Breatimeacht crua - foláireamh tugtha

D’fhéadfadh go mbeadh acmhainní breise ag teastáil ón Údarás chun cabhair a thabhairt do chomhlachtaí agus chun fostaíocht a chosaint

Foclóir: Bliain chorrach - troubled year; comhlachtaí - companies; earraí - products, airdeall - alert; Breatimeacht - Brexit; leanúnach - successive; tacaíocht - support; earnáil - sector; príomhfheidhmeannach - chief executive.

D’fhéadfadh bliain chorrach éiginnte a bheidh roimh chomhlachtaí Gaeltachta a bhíonn ag brath ar mhargaí, ar tháirgí agus ábhair ón Ríocht Aontaithe, de réir foláirimh a tugadh i dtuairisc bhliaintiúil Údarás na Gaeltachta a eisíodh ar an Aoine.

Cé go bhfuil ardú 10 faoin gcéad tagtha ar an bhfostaíocht i gcomhlachtaí Gaeltachta a fhaigheann tacaíocht ón Údarás le sé bliana anuas, deir an tuairisc go bhfuil “bliain chinniúnach” roimh chomhlachtaí agus pobail na Gaeltachta.

De réir taighde an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta tá 28 faoin gcéad de dhíolachán easpórtála cliantchomhlachtaí an Údaráis, a bhfuil luach €148 milliún air, á dhéanamh sa Ríocht Aontaithe.

READ MORE

Is earraí adhmaid, páipéar, miotal agus bia iad formhór na n-easpórtálacha seo

Tá an tÚdarás ag obair “go dlúth” leis na comhlachtaí Gaeltachta le bheith cinnte de go bhfuil siad “ar an airdeall” faoin mBreatimeacht agus go bhfuil siad “ag feabhsú struchtúr agus margaí a gcomhlachtaí oiread agus is féidir.”

Tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile ar “chur chuige comhordaithe” maidir leis an mBreatimeacht.

Leanfar leis an scéim tacaíochta agus comhairleoireachta ‘Bí Réidh’, atá á riaradh ag an Údarás dá chliantchomhlachtaí mar chuid de na hullmhúcháin.

Mar sin féin, má tharlaíonn Breatimeacht crua d’fhéadfadh go mbeadh acmhainní breise ag teastáil ón Údarás chun cabhair a thabhairt do chomhlachtaí agus chun fostaíocht a chosaint i gceantrachaí Gaeltachta.

“Le suas le 60 faoin gcéad de bhunábhar na gcliantchomhlachtaí á iompórtáil ar luach €233m is cinnte go mbeadh tionchar ag aon táillí trádála ar a leithéid,” a deir an tuairisc.

Dóchas

Tá ardú 10 faoin gcéad tagtha ar an bhfostaíocht i gcomhlachtaí Gaeltachta a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le sé bliana anuas

Chruthaigh an tÚdarás 589 post nua anuraidh le glanmhéadú de 122 post lánaimseartha ar an mbliain roimhe. Léiríonn na figiúirí is déanaí an leibhéal is airde fostaíochta i gcliantchomhlachtaí sna Gaeltachtaí le 10 mbliain anuas.

Tá ardú leanúnach bliantúil tagtha ar an mbonn fostaíochta le sé bliana anois agus tá 7,625 post lánaimseartha agus 582 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás faoi dheireadh na bliana.

Ba iad na hearnálacha bia agus dí, déantúis feistí leighis agus scannánaíochta/teilifíse a léirigh na méaduithe fostaíochta is mó ach is in earnáil na déantúsaíochta traidisiúnta is mó a chonacthas laghduithe.

I measc príomhphointí atá le baint as athbhreithniú an Údaráis, tá: 589 post nua cruthaithe in 2018; 7,625 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana; 525 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €42m; 30 gnó nua tosaithe sa Ghaeltacht in 2018; 13 Plean teanga ceadaithe le buiséad de €1.49m; Bunús láidir tosaigh curtha le gteic (Gréasán Digiteach na Gaeltachta); Branda ‘Gaeltacht na hÉireann’ forbartha agus seolta.

Cé gur chuir príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Mícheál Ó hÉanaigh, fáilte roimh a raibh sa dtuairisc, dúirt sé gur gá do chomhlachtaí a bheith “fíor aireach” ar a bhfuil le teacht i mbliana.

“Níl aon dabht ach gur gá dár gcomhlachtaí a bheith fíoraireach ar an mbliain chorrach eacnamaíoch atá romhainn ach táimid dóchasach go bhfuil na straitéisí cuí againn chun tacú leo agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu agus go bhfuil na hacmhainní atá ar fáil don eagraíocht ag méadú de réir a chéile.”

Dúirt an príomhfheidhmeannach go raibh an eagraíocht “sásta” leis an fostaíocht a cruthaíodh anuraidh ach d’admhaigh sé go bhfuil “dúshlán suntasach feidhmiúcháin” ann.

“Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí inmharthana na Gaeltachta go ndéantar forbairt fiontraíochta agus forbairt na teanga á chur chun cinn go comhuaineach lena chéile agus na hacmhainní cuí a bheith ar fáil dá réir,” ar sé.

“Is dúshlán suntasach feidhmiúcháin ann féin é seo a bhaint amach ach tá údar dóchais sa dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas. Díol dóchais agus suntais eile atá sa mhéid comhlachtaí ard- acmhainne ar thacaigh muid leo i mbliana agus is ábhar misnigh ceapadh na gcéad Oifigigh Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.