Uachtarán nua ag Conradh na Gaeilge

Paula Melvin ar an triú uachtarán baineann

FOCLÓIR: Óstán - hotel; comharba - successor; gníomhaíocht teanga - language activism; tosaíochtaí - priorities; deimhin a dhéanamh de - make certain; spreag - inspire; séanadh - deny.

Tá uachtarán nua ag Conradh na Gaeilge. Toghadh Paula Melvin ina h-uachtarán le linn ardfheis na bliana seo a reáchtáladh in Óstán Chuan na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.

Is í an 35ú comharba ar an chéad uachtarán, Dubhglas de hÍde (1893-1915), agus tá sí ar an tríú bean sa ról. Tagann sí i gcomharbacht ar an Dr Niall Comer ó Chraobh Ghleann an Iolair a toghadh ina uachtarán den chéad uair in 2017.

Is as Baile an Alabhóidigh i mBaile Átha Cliath 15 di ó dhúchas agus tógadh ar fheirm í, rud atá sách neamhghnách i gceantar postais Bhaile Átha Cliath. Tá a muintir fós ag feirmeoireacht.

READ MORE

“Is dócha go bhfuil mé féin chomh gafa leis an nGaeilge is atá siadsan le cúrsaí beithíoch,” a dúirt sí agus í ag caint le Tuarascáil.

“Níor tógadh le Gaeilge mé. Dar ndóigh, ní as an Ghaeltacht dom agus níl Gaeilge ag duine ar bith de mo mhuintir.”

Is ar an ollscoil a bhí sí nuair chuir sí suim i ngníomhaíocht teanga agus tá sí ina ball de Chonradh na Gaeilge le dhá bhliain déag anuas. Cén tábhacht, dar léi, atá le Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann?

“Is muidne guth phobal na Gaeilge,” a dúirt sí.

“Tá rud éigin iontach speisialta faoin gConradh agus sílim go mbaineann sé sin leis an obair dheonach agus na craobhacha – ní amháin thart timpeall na tíre ach thar lear chomh maith.

“Féadfaidh éinne a bhfuil spéis acu inár bpríomh aidhm, sé sin athbhunú na Gaeilge mar phríomhtheanga na tíre seo, ballraíocht a ghlacadh.

“Ar bhealach amháin is cuma go pointe cé atá mar uachtarán mar is iad na baill a dhéanann na cinntí faoi pholasaithe, ag an ardfheis.

Maidir le polasaithe, tá go leor tosaíochtaí ag an uachtarán nua. Le fada an lá tá géarghá le polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta Ghaeltachta agus tá súil ag an uachtarán nua aghaidh a thabhairt ar sin.

“Is í sin an chloch is mó atá agam ar mo phaidrín don bhliain atá amach romhainn,” a dúirt sí.

“Bíonn muid ag éisteacht le pobal na Gaeilge agus le pobal na Gaeltachta. Agus an t-aiseolas a fhaighimid ó na craobhacha sa nGaeltacht agus ó na comharchumainn Ghaeltachta ná go bhfuil orainn dlús a chur leis an bhfeachtas seo le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantair féin agus nach mbeidh siad á scrios ag ró-fhorbairt.”

Dar ndóigh, tá go leor fadhbanna eile gur gá tabhairt fúthu. Ina measc sin tá acht teanga ó thuaidh, áit a bhfuil pobal na Gaeilge ag fanacht le fada go gcomhlíonfaí na geallúintí.

“Ceann de na daoine is mó a spreag mé le linn mo shaol ná an chéad uachtarán baineann a bhí ag Conradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith.

“Le linn a tréimhse uachtaránachta, ag deireadh na n-ochtóidí, bhí acht teanga ó thuaidh á éileamh ag Conradh na Gaeilge.

“Gealladh é in 1998, gealladh arís é in 2006. Gealladh arís é in 2020 agus 2021! Gealladh é arís agus arís eile!

“Tá sé scannalach nach bhfuil sé againn. Táimid ag fanacht ar Brandon Lewis agus ar rialtas Shasana.

Ach, an bhfuil sé in am ag Rialtas na hÉireann an deis a thapú chun cearta teanga i dTuaisceart Éireann a chur chun cinn mar a mhol Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg, ar an leathanach seo le déanaí?

“Is comhshínitheoirí iad Rialtas na hÉireann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cinnte is gá dóibh gníomhú ar seo agus beidh na craobhacha ag tabhairt aghaidh ar an cheist seo.

Baineann sé le bunchearta daonna, a dúirt sí. “Ceist chomhionannais atá anseo.”

Tá Melvin ag iarraidh “cinnte a dhéanamh de” freisin go gcuirfear na forálacha atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ó dheas.

