Greann amú, greann abú

Is maith linn go léir scéalta grinn. Mo leithscéal, tógaim ar ais é sin.

Ar airigh tú an ceann faoin máthair a d’éigh ar a páiste a chos a thógaint as a bhéal? ‘Is é lá troscaidh atá ann?’ ar sise.

An Teachta Dála adúirt nach raibh ciall asail ag an Aire.

‘Tógtar siar é sin’, d’éiligh an Ceann Comhairle. ‘Is ea, ‘tá ciall asail ag an Aire,’ arsa mo dhuine.

Is maith linn go léir scéalta grinn. Mo leithscéal, tógaim ar ais é sin. Ní maith linn go léir scéalta grinn. Tá daoine áirithe agus an túisce is a thagann siad ar an saol tá an dochtúir ansin ag feitheamh leo lena sceana d’fhonn cibé acmhainn grinn a d’fhéadfadh a bheith iontu a choilleadh. Cuirtear an acmhainn ghrinn sin sa chónra ina bhfuil íoróin agus muga maga agus éadroime an tsaoil. Bíodh a theist is a theastas sin ar na milliúin arb ionann a bpus is a n-aghaidh.

READ MORE

Nuair a bhíos féin i gclós na bunscoile d’insítí scéalta mar gheall ar Paddy the Irishman, Paddy the Englishman agus Paddy the Scotsman. Níos minicí ná a chéile b’é Paddy the Irishman a bhíodh thíos leis. Dhéanaimis gáire idir an chéimseata agus filíocht an Bhéarla i gcúinne an chlóis mar thuigeamar go raibh an scéal glic, an insint greanta agus toisc nach raibh aon fhírinne ann.

Ar mheas aon duine againn go rabhamar níos amaidí, níos bómánta, níos breallsúnta ná an Sasanach nó an tAlbanach? Níor mheas. Conas a mheasfadh? Nach raibh ciall againn? Nó an duine tú a bhfuil intinn an choilíneachais agus an uachtardioscúrsa gafa chomh mór sin ionat nach féidir leat seasamh siar agus an magadh a shacadh i leaba an dáiríre?

Bhíothas amuigh leis na pící i gcoinne an fhuirseora Jimmy Carr le déanaí toisc gur inis sé scéal grinn mar gheall ar Ghiofóga agus an tUileloscadh. Ó, gan bhréag ar domhan níor cheart go leomhfadh aon duine scéal grinn a insint mar gheall ar an Uileloscadh, cé go dtuigim nach bhfuil bac ar lucht inste grinn na nGiúdach a leithéid a aithris.

Níor cheapas féin go raibh sé faoi leith greannmhar agus ní raibh mo bholg ag déanamh cleas na lúibe le rachtanna gáire. Fós féin ba dhána an mhaise dó é. Duine ar bith a bhfuil cur amach aige ar ghreann Jimmy Carr beidh a fhios aige go ndéanann sé magadh faoin uile chineál duine, faoin uile chúis, faoin uile shaghas smaoinimh. Ceann dá chártaí aitheantais é.

An le holc nó le binb adúirt sé é? Féach ar na súile sin, fair na malaí ina seasamh, tugtar an rógaireacht faoi deara. Ar nós an ráitis is simplí ar domhan, ní hé an rud a deirtear a mheánn, ach conas a deirtear é. Is í an tuin cainte a chuireann an scian sa bhfeoil, agus ní hiad na focail féin.

Ach tá dhá iarmhairt a leanann a ndúirt sé. Ar an gcéad dul amach thug sé poiblíocht do na daoine eile, na fodhaoine eile sin dar leis na naitsithe, ar déanadh dícheall cur as dóibh san Uileloscadh. Ní phléitear iad na fodhaoine seo, na Giofóga, daoina aeracha, sagairt, Slavaigh éagsúla, cumannaigh, ceardchumannaigh, daoine a raibh éalang éigin fisiciúil nó intinne orthu. Meabhrú caoithiúil é.

Fairis sin, dá mba nach raibh leatrom fós á dhéanamh ar Ghiofóga, ar Romani, ar Lucht siúil agus camchlaonadh coiteann ina gcoinne an ndéanfadh aon duine gáire, gáire neirbhíseach a chomharthaigh aitheantas gur mar sin a bhí?

Uaireanta is é an scéal grinn, an jóc, ar nós an chartúin, a léiríonn fírinne an tsaoil, an té a thuigfeadh é. Ina choinne sin, is trua go bhfuil pusdhaoine ann a cheapann gur líne dhíreach is ea trácht an tsaoil.

Is sna cúinní atá an fhírinne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar