An ‘Kenmare Incident’

I gcroílár an Dublin Guard Brigade bhí fir chrua a dtugtaí ‘The Visiting Committee’ orthu.

Paddy O’Daly. Grianghraph: Brophy Family Collection, South Dublin County Council Libraries

FOCLÓIR: Patrarcacht - patriarchy; foréigean - violence; clú - reputation; An Neidín - Kenmare; círéip - turmoil; folús - void; na Beathacha - Bahaghs; sraonadh - dragged; móid dílseachta - oath of allegiance; dorchacht - darkness; teistíocht - deposition.

Ní inniu ná inné a bhí fadhb ag mná na hÉireann le fórsaí cosanta an Stáit.

Tharla eachtra náireach sa Neidín in 1923 a léiríonn a lán fán phatrarcacht a éascaíonn foréigean in aghaidh ban agus a chosnaíonn clú na bhfear a ndéantar gearrán fúthu, mar thosaíocht thar aon teist eile.

Eanáir 1923: Saighdiúirí de chuid an Arm Náisiúnta i gContae Chiarraí le linn an Cogadh Cathartha. (Photo by Sean Sexton/Getty Images)

Siar linn go Meitheamh 1923. B'iad an Dublin Guard Brigade stoirmthrúpaí Michael Collins. Thuigeadar, cuma cad a thit amach, go mbeadh 'a gcúl' ag Collins. Ar a bhás siúd shín an té a tháinig i gcomharba ar an 'Big Fella', Risteárd Ó Maolchatha, an chúirtéis chéanna chucu.

READ MORE

Sheol Ó Maolchatha an Brigade aduaidh chun poblachtaigh Chiarraí a cheansú tar éis bhás an Choileánaigh i bhfómhar na bliana 1922. Thógadar ceannas ar na bailte beairice uilig, an Neidín san áireamh.

Bhí teaghlach an dochtúir Randall McCarthy ina measc siúd a d’fháiltigh rompu. Chuirfeadh an tArm Náisiúnta béasa ar na ‘Irregulars’ agus ord ar an gcíréip a líon an folús a lean ar imeacht Arm na Breataine.

Sa scannán fáisnéise Ballysdeedy (RTÉ, 1997) léiríodh go raibh buíon d'fhearaibh chrua ag croílár an Dublin Guard Brigade a dtugtaí 'The Visiting Committee' orthu.

Dhúnmharaíodar siúd ochtar príosúnach poblachtach ag Ballyseedy ar an 7 Aibreán 1923, ceathrar príosúnach eile ag Countess Bridge an oíche chéanna, agus cúigear príosúnach fós eile ar 12 Aibreán ag na Beathacha, gar do Chathair Saidhbhín. Seachtar príosúnach déag dúnmharaithe. Fir a chaill sa chath agus a bhí i ngéibheann fá chosaint is fá choimirce an Stáit.

Ansin, ar oíche an dara lá de Mheitheamh 1923, nuair a bhí an Cogadh Cathartha thart le breis is sé seachtainí, is beag a cheap Randall McCarthy ná a bheirt iníon go raibh The Visiting Committee ar tí cuairt a thabhairt orthu siúd amach san oíche.

Deirtear go dtángadar chun díoltas a imirt mar gur dhiúltaigh na h-iníonacha freastal ar rince i dTrá Lí ar chuireadh an Bhriogáidire-Ghinearáil Paddy O’Daly, oifigeach ceannais ar an Dublin Guard Brigade.

Sraonadh na mná óga amach as an teach ina gcultacha oíche ag triúr in éide mhíleata a raibh púicíní á gcaitheamh acu. I bhfianaise a thugadar don Garda Síochána dúirt Flossie:'The man who was holding me rubbed a thick motor grease into my hair and face. He did the same to my sister…. The last words of one of the men was 'we will plug ye yet.'

Dúirt Jessie:’They dragged me along the ground and kept kicking me. One man stood on me while the other beat me across the face with the belt. The man who kept beating me kept repeating ‘Will you be a Free Stater again?’

Bhí an bheirt bhan óg mór leis an gCaptaen Niall C Harrington agus an Leifteanant Higgins, oifigigh de chuid na Briogáide a chaith go honórach le pobal na háite d’réir srianta agus forálacha an mhionn dílseachta a ghlacadar nuair a coimisiúnaíodh iad.

Mar a thaispeáin cáipéisí pearsanta Niall C Harrington sa scannán Ballyseedy rinne Harrington gearrán le Kevin O’Higgins gur ordaigh O’Daly an slad a tharla ag Ballyseedy, na Beathacha agus Countess Bridge.

Bhí an ghráin ag O’Daly ar Harrington dá bharr sin. Anuas ar sin bhí éad air faoin gcairdeas a bhí idir Harrington agus duine de na mná a raibh dúil aige féin inti.

Chuardaigh an Garda Síochána an gairdín agus thángadar ar ghunnán láimhe a cailleadh sa ndorchacht. Lean na Gardaí lorg an ghunna go dtí duine den triúr a bhris isteach i dteach McCarthy, ina measc, an Bhriogáidire-Ghinearál Paddy O’Daly féin.

