Fin. Tebi Rex, ar a gcomhairle féin

Is é an tríú halbam le Tebi Rex an ceann deiridh a eiseoidh an banna. Labhair Matt Ó Baoill le Emma Ferrari.

Max Zanga agus Matt Ó Baoill ón mbanna Tebi Rex
Max Zanga agus Matt Ó Baoill ón mbanna Tebi Rex

Bítear ag caint ar manifestation go minic. D’fhéadfá a rá, áfach, nach bhfuil sa draíocht laethúil seo ach beart a dhéanamh de réir briathair. Agus sin é atá déanta ag an mbanna ceoil Tebi Rex. Nuair a d’inis Max Zanga le Matt Ó Baoill go raibh sé i gceist aige go ndéanfadh siad trí albam a eisiúint thar thréimhse deich mbliana, is ar éigean a chreid Matt gur ag insint na fírinne a bhí sé. Sin é go díreach an t-éacht atá bainte amach ag an mbeirt agus an tríú halbam - Fin. - leo á eisiúint acu mar fhocal scoir ar ghairm a mhair leathscór bliain.

“Tá rud éigin deas faoin uimhir trí. Mar a bheadh scéal maith ann. Tríológ! Ag deireadh an lae ní raibh uainn ach scéal a insint - agus d’inis!” a deir Matt go gealgháireach.

Scéal ar leith atá acu. Bhí siad i measc na gcéad ghrúpaí hip-hop in Éirinn ag am ar bhláthaigh an seánra, agus a d’oscail doirse do leithéidí Monjola, Denise Chaila, Curtisy, agus KhakiKid an lae inniu. Is beag bealach isteach a bhí ann an t-am sin do cheoltóirí le dath, ná le rapálaithe a chan le blas Éireannach. Cuireadh síos ar Tebi Rex go minic mar ‘ghníomhairí sóisialta’, ach dar leo nach raibh sé sin tuillte i gcónaí.

Matt Ó Baoill, Tebi Rex
Matt Ó Baoill, Tebi Rex

“Scríobh muid Men are Trash agus tugadh ‘feminist kings’ orainn. Scanraigh sé muid! Is amhrán é sin faoi na drochrudaí atá déanta againn féin. Níl an lipéad tuillte!”

Tá gné eile den scéal ann sa gcaoi ar deacair do cheoltóirí le dath aon rud a chruthú gan é a bheith polaitiúil, Max san áireamh. Níl siad dall air sin ach oiread, agus thapaigh siad an deis dul i ngleic leis le Ireland’s Full, amhrán a nascann Báidín Fheidhlimí agus scéal eisimirce na tíre seo le fáilte a chur roimh inimircigh an lae inniu.

Faigheann rudaí bás. Imíonn siad le sruth. Seo atá ann: is annamh a bhíonn deis ag banna slán a fhágáil lena ngairm mar is ceart.

An príomhscéal anseo áfach ná scéal grá, fás agus forbartha. “Is breá liom go bhfuil Matt agus Max óg amuigh ansin áit éigin, cairde óga cine measctha ag cruthú ceoil le chéile, agus go bhfuil muid inár n-eiseamláirí dóibh. Ag deireadh an lae is daoine muid a bhfuil grá againn dá chéile agus don rud a dhéanann muid. Ní gá don cheol a bheith snasta le bheith fiúntach. Is deas rud a chruthú, is deas feabhas leanúnach. Tá sé sin cool. Cruthaigh rud le cairde! Lipéad éadaí! Podchraoladh! Cuma cén rud, ach déan é. Má éiríonn leis, iontach. Mura n-éiríonn, beidh sé agat go deo fós.”

Pléann Fin. le coincheap an deiridh: deireadh le caidreamh, le saol, le gairm, deireadh leis an óige, deireadh leis an tsraith theilifíse ab fhearr leat, nó deoch an dorais ag deireadh oíche. Rian a sheasann amach ná And I’m Mad ina mbreathnaíonn an bheirt siar ar chothrom an ama seo dhá bhliain ó shin nuair a cailleadh máthair Matt. Tá an píosa corraitheach agus is léir arís an grá atá eatarthu, agus acu ar na daoine ina dtimpeall.

Tá mo thuairim phearsanta agam maidir le sruth agus timthriall an ama, mar a mhaireann ealaín, agus mar nach féidir damhna a chruthú ná a scrios, ach tá a thuairim féin ag Matt agus is críochnúil an tuairim é.

Max Zanga ón mbanna Tebi Rex
Max Zanga ón mbanna Tebi Rex

“An dtagann deireadh ceart le rud ar bith, dáiríre?” a fhiafraím de. “Ó, tagann, gan amhras,” ar seisean. “Faigheann rudaí bás. Imíonn siad le sruth. Seo atá ann: is annamh a bhíonn deis ag banna slán a fhágáil lena ngairm mar is ceart. Agus bhain muid leas bliana as sin fiú! Ach tiocfaidh lá nach labhróidh éinne fúinn a thuilleadh. Tiocfaidh lá agus déarfaidh Spotify For Artists liom ‘zero people listened today’. Agus déarfaidh daoine ‘mairfidh sé go brách toisc gur féidir filleadh ar an gceol i gcónaí!’ ach tiocfaidh lá nach bhfillfidh. Déarfaidh mo ghasúir liom ‘daid, is cuma linn faoin mbanna ceoil ina raibh tú’. Maróidh sé sin mé! Ach tá sé ceart go leor. Tá sé togha leabhar a chríochnú agus gan é a léamh arís. Amhrán a chloisteáil agus gan é a chasadh arís. Ní bheidh muid ag filleadh. Ní bheidh m’iar-chailín ag filleadh! Tagann deireadh le rudaí, agus tá sé sin ceart go leor. B’fhéidir go dtiocfaidh rud eile ina áit. Is féidir do mhachnamh a dhéanamh air chomh fada is gur mian leat. Bí sásta gur tharla sé, ach cuimhnigh go bhfuil sé thart. Ná bí ar an duine sin a dhéanann iarracht é a athbheochan. Ná cuir díomá ort féin. Ná bí ag súil go dtarlóidh sé arís, mar ní tharlóidh. Tarlaíonn rudaí ag am ar leith, ar chúis ar leith, agus sin é. Agus tá sé sin ceart go leor. Yeah. Oh god. Aw.”

Is ansin ar chríochnaigh Matt ag labhairt, agus meangadh geal ar a aghaidh.