Scoileanna le Chéile

B’fhéidir gurb ait le duine go bhfágfaí cúrsaí reiligiúin lasmuigh den doras in aon chóras oideachais

‘Dá mbeadh páistí den uile chreideamh ag foghlaim le chéile in aon scoil amháin, réiteofaí fadhbanna an tsaoil.’ Is minic ráite é, nó leagan éigin de arb ionann é. An t-oideachas mar leigheas ar an uile ní.

Múintear saoránacht sna scoileanna agus ní bhrisfear fuinneoga nó ní scaipfear bruscar ar na sráideanna níos mó; múintear fiontraíocht agus beidh an tír ar leaca teo an chaipitleachais agus gach aon duine saibhir; múintear cóiriú gnéis agus tuiscint inscne, ach beidh na daltaí chun tosaigh ar an gcóras sula sroicheann an t-oide an doras.

Mo loma léir, ní fíor aon phioc den rangabháil fhairsing seo.

Tá cúiseanna maithe soiléire le forlámhas a bheith ag an Eaglais Chaitliceach ar an gcóras oideachais in Éirinn. Cúiseanna stairiúla iad go léir. Le linn na n-aighneas reiligiúin sa 19ú haois bhunaigh an stát Sasanach córas bunoideachais ina mbeadh cúrsaí creidimh lasmuigh den churaclam. Tuairimím gur tharla seo de dheasca an fheachtais a bhain ‘fuascailt na gCaitliceach’ amach agus nár theastaigh uathu a thuilleadh priocaireachta ar a mbunreacht neamhscríte a fhulaingt.

READ MORE

Ach b’í an eaglais bhunaithe ba mhó a bhí míshásta, agus de dheasca a cuid stocaireachta ghéill na heaglaisí eile don leagan amach nua inar cuireadh an ‘seicteachas’ i lár an bhóithrín. Bainistíocht Phrotastúnach ar scoileanna Protastúnacha, agus bainistíocht Chaitliceach ar scoileanna Caitliceacha.

D’oir sin do chách araon, agus maireann a oidhreacht fós linn inniu.

B’fhéidir gurb ait le duine go bhfágfaí cúrsaí reiligiúin lasmuigh den doras in aon chóras oideachais, agus b’in an socrú a rinneadh i dtosach sa bhliain 1831. Tar éis an tsaoil is beag imeacht is mó a mbíonn daoine ceangailte leis sna huaireanta móra dá mbeatha ná an reiligiún féin - breith, pósadh, bás agus nithe idir eatarthu. Cén fáth a choiscfí é?

B’ionann é a dhíbirt ón gcuraclam agus bearna dhothrasnaithe a fhágáil i stair thuisceana agus mothála an duine. Conas a thuigfí an rud is lú faoi stair na hÉireann, gan trácht ar stair na hEorpa, na hIndia, Mheiriceá Theas, áit ar bith ar domhan gan cuimilt gharbh láidir a bheith agat leis an gcreideamh féin?

Dá fheabhas iad cúrsaí a theagascann nithe ‘mar gheall ar an reiligiún’, is broim dreancaide sa ghaoth iad suas is anuas leis an gcreideamh a bheith buailte isteach ionat féin. Buailte gan amhras. Le tairní ar an gcrois. Dingthe go daingean mar chuid d’aeráid aiceanta na timpeallachta.

Ní leor an stair a thuiscint, ná a bhlaiseadh. Caithfear é a mhothú.

Ní leor eolas a bheith agat ar an gcreideamh, ar chreideamh ar bith. Ní foláir dó a bheith mar chuid de chraiceann d’anama. Mura bhfuil, níl ann ach screamh sheachtrach éigin a chuireann cumaí uirthi féin nuair a oireann, feisteas Domhnaigh a chuirtear ar ais sa chófra nuair a bhriseann an saol eile isteach.

Is é oighear diachrach an scéil é nach bhfuil an toise sin creidimh ach ag beagán. Ach an oiread le toise filíochta, nó tráchtála, nó polaitíochta, nó le toise ar bith de thoisí an duine. Bua nó mallacht de réir do chlaonta. Aoibhneas samhlaíochta nó lumpars troma coscheangailte.

Is é is séanta riamh amach go ndéanfadh oideachas idirchreidmheach aon difear mór do choranna an tsaoil. Is féidir leis an oideachas neamh- nó mí- nó frithchreidmheach a bheith chomh claonbhiogóideach le pé faisean atá in uachtar. Má bhí oideachas idirchreidmheach le haon leas a dhéanamh, ba chóir go mbainfí feidhm aisti sna 30í nó sna 40í, seachas sna 60í nuair a bhí greim na heaglaise tráite. Caitlicigh loicthe is mó a chuireann a gcuid páistí go dtí scoileanna le chéile, ar chúrsaí neamhchreidimh nó ar chúrsaí aicme.

Dá n-oibreodh scoileanna idir/ uile / neamhchreidimh ní bheadh aon ár in Srebinica, agus ní bheadh suas le milliún Tutsi ina gcodanna beaga ar fud Ruanda.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar