Timpeall an tí arís agus arís eile

An bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn nó an bhfuil muid ag gabháil timpeall?


Tá ráite ag daoine a bhfuil céim dochtúireachta bainte amach sa ghaois acu go bhfuil dhá bhealach le féachaint ar an stair.

Ceann acu is ea go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn, nach raibh an saol riamh níos fearr, go mbeidh an uile rud huncaí deoraí uair éigin amach anseo nuair a thiocfaidh an long chun cuain. De réir an leagain amach eile, is ag gabháil timpeall is timpeall is ar ais arís go síoraí máguaird ar an timthriall céanna atáimid ach go bhfuil ainmneacha éagsúla ar an lucht páirte.

Mhaithfí do dhuine ar bith a ghéillfeadh don dara leagan amach sin faoi láthair. B’é Marx a mhaígh: ‘History repeats itself, first as tragedy, and then as farce’ agus mura bhfuil an Karl céanna sin sa bhfaisean le tamall, b’é dícheall aon duine a ndúirt sé a bhréagnú.

Más féidir an traigéide a chur i leataoibh sa chiseán ar feadh tamaill (agus bíonn a bheag nó a mhór di i gcónaí ann), fronsa nó scigdhráma is ea atá faoi radharc ár súl agus i raon ár gcuid éisteachta le solas gach lae dá mbreacann.

READ MORE

Bhí, i dtosach againn, scéal an Tánaiste agus a raibh ar eolas, nó gan a bheith ar eolas, nó beagán ar eolas aici. Ba léir dúinn cén deireadh a bheadh ar an imirt, agus dá réir sin, ní raibh le déanamh ach luí siar agus pléisiúr a bhaint as. Bhí gáire le baint as an nuacht gach uair an chloig nó mar sin, agus bhí scríbhneoir na scripte ag caitheamh a chuid jócanna isteach de réir is mar a rith siad leis.

Ba dhóigh leat gur le magadh a bhí an Taoiseach féin agus cosaint á déanamh aige ar scéal a bhí imithe ar chosa in airde timpeall ar chró an tsorcais cúpla uair agus amach an doras go dtí an áit sin ina bhfuil Spongebob agus déithe eile an ghrinn ag fanacht le magadh orainn.

Is barrúlla fós eachtra na Bratimeachta agus an DUP ag déanamh boc amadáin de chách. Ní féidir a rá go bhfuil greann á bhaint acu as, óir ní fhacathas riamh duine den pháirtí sin a raibh gáire, mion ná mór ná meánach, ar a aghaidh.

Chonacthas straois agus smulc ceart go leor, agus cab agus clab agus cár, ach ní hionann aon cheann díobh sin agus tuiscint a léiriú d’éadroime na huaire.

Tá an greann is mó le fáil san iomrascáil intinne agus sa lúbarnaíl briathra atá á dhéanamh ag iarraidh a bheith deas leo. Ar eagla go ngortófaí iad. Go dtógfadh siad an liathróid abhaile leo.

Go léireofaí nach bhfuilimid inchlúisibh agus oscailte agus fáilteach agus tuisceanach agus liobrálach agus leathanaigeanta.

Is é atá á léiriú, áfach, ná go bhfuil na rialtais neamhrialacha agus na hEorpaigh útóipeacha tiubh agus tic, agus dúr agus dall, mura dtuigeann siad faoi seo an fuadar síoraí atá faoin DUPaireacht riamh anall ó bhí Seon Dic sa chliabhán.

Is é sin le rá, diúltú glan amach gan salann gan chaolchúis don uile ní.

Tá sa lámhleabhar acu nuair a iarrann duine ballraíocht sa pháirtí.

Ceacht a haon: Foghlaimítear na focail seo de shalachmheabhair – ‘Níl, No, Nay, Neigh, Nein, Nee, Nao, Nyet, Nahi, Non, Nikki, Nakki, Nú.’

An méid seo sa chás is go mbeadh orthu déileáil le dream ar bith lasmuigh den Bhaile Neánach.

B’fhéidir gur fearr a thuigtear anois cén fáth nach bhfuil Acht na Gaeilge ó thuaidh, ná comhionannas pósta, ná cothroime measa, ná go deimhin féin rialtas de shaghas ar bith.

Is ea, baintear spraoi laethúil as, ach coinnítear greim sréine ar urla bheag den chiall.