I bhfiosrúchán míleata fuarthas go raibh cás le freagairt ag oifigeach amháin ach nach raibh ag an bheirt eile, O’Daly san áireamh. Teip, i bhfianaise fhiosrú na nGardaí, a chuir Cahir Davitt soir le fearg. Fágann sin nár cuireadh éinne fá thriail armchúirte de bharr an ionsaithe náirigh a himríodh ar na mná sin ag ard oifigigh Cheannas Chiarraí.

Tá cur síos ar cad a thit amach sa ruathar i dteistíocht a thug Cahir Davitt do Bhiúró na Staire Míleata sna seascaidí.

Ba bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí é Davitt ag an am. Agus cé a bhí ina Phríomh-Abhcóide Breithiúnais don Arm, an ‘Judge-Advocate General’ in 1923? An Cahir Davitt óg céanna.

In 1923 mhol Davitt as láimh go gcuirfí an triúr Oifigeach Airm, Paddy O’Daly ina measc, faoi armchúirt ar cheann an ionsaithe.

Arís, de réir cuntas Davitt ní raibh an t-ardaidiúnach an Ginearál Gearóid Ó Súilleabháin sásta é sin a dhéanamh.

‘Confound it’, arsa Ó Súilleabháin, ‘we can’t try a Brigadier-General for this sort of thing.’

‘We can’t afford not to,’ arsa Davitt.

Ní bhogfadh Ó Súilleabháin, ní bhogfadh Davitt.

Níl críoch na tuairisce a thug Davitt sroichte againn fós. D’ordaigh Risteárd Ó Maolchatha go dtiocfadh Davitt ina láthair chun cúrsaí ‘a mhíniú’ dó.

Dúirt Ó Maolchatha gur labhair sé le O’Daly is gur shéan an Dálach na líomhaintí ina choinne. Ba leor focal Paddy O’Daly do Risteárd Ó Maolchatha, is cosúil.

Bhí Davitt anois gafa idir dhá thine Bealtaine.

Ina theastas féin do Bhiúró na Staire Míleata chuir Earnán de Blaghd, an tAire Airgidís, aer úr faoi bhréag scéal bolscaireachta an rialtais. Dúirt an Blaghdach ‘it seems to me more like a case of a couple of tarts getting a few lashes that did them no harm.’

Ba mheasa fós na maslaí a chaith an tArd-Aighne Hugh Kennedy ina dtreo. Deir Jason Knirck in Afterimage of the Revolution (2014) go ndúirt Kennedy le Ard-Chomhairle an tSaorstáit go mba ‘rural social climbers with ‘British leanings’ iad Flossie agus Jessie bocht. Agus níos measa arís, ‘that British officers associated easily with girls of this social strata….’ Ardú stádais tugtha do ‘tarts’ Earnán de Blaghd ag Kennedy. Ba ‘Tarts’ mheánaicmeacha anois iad!

Ba náireach an bealach inar caitheadh leis na mná. Oifigigh airm a áirítí ina laochra Éireann a d’ionsaigh iad agus ba airí rialtais iad na daoine a chosain, gan náire, ainghníomhartha do-chosanta an Airm.

Ní dhearna Uachtarán an Ardchomhairle, an fear a bhí ina phríomh aire, WT Cosgrave ach litir a sheoladh chuig an Dr McCarthy ag cur ar a shúile go bhféadfadh na mná cás sibhialta a thógaint i gcoinne an triúir. Ní nach ionadh, in aeráid bhreithiúnasach na haimsire sin nár thóg siad an cás sin riamh. Tá sé thar am againn an ‘Kenmare Incident’ a athbhaisteadh.

‘Ionsaí Foréigniúil Bunaithe-ar-Inscne an Neidín’. Sin hanla níos fearr don fheillbheart a imríodh ar bheirt bhan ionraic ag ard-oifigigh airm - uafás a chosain airí rialtais an tSaorstáit lena mbriathra agus lena dtost: uafás a d’imigh gan triail, ná freagracht - gan fiú bheith ag trácht ar cheart agus cóir.

N’fheadar, nuair a thagann comóradh an chéid áirithe sin ar an dara lá de mhí Bealtaine 2023, an nglacfaidh Leo Varadkar nó Simon Coveney an deis aithrí an Stáit a chur in iúl faoin mbealach inar chaith institiúidí an Stáit le beirt bhan mhisniúil toisc gur mheas flatha an Stáit go mba thábhachtaí, thar aon ní eile, go ndéanfaí ‘clú’ agus ‘ainm’ na bhfear a rinne ionsaí orthu a chosaint?

Ar ghualainn leithéidí Flossie agus Jessie a sheasann feachtas ‘Women of Honour’ na bhfórsaí cosanta an lae inniu.

Go n-éirí leo.

* Craoltóir, iriseoir agus scannánóir is ea Pat Butler. Tá suim ar leith aige i scéal bhunaithe an Stáit. Tá Ballyseedy, Kilmichael agus The Palestinians – one people too many? i measc na scannán faisnéise a scrígh sé le Today Tonight agus Léargas le linn a sheal dhá scór bliain in RTÉ.