An Cogadh Mór faoi scrúdú ag sagart mór

Tugann ailt Uí Dhuinnín léargas eile dúinn ar stair na hÉireann


“Dá dtagadh slua de dheamhain Ifrinn agus iad a dhul tríd an mBeilg, is ar éigean a d’fhágfaidís an tír sin ina ndiaidh chomh briste, chomh brúite, chomh dóite, chomh lom, chomh dealbh, is mar a d’fhág na Gearmánaigh í.”

Sliocht as alt leis an Athair Pádraig Ó Duinnín, fear an fhoclóra, atá ansin agus foilsíodh é ar 3ú Deireadh Fómhair, 1914, ar an pháipéar náisiúnach, The Leader.

Cúpla líne spéisiúil atá ann as cnuasach thar a bheith spéisiúil.

Ní den chéad uair é ach tá léitheoirí na Gaeilge faoi chomaoin ag Risteárd Mac Annraoi as an dua a chuir sé air féin rud beag taighde a dhéanamh ar ár son.

READ MORE

An Cogadh Mór: altanna as an Leader, 1914-1919 (Coiscéim, €8) atá ar an leabhar seo in eagar aige agus is é a thugann léargas beag eile dúinn ar stair na hÉireann.

Is maith gur thug Mac Anraoi faoi deara go raibh Ó Duinnín ina cholúnaí rialta ag an Leader agus is fearr arís go bhfuil sé i ndiaidh na hailt ar fad a scríobh Ó Duinnín faoin Chogadh Mhór a chruinniú le chéile agus réamhrá thar a bheith suimiúil a chur leis.

Tugann an leabhar bréag don nóisean nach raibh spéis ag lucht na Gaeilge i gcúrsaí reatha fadó fadó fadó...

Is léir go raibh Ó Duinnín ag machnamh ar an chogadh go minic agus gur thuig sé na fórsaí polaitiúla agus staire a bhí ar obair agus an costas ollmhór daonna a bhí le híoc ag an phobal mhór de bharr na troda.

Tugann ainm na n-alt féin buille faoi thuairim duit faoina bhfuil istigh sa leabhar: “Cúrsaí an Chogaidh Mhóir”; “Scéalta ó Mhachaire an Chomhraic”; “Ní Scanradh go dtí an Cogadh Mór” agus “Barbarthacht agus Cruálacht an Duine”.

Ghoill an doirteadh fola air agus is minic é ag guí go mbeidh deireadh leis an ár. Bíodh is nach raibh sé féin sa Fhrainc, thuig sé a raibh ar siúl sa tír agus an drochdhóigh a bhí ar na saighdiúirí ar fad ag an fhronta: “Is maith an rud an talamh seo againne ... Is ón talamh a fhásann gach ní a ithimid agus gach ní a chuirimid umainn. Is ar an talamh a chuirimid ár dtithe cónaithe agus is ar an talamh a gheibhtear ábhar na tine a chuireann teas is seascaireacht orainn sa gheimhreadh.”

Cur síos álainn é sin agus amharc mar a dhéanann sé codarsnacht idir cás na ndaoine ar talamh na hÉireann agus cás na saighdiúirí thall agus an gá a bhíonn acu “iad féin a shá go doimhin i dtalamh agus fanúint ar an gcuma sin de ló is d’óiche”.

Ar ndóigh, bíonn polaitíocht agus cogadh sa bhaile faoi thrácht aige fosta.

Tá Sean Redmond, aontachtaithe agus an tÉirí Amach mar ábhar alt aige fosta: “Maraíodh agus gortaíodh a lán ógfhear, agus mothóidh a muintir amuigh iad, agus an easpa fear oibre agus gnótha atá ar lucht na cathrach de dheasca an chogaidh ... Beannacht Dé le hanamnacha na marbh gur cheart dúinn guí orthu.”

Agus ba é a bhí cruinn ina bhreithiúnas ar chríoch an Chogaidh Mhóir.

Scríobhann sé faoin chonradh síochána agus an pionós a chuirtear ar an Ghearmáin go raibh “na coinníollacha sin róchrua ar fad, dar liomsa, agus ní ciallmhar an obair do na Comhchúntóirí a leithéid a dheachtú, ach ní dhéanfaidh siad an oiread díobhála don Ghearmáin is mar is dóigh leo.

“Is é bun agus barr an scéil go bhfuil eagla ar an bhFrainc agus ar an mBreatain roimh an Ghearmáin fós; agus ní gan chúis é”.

Tháinig tuar faoin tarngaireacht sin luath go leor agus cogadh mór domhanda eile ann.

Féiniúlacht Náisiúnta

Tráthúil go leor, agus leabhar Uí Dhuinnín luaite againn, beidh comhdháil den teideal “1916 agus an Fhéiniúlacht Náisiúnta ” ar siúl ar Ollscoil na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.

Is ar an tSatharn a bheas bunús na gcainteanna agus pléifidh na painéil éagsúla “Conradh na Gaeilge agus an Réabhlóid”; “An Ghaeilge agus an Pholatíocht”; “An Fhéiniúlacht agus an Náisiún” agus “Samhlú an Náisiúin sa Litríocht”. Meascra de scoláirí seanbhunaithe agus scoláirí óga a bheas ag caint, ina measc: Brian Ó Conchubhair; Nollaig Mac Congáil; Ailbhe Ní Ghearbhuigh; Róisín Ní Ghairbhí agus Máirín Nic Eoin. Eolas: www.comhdhail.com

An státseirbhís Ghaelach

Is minic a cháineann lucht na Gaeilge an státseirbhís as drochsheirbhís Ghaeilge a chur ar fáil – agus ní gan ábhar, faraor.

Ní chreideann siad sa teanga, a deirtear, agus is cur amú ama é dul i dteagmháil leo i nGaeilge. Fuair mé preasráiteas dátheangach ó Roinn amháin le deireanas agus chuir mé iarratas, i mBéarla amháin, ar ais chucu. (Ní chuirfeá do chuid ama amú le teachtaireacht i nGaeilge, an gcuirfeá?) Tháinig freagra ar ais – i nGaeilge ghlan. Sampla den státseirbhís bheith ar son na Gaeilge agus iriseoir Gaeilge bheith ar son an Bhéarla!

Aaarrrgggh. Mea culpa...