Bhí an Taoiseach in Ollscoil an Droichid Chaim (nó Cambridge mar is fearr aithne air) le déanaí agus airgead á dhearlacadh air d’fhonn cathaoir le stair na hÉireann a bhunú ann. Níl mise ná tusa chun a bheith searbhphusach mar gheall ar sin agus a rá gurbh fhearr go scaipfí na seicilí ar stair na hÉireann abhus, cé go ritheann smaointe mar sin le daoine nach bhfuil chomh leathanaigeantach ná caoinfhulaingtiúil linne. San óráid bhreá uaidh dúirt sé nach dtabharfadh orainne eolas ar stair, dá fheabhas, gean a bheith againn ar Chromail.
Is é oighear an chúrsa, fad is atá stair easumhal threascrach na hÉireann, mar a déarfá, ar a dícheall ag creimeadh chreideamh na Sasanach iontu féin ón mbun aníos ná go bhfuil an ríora agus na huaisle ag iarraidh é a leagan ón mbarr anuas. Is chuige atáim ná céapar Andrew von Mountbattenburg Windsor Saxe-Coburg Gotha a bhíodh ina phrionsa tráth agus a d’fhéadfadh fós a bheith ina rí agus ina cheann ar an eaglais bhunaithe sa chás is go dtiocfadh de chor sa tsaol go ráineodh timpist mhí-ámharach i dtollán éigin do sheachtar eile ar a seal.
Táthar ródhian ar Andrew bocht, áfach. Tá an chuma air nár bronnadh aon éirim nó cúilfhéith faoi leith air…
Chaithfí a rá go mbeadh an Cromail céanna breá sásta go bhfuil prionsa amháin eile imithe den saol. Bhí bealach níos éifeachtaí aige le rí agus ríthe agus ábhar ríthe a ísliú, agus b’in cúpla orlach a bhaint díobh, de ghnáth ó na guaillí suas. Ní fhéadfadh go leor de mhuintir na hÉireann gan bá a bheith acu leis sin, óir tar éis an tsaoil tá foráil sa bhunreacht againn a choscann teidil uaisleachta.
Thóg sé tamall ar thíortha eile teacht suas linn, teacht ar aon rámh linn, ceacht an daonlathais a fhoghlaim, cleachtas na meánaoise a chur i leataoibh, nó go díreach, fás suas. Tá go leor eile ina bhfuil peacaí foréigneacha a sinsear fós mar náire dóibh. Gan trácht ar ár gcairde thoir, tá teaghlaigh ríogúla fós réimiúil san Eoraip dhaonlathach seo a maíonn cothromaíocht os comhair an dlí thairis ar chríocha barbartha eile an domhain. Sa chás is nach léann tú na hirisí daite is fearr leis na luaidreáin is déanaí agus an scannal is blasta tá ina measc pearsana a bhfuil Henri agus Haakon, Hans-Adam agus Alois, Gustav agus Guillaume, Sonja agus Silvia, William agus Willem, Letizia agus Leo orthu, dream a d’éileodh nach bhfuil feachtas Chromail agus Ropespierre agus Lenin agus Gavrilo Princip i dtraipisí fós.
READ MORE
Táthar ródhian ar Andrew bocht, áfach. Tá an chuma air nár bronnadh aon éirim nó cúilfhéith faoi leith air, agus ní bhfuair sé aon tseans oiliúint a fháil mar ghréasaí, mar shiúinéir, mar shúdaire, ná mar aoire muc, ionas go mbeadh sé úsáideach ar shlí éigin. Ní air atá an milleán nach mian le pobal fairsing na Breataine fuilaistriú iomlán a thabhairt don teaghlach ríogúil ionas go rithfeadh fuil na lábánach is na sráideánach is na dtútanánach ina gcuisleanna seachas an fhuil ghorm lofa ríogúil a bhfuil nimh faoi leith an aicmeachais agus na barrchéimíochta ceannais á truailliú.
Agus bhí Mícheál Martin ródhian ar Chromail. Dá mba gur chuir sé níos mó preabaire fear siar go Connachta seachas mar a dhein, is ródhócha go mbeadh craobh Éireann nó dhó ag Maigh Eo le cúpla céad bliain anuas. Mar cheannaire ar pháirtí poblachtánach ar nós Fhianna Fáil ba cheart go dtuigfeadh sé gur sin-sin-sin-seanathair a gcreidimh é Cromail a thuig go binn gurbh é an chéad rud a bhí le déanamh d’fhonn tithe a sholáthar don phobal agus seasamh ar son cothromaíochta in aghaidh an airgid, ná cur as don rí.
Dá mbeadh an lá le Cromail sa cheart ní bheadh aon Andrew ann. N’fheadar faoi Fhianna Fáil, áfach.













