Buille fill ar an teanga

Shocraigh an rialtas go bhfoilseofaí an tuarascáil ach nach mbeidís á cur i bhfeidhm


Tá sé tagtha chun solais anois go ndearna an rialtas cinneadh foirmiúil 30 bliain ó shin neamhaird a dhéanamh d’fheidhmiú moltaí radacacha a d’fhéadfadh cinniúint na Gaeltachta a athrú ó bhonn.

Ghlac an rialtas cinneadh tuarascáil ar Oideachas sa Ghaeltacht a fhoilsiú in 1985 ach, ag an am céanna, deineadh cinneadh nach gcuirfí na moltaí a bhí ann i bhfeidhm.

Bhí an cinneadh sin ina rún go dtí anois. Ach tá eolas faoi i meamram rúnda rialtais atá tugtha don Chartlann Náisiúnta agus atá ar fáil de barr an dlí a scaoileann comhaid go poiblí tar éis 30 bliain.

Tugann an meamram léargas ar an smaointeoireacht a bhí ag an chomhaireacht ar chúl téarmaí agus beidh sé ina ábhar machnaimh ag am ina bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta.

READ MORE

Bhunaigh an tAire Oideachais coiste chun cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a scrúdú sa bhliain 1981.

Bhí ionadaithe ón Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar an chomhchoiste seo ba é an Dr D.F. Ó Ceallacháin, Rúnaí Cúnta na Roinne Oideachais, a bhí mar Chathaoirleach air. I measc na dtéarmaí tagartha a bhí acu, bhí moltaí agus comhairle a chur ar fáil don Aire Oideachais i dtaobh scolaíocht sna ceantair Ghaeltachta.

Cuireadh tuarascáil an Chomhchoiste faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Gemma Hussey, ar 13ú Nollaig 1984.

Bhí moltaí fíor-radacacha sa tuarascáil a d’athródh oideachas sa Ghaeltacht ag gach leibhéal ó bhonn dá nglacfaí leo.

Ach is léir ó mheamram a chur an tAire Hussey le chéile do chruinniú rialtais ar 22ú Lúnasa, 1985 nach raibh rún acu a leithéid a dhéanamh, ná baol air.

I measc na bpríomhnithe a bhí sa tuarascáil, moladh go n-ullmhófaí curaclam úr le haghaidh scoileanna na Gaeltachta a d’fhreastalódh ar shainriachtanais na ndaltaí.

Moladh fosta go mbeadh coinníollacha speisialta i bhfeidhm i scoileanna Gaeltachta i gcás cúntóirí oideachais agus múinteoirí feabhais a earcú chomh maith le cuótaí fábhracha i leith an chóimheas múinteoirí is daltaí. Cheapfaí cigirí bunscoileanna agus meánscoileanna faoi leith do na Gaeltachtaí móra le comhairle agus tacaíocht a thabhairt.

Thabharfaí teagasc ar leith taobh amuigh d’am na scoile do dhaltaí gan Gaeilge a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht agus d’fhoilseofaí téacsleabhair agus foclóirí éagsúla a bheadh fóirsteanach do na scoláirí.

Mhéadófaí an liúntas speisialta do mhúinteoirí a bhí fostaithe i scoileanna lán-Ghaeilge na Gaeltachta chuig leibhéal a mheallfadh oidí ardcháilithe. Thabharfaí sain-oiliúint d’ábhar oidí i modhanna teagaisc na Gaeilge mar mháthairtheanga agus mar dhara teanga.

Bhunófaí cúrsaí printíseacha agus ceirde a d’fhreastalódh ar riachtanais na dtionscal Gaeltachta. Chuirfí cúrsaí Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht ach nach raibh ábalta an teanga a labhairt.

Moladh chomh maith go ndéanfaí iniúchadh ar fhéidireacht institiúid tríú leibhéil a bhunú sa Ghaeltachtagus go bhféadfaí méid áirithe de na cúrsaí dlí, leigheas agus innealltóireachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ann.

Mhol an tAire Oideachais, Gemma Hussey, don rialtas go gcuirfí an tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais ach nach dtabharfaí aon gheallúint go gcuirfí i bhfeidhm aon cheann de na moltaí a mbeadh costas ag baint leis. Léiríonn an meamram rialtais gur mheas Aire Airgeadais an ama, Alan Dukes, nach mbeadh airgead ná áiseanna breise ar fáil leis na moltaí a chur i bhfeidhm agus nár mhiste a chinntiú “that expectations are not raised and interest groups given no encouragement to press for implementation”.

Tharraing Aire na Gaeltachta, Paddy O’Toole, aird ar aguisín a chur Údarás na Gaeltachta leis an tuarascáil ina raibh moltaí breise déanta acu nach raibh inghlactha don Roinn Oideachais agus a bhí níba radacaí fós. Moladh, mar shampla, go nglacfaí leis an Ghaeltacht mar eisceacht i gcúrsaí oideachais agus go bhfoilseofaí polasaí ar leith di.

Éilíodh fosta go mbunófaí naíonra lán-Ghaeilge in achan cheantar bunscoile sa Ghaeltacht agus nach gcónascfaí aon scoil sa Ghaeltacht le scoil eile taobh amuigh di gan aontú an Údaráis a fháil roimh ré.

Ba cheart córas a bhunú faoina bhféadfaí stop a chur le ceapacháin mhúinteoirí nach raibh líofacht Ghaeilge acu i scoileanna Gaeltachta.

Ba é tuairim an Aire O’Toole, áfach, ná go dtarraingeodh moltaí an Údaráis go leor aird i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus gur cheart don Aire Oideachais míniú a thabhairt ar “the reasons for their non-acceptability in the context of her overall response to the recommendations in the report”.

Shocraigh an rialtas mar sin go bhfoilseofaí an tuarascáil ar an choinníoll nach mbeidís á cur i bhfeidhm. Ach an oiread le go leor tuarascálacha eile a bhain leis an teanga, deineadh neamhaird a bheag nó a mhór ar achan mholadh a bhí ann.

Beifear ag súil mar sin go n-éireoidh níos fearr leis an athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht atá ar bun faoi láthair. Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap