Comhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha don Óige


Tá Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht a chur chun cinn.

Chuige sin, tá Ealaín na Gaeltachta ar lorg Comhordaitheora sna hEalaíona Dúchasacha don Óige.

Is ionann na healaíona dúchasacha sa chás seo agus ceol uirlise, amhránaíocht Ghaeilge, na healaíona béil (agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus damhsa.

Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aici/aige i réimse na forbartha agus oiliúna sna healaíona dúchasacha nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

READ MORE

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas: líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa; saineolas i gcúrsaí forbartha agus oiliúna i réimse na n-ealaíon dúchasach; ardchumas eagrúcháin, riarachán agus bainistiú tograí; tuiscint ar chuntasaíocht/leabharchoimeád; eolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona; scileanna cumarsáide agus ríomhaireachta.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gceannáras Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ach beidh taisteal i gceist.

Cuirfidh an t-údarás fáilte roimh iarratas agus CV chuig: Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall, roimh 4 p.m. an Luan 5ú Samhain. Eolas: ealain@udaras.ie