Seoda ó fhilíocht na hEorpa

Aistriúchán déanta go Gaeilge ar shaothar fhilí móra na hEorpa

Sraith leabhar filíochta Ghaeilge í File ar Fhile ina ndéantar aistriúcháin ar shaothar filí suaithinseacha na hEorpa.

Iarradh ar chuid de fhilí aitheanta na hÉireann (Liam Ó Muirthile, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh) díolaim bheag dánta le file iomráiteach dá rogha féin a aistriú ón bhFraincis, ón Iodáilis, ón Spáinnis, nó ón nGearmáinis.

Tosaíonn an cnuasach, atá le foilsiú an tseachtain seo ag Cois Life, le haistriúchán ar ‘Le bateau ivre’/ ‘An bád meisce’ - ceann de na dánta is cáiliúla ó pheann Arthur Rimbaud - a bhí ar dhuine de na filí Francacha ba mhó clú sa naoú haois déag.

Is é Liam Ó Muirthile an ceathrú file Éireannach a d’aistrigh an dán seo ach an chéad fhile a d’aistrigh go Gaeilge é.

READ MORE

Chuir Eiléan Ní Chuilleanáin eolas ar Antonella Anedda nuair a d’iarr comhghleacaí uirthi píosa a aistriú go Béarla. ‘Chuir na dánta lomchnámhacha, rúnda, draíocht orm,’ a dúirt sí.

‘Mar is léir, tá focail ann san Iodáilis a thagann go díreach ón Laidin agus dúchas neamh-mhórtasach ag baint leo, ach nuair a úsáidtear an focal Laidine sa Bhéarla ní féidir beagán mórtais a sheachaint. Níor mhothaíos an deacracht sin ag aistriú go Gaeilge, agus thug sé sin faoiseamh dom.’

Tá cáil ar leith ar Erich Fried mar fhile grá. Díoladh breis is 200,000 cóip de Liebesgedichte - an leabhar as ar tógadh cuid mhaith de na dánta sa chnuasach seo.

Mar a deir Gabriel Rosenstock ina réamhrá: ‘Is guth, guth daonna, atá ag labhairt linn sna dánta seo ... (is féidir) go leor de na dánta seo a thuiscint gan dua - ó thaobh teanga is comhréire de ar aon nós. Rud eile is ea cad atá á rá aige agus na leibhéil éagsúla den fhéincheistiúchán atá ar bun aige tríd síos.’

Eagráin uimhrithe theoranta de 300 cóip atá sa tsraith. Mar a luadh ar an leathanach seo roinnt seachtainí ó shin, foilseofar an tsraith ar an dara lá de mhí na Bealtaine ar chostas €50 don tsraith/€12 an leabhar. Beidh ócáid seolta le léamh ón bhfile Eiléan Ní Chuilleanáin ag 1pm sa Siopa Leabhar (Sráid

Fhearchair). Tá réamhordaithe ar fáil anois. Tuilleadh eolais: eolas@coislife.ie nó 01 2190223.

Lán Mara

Tá sé 30 bliain ónar eisigh Treasa Ní Mhiolláina albam aonair An Clochar Bán agus ní fada anois go n-eiseofar albam nua leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis seo as Árainn.

Taifeadadh formhór na n-amhrán ar dlúthdhiosca dúbailte Lán Mara sa séipéal is sine in Árainn, Séipéal Eochla, faoi chúram Jack Talty.

Ar sé cinn de na hamhráin tá tionlacan ceoil le Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile.

Seolfar an t-albam nua ag a 2in ar an 4ú lá Bealtaine ag Féile Sheosamh Uí Éanaigh i gCarna ag Treasa Ní Cheannabháin; 8in ar an 12ú lá Bealtaine in Óstán Árann i gCill Rónáin, Inis Mór, ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh; ag a 9in Aoine 14ú Meitheamh i gcuideachta an Ghóilín i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath ag Cathal Goan; agus 4.30in Domhnach 7 Iúil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, ag Róisín White. Breis eolais: aransongs@gmail.com

Taoide

Cumhacht is mistéir na farraige a bheidh faoi chaibidil i mór shraith nua trí chuid a thosóidh ar TG4 an 1 lá Bealtaine. Is é seo an chéad chomh léiriúchán ag an stáisiún le cabhair ó infheistíocht as an tSín.

Sraith í Taoide a ndearnadh scannánú uirthi ar cheithre mhór-roinn agus a thabharfaidh léargas ar cheann de na fórsaí nádúrtha is cumhachtaí agus is mistéirí ar bhéal na Cruinne. Craolfar an chéad eagrán ar TG4 ag 9.30in ar Dé Céadaoin.

Éanna Ó Caollaí