Ar an leasú is suntasaí san Acht tá an sprioc go mbeidh, faoi 31 Nollaig 2030, fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa statseribhis in ann gnó a dhéanamh as as Gaeilge.

Dúirt Melvin go mbeidh gá le deimhin a dhéanamh de go gcuirfear daoine ar an eolas maidir leis na deiseanna nua atá san earnáil phoiblí agus tá tús curtha le cuid den obair sin cheana féin.

“Anuraidh reáchtálamar 300 ceardlann i meánscoileanna agus i gcoláistí tríú leibhéil chun na daltaí agus na mic léinn a spreagadh i dtaobh na Gaeilge agus na deiseanna seo ar fad,” a dúirt sí.

Tá ceisteanna a bhaineann le deontais agus le scoláireachtaí imeasc na beartais eile atá aici.

“Táimid ag iarraidh go dtabharfar an deontas tithíochta agus scéim labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar ais.”

“Tá sé mar sprioc agam freisin scéim scoláireachta a chur ar bun ar bhonn 32 contae chun deiseanna a thabhairt do pháistí atá faoi mhíbhuntáiste freastal ar chúrsaí Gaeltachta.”

Ach anois go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas tar éis na paindéime an gá borradh a chur faoi chraobhacha Chonradh na Gaeilge?

“Bhí dhá bhliain an-dúshlánach ag na craobhacha,” a dúirt Melvin.

“Is croí-lár Chonradh na Gaeilge iad agus is gá tacaíocht a thabhairt dóibh i ndiaidh na paindéime.

“Cúpla seachtain ó shin níor mheas mé go mbeimis ag teacht le chéile don ardfheis.

“Beidh fadhbanna fiú amháin ag craobhacha a bhí thar a bheith gníomhach teacht chucu féin,” a dúirt sí.

“Tabharfaidh mé cuairt ar go leor craobhacha chun go bhfeicfidh mé cén chaoi ar féidir liom tacú leo sna míonna agus sa bhliain atá amach romhainn.”

Oideachas
Ag an leibhéal náisiúnta, tá an-tóir i gcónaí ar scolaíocht trí Ghaeilge. De réir chomhaireamh Thuarascáil tá aon chontae déag sa tír gan meánscoil lán-Ghaeilge.

Séanadh scolaíocht lán-Ghaeilge uirthi féin nuair nach raibh scoil i ngaireacht don bhaile agus í ina scoláire. Creideann sí go láidir gur cheart an rogha sin a bheith ar fáil do chách.

“Táimid ag súil go n-osclófar níos mó Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna. Ba cheart go mbeadh deis ag chuile dhuine sa tír seo oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil. Is linn ar fad an Ghaeilge.”

Molann sí gur cheart cuimhniú ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus díriú ar an méid a tharla “ach go háirithe sa Bhreatain Bheag” chun scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla faoi láthair a iompú ina nGaelscoileanna.

“Iarrfaimid ar an Roinn Oideachais straitéis a cheapadh agus na hachmhainní cuí a chur ar fáil chun na scoileanna sin a iompú ina nGaelscoileanna más mian leo.”

Is léir go gcreideann uachtarán nua Chonradh na Gaeilge gur fiú béim ar leith a chur ar chumainn Ghaeilge an tríú-leibhéil.

“Bhunaíomar scéim nua i mbliana chun tacaíocht a thabhairt do na craobhacha tríú-leibhéil,” a dúirt sí.

“Tá obair na gcapall ar siúl ach go háirithe in Ollscoil na Banríona agus in Ollscoill na hÉireann Gaillimh, áit a bhfuil siad ag bunú scéimeanna cónaithe nua.

“Tugann na mic léinn ardú meanma agus croí dom agus táim thar a bheith sásta go bhfuil an méid sin spéise acu sa Ghaeilge agus sa Chonradh ach go háirithe.

Cé go bhfuil go leor deacrachtaí fós le sárú tá an-dóchas ag Melvin maidir le todhchaí na Gaeilge agus í ag cur tús lena huachtarántacht.

“Táim dóchasach don Ghaeilge. Tá 7,000 teanga ar domhan, níl ach 47 acu ar líne agus tá an Ghaeilge i measc na dteangacha sin. Tá an Ghaeilge beo beathach ar líne .

“Bhí ana-chuid ‘hang-ups’ ag glúin mo thuismitheoirí agus ag glúin mo shean-tuistí maidir leis an nGaeilge ach, níl ag an ghlúin seo nó ag na glúinte atá le teacht.

“Tá go leor le déanamh. Tuigim na dúshláin atá amach romhainn ach táim dóchasach.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.