An lon dubh ag seilg i bhfarraigí an gharraí

Cá hiontas go mbeadh dáimh ag fear as Béal Feirste leis an lon dubh?

Is luath ar an ollscoil a tugadh eolas dúinn ar an dán clúiteach sin:

Int én bec

ro léic feit

READ MORE

do rind guip

glanbuidi

fo-ceird faíd

os Loch Laíg

lon do craíb

charnbuidi

Ní dán mór fada é ach dán tábhachtach, dán a léiríonn saíocht na teanga sa taobh thoir-thuaidh d’Éirinn.

Is minic a fheicim an lon dubh i mo ghairdín beag féin. Bhí ceann le feiceáil ar maidin féin, an bádóir dubh agus é ag iascaireacht leis i bhfarraigí an gharraí.

Is é atá cúramach i mbun seilge, faiteach beagnach.

Léimeann sé leis thart ar an ghairdín; stadann sé; cuireann cluas le héisteacht air féin.

Má bhíonn an t-ádh air – agus an mí-ádh ar an phéist thíos faoi thalamh – tumann sé a rinn bhuí i dtreo na hithreach agus tagann bricfeasta na maidine aníos leis.

Is é atá míthrócaireach. Is beag ní a éalaíonn air. Ní bhíonn deifir air agus é ar patról.

Shílfeá go raibh léarscáil aige den ghairdín, é ag bogadh leis ó áit go háit, ag éisteacht, ag fanacht. Is iontach an cluiche fichille é, an lon dubh ar an talamh thuas faoin spéir agus é ag tabhairt dhúshlán na bpéisteanna sa domhan thíos faoin talamh.

Tá a fhios agam nach maith leis an lon dubh an féar bheith fada sa gharraí. Má bhíonn an féar rófhada, ní bhíonn sé le feiceáil.

Ní raibh sa ‘ghairdín’ s’agamsa ach gort prátaí sular tógadh teach ann. Gort prátaí atá i gcónaí ann i ndáiríre.

Rinne mé cúpla iarracht an féar a cheansú, gairdín deas meánaicmeach, a dhéanamh de. Níor éirigh liom.

An féar atá ann, féar cuibhrinn atá ann, féar garbh tuaithe, chan féar deas séimh ghairdín an fhir uasail.

Fásann nóiníní agus cam an ime ann. Cuireann siad a ndathanna féin leis an ghairdín.

Is comhartha iad go bhfuil an féar ag éirí rófhada. Beidh orm an féar a lomadh go luath. Mura lomann, ní thiocfaidh an lon dubh ar cuairt.

Ach, a luaithe agus atá an féar gearrtha, rachaidh sé ar patról arís eile; cuirfidh sé cluas le héisteacht air féin arís agus tosóidh sé a sheilg as an úr.

Maireann an t-éan agus maireann an dán fosta!

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times