raibh tú riamh?
Rampa scátála a thógáil ar Inis Oírr. Táimid tar éis taisteal ar fud an domhain mar gheall ar an scátáil, agus is minic a théimid chuig áiteanna an-aisteach, ach baineann na scéalta is fearr liom leis an scátáil.
Cad iad do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Bíonn daoine bródúil nuair a labhraíonn siad cúpla focal ach is féidir leo a bheith eaglach freisin, ach ceapaim go bhfuil sé sin ag athrú. Tá an teanga ar fáil ar líne le go leor múinteoirí maithe saor in aisce faoi láthair agus is cabhrú é sin. Ceapaim freisin gur féidir léi a bheith ina bealach chun pobail nua a thagann go hÉirinn a nascadh le chéile. Ní teanga na bhfaisistithe í
Cad é do mhana?
Coinnigh ort a mhac!