Ceol den scoth ar fáil don Nollaig

Dlúthdhioscaí de gach cineál ar an mhargadh


Níl a fhios agam cár fhág mé an fheadóg stáin. Tá an uirlis bheag gan úsáid le fada fada an lá. Chaith mé mórán ama ag freastal ar ranganna agus mé óg.

Tuigeann tú féin an brú sin ar dhéagóirí le bheith fíor-Ghaelach. Ní leor Gaeilge a labhairt; caithfidh tú cúpla amhrán a rá nó port a sheinm. Ní thig liom éisteacht liom féin ag caint – ná mise, a deir tú! – gan a bheith ag caint ar amhrán a rá.

Chuige sin na ranganna san fheadóg stáin. Bhí mé gan mhaith. Ghlac sé míonna – sea, míonna – leis an phort ba shimplí a fhoghlaim. Ná bac, ná bac..

Ar an ábhar sin a chuireann bua an cheoil idir iontas agus áthas orm. Agus seo beirt bhan atá cumasach i mbun ceoil – Neansaí Ní Choisdealbha le Draíocht na Feadóige (Cló Iar-Chonnacht) agus Louise Mulcahy le Tuning the Road (Cló Iar-Chonnacht).

READ MORE

Is í an fheadóg mhór uirlis Ní Choisdealbha agus is í atá oilte ina bun. An scéal céanna ag Louise Mulcahy é – agus baineann sise ceol as an fheadóg mhór agus na píobaí fosta!

Ildánach, cumasach, cruthaitheach. Is maith go bhfuil a leithéid againn. Tá rud éigin faoi cheoltóirí den sórt seo a chuireann bród ort, nach bhfuil? Cultúr beo atá ann, daoine arbh fhearr leo am a chaitheamh ag foghlaim ealaíne in áit é a mheilt os comhair cluiche ríomhaire.

Déarfainn nár thóg sé cúpla mí ar Neansaí ná Louise Roddy McCorley a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá an ceol, bhuel, líofa más ceadmhach dom téarma a bhaineann leis an chaint a úsáid.

Tá fios na feadóige acu.

Ainnir na n-amhrán, Eithne Ní Uallacháin, nach maireann, atá le cluinstin in Bilingua (Gael Linn), bailiúchán d'amhráin thraidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla a chóirigh nó a scríobh sí féin.

Fuair Ní Uallacháin bás sa bhliain 1999 agus mórán daoine ag cur aithne uirthi de réir a chéile mar amhránaí den scoth. Le cois na n-amhrán féin, tá leabhrán eolais leis an dlúthdhiosca a dhéanann cur síos gairid ar a saol. Cloch cheolmhar ina leacht atá in Bilingua.

Ag an amhránaí iontach Albanach sin, Karen Matheson, an focal scoir: “This album is a beautiful snapshot of what Eithne was all about. From the aching beauty of her voice to the innovative layering of voices and world music inspired sounds, it is a joy to listen to and a reminder of a great talent.”

Tallann de shaghas eile atá á cheiliúradh in Aon Scéal? (Gealt) leis an ghiotáraí Colm Mac Séalaigh, duine de Na Fíréin. 18 amhrán as 20 bliain. (Sea, sea, is ag iarraidh diúltú don chathú "20 bliain ag ceol" a bhí mé.) Ceol comhaimseartha atá anseo, í i nGaeilge ach stíleanna snagcheoil, rac agus ceol tuaithe le sonrú ann.

Tá a leathbhádóir Gearóid Ó Murchú agus a iníon siúd, Clíodhna, agus Eoin Smith le cluinstin ina chuideachta agus is iad atá maith. Is fiú na hamhráin Aon Scéal? agus Luachanna ár Linne a lua ach go háirithe. Ach is é An Stól Ard is fearr a thaitníonn liom féin: "Bhí an stól ard/bhí an solas íseal/bhí fear an bheáir ag féachaint orm…"

Bhí muid sa teach tábhairne céanna lá den saol, is léir...

PÓL Ó MUIRÍ