Tús curtha inniu le #TrasnaNadTonnta

Iarracht ar bun chun naisc ar líne a chothú idir muintir na hÉireann, an diaspóra agus foghlaimeoirí Gaeilge ar fud an domhain

Tá tús curtha inniu le ‘Trasna na dTonnta’ - togra a chruthaíonn cibearGhaeltacht ar líne ar feadh cúpla lá chuile bhliain.

Tá súil ann go gcruthófar naisc idir muintir na hÉireann, an diaspóra agus foghlaimeoirí Gaeilge ar fud an domhain. Iarrtar ar rannpháirtithe an haischlib #TrasnaNadTonnta a úsáid agus iad ag déanamh caidrimh ar na meáin sóisialta thar thréimhse an fheachtais.

Beidh Gaeil timpeall na cruinne, idir ghlantosaitheoirí agus lucht na líofachta, ag tvuíteáil agus ag ceiliúradh na teanga leis an haischlib seo.

Seoladh 10,663 tvuit anuraidh as níos mó ná 80 tír ar fud na cruinne.

READ MORE

Leanann #TrasnaNadTonnta go dtí Dé hAoine, an 8ú lá Feabhra.

Is féidir an cuntas twitter a leanúint ag @Trasna18. Tuilleadh eolais: trasnanadtonnta.ie/

* Is cinnte go bhfuil sé ró-luath breithiúnas ceart a thabhairt ar rialacha trialacha peile an Chumann Lúthchleas Gael. Tháinig fianaise tromchúiseach chun solais nuair a déanadh taighde faoi stiúir an Ollaimh David Hassan ar 322 cluiche idir na blianta 2011 agus 2018. De réir toradh an taighde, déantar os cionn 100 pas láimhe níos mó in aghaidh an chluiche ar na saolta seo ná mar a dhéantaí seacht mbliain ó shin (359 v 251 ) agus tháinig titim 15 fán gcéad ar líon na gcic-pasanna le linn an tréimhse céanna. Mhol Coiste Seasta CLG ar Rialacha na hImeartha anuraidh go leasófaí an spórt le cúig rial nua. Cé gur spréach Cumann na nImreoirí Gaelacha glacadh leis go forleathan go raibh gá le rud éigin a dhéanamh chun go bhfeabhasófaidh caighdeán na himeartha. Chuirfí srian ar an pas láimhe agus dhéanfaí mionathruithe ar rialacha eile a bhaineann leis an gcic taobhlíne, an cárta dubh, an marc agus an cic amach.

Shocraigh Cumann na nImreoirí Gaelacha agus an Cumann Lúthchleas Gael go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha i mí Eanáir agus chasadar lena chéile arís le gairid le’n é seo a dhéanamh. Cé gur tharraing na rialacha nua conspóid agus go ndearna roinnt daoine clamhsán faoi chuid acu (ach go háirithe an pas láimhe atá imithe anois), de réir an méid atá feicthe againn go dtí seo sa chomórtas beimid ag súil leis gur mó an tairbhe ná an t-olc a thiocfaidh as na hathruithe.

* Beidh féile amhránaíochta agus ceoil i nGaeltacht na nDéise, Tionól Niocláis Tóibín, ar siúl i Rinn Ua gCuanach idir an Dé hAoine 8ú Feabhra agus an Domhnach 10ú Feabhra i mbliana. Chomh maith le ceardlainn ceoil (píb uilleann, feadóg mhór/stáin, fidil, damhsa agus amhránaíocht) tabharfar léacht Thionól na nDéise mar chuid de chlár na n-imeachtaí.

An Dr Ciarán Ó Gealbháin, atá ina léachtóir i Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, a thabharfaidh an léacht faoin dteideal “Sinnealach Binnbhéalach Bhaile Uí Raghallaigh: Nioclás Tóibín (1928 - 1994)” ar an Satharn, 9 Feabhra ag a 2.30i.n. Sraith chainteanna is ea Tionól na nDéise, a eagraíonn Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge gach bliain. Tá Tionól na nDéise na Rinne á n-eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín i mbliana agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad. Beidh fáilte roimh chách chuig Coláiste na Rinne ar an Satharn, 9ú Feabhra ar a 2.30in don ócáid seo atá saor in aisce.

* Úrscéal nua, Crothla agus Cnámha, i gcló: Tá úrscéal nua scríofa ag Torlach Mac Con Midhe. Crothla agus Cnámha (Coiscéim, €10) atá mar theideal ar an leabhar agus is úrscéal faoin Oighear-Aois atá ann. Tá suíomh eolais foilsithe ag an údar ar an idirlió. Is áit é gur féidir le léitheoirí ceisteanna a chur, eolas a fháil ar an leabhar, tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh i gcomhrá le léitheoirí eile. Suite san oighearaois, pléitear téamaí ábhartha ar nós athrú aeráide agus marthanas an chine daonna, spioradáltacht, dúchas agus teanga. Breis eolais: crothla7cnamha.wordpress.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.