Faire Fhionnagáin

Fág gurb é Ulysses an saothar litríochta mórcháile is mó nach léitear in aon chor

Cad a dhein Joyce tar éis gur leag sé a pheann síos ar chríochnú Ulysses dó? Deir sé féin go raibh sé caite, traochta, tnáite agus gur throm a chrobh ón scríbhinn agus nár bhreac sé focal go ceann bliana ina dhiaidh sin. Is beag duine nach údar rialta é a ghéillfeadh go bhfuil traochadh coirp agus anama ag leanúint mórshaothair. Ina choinne sin ní foláir nó bhí siollaí agus frásaí agus nathanna réidh ullamh, agus mórthuairim aige maidir le cad a dhéanfadh sé tar éis foilsithe Ulysses 100 bliain ó shin agus atá á chomóradh go cóir faoi láthair.

Mo thuairim féin go raibh lándeimhin aige. Fág gurb é Ulysses an saothar litríochta mórcháile is mó nach léitear in aon chor, is é Finnegans Wake an saothar is mó cáil nach léitear in aon chor in aon chor. Fós féin, chaith sé breis agus seacht mbliana dhéag dá shaol ag gabháil dó, rud nach ndéanfadh aon duine nach gealt é dá sílfeadh sé nach léifí é.

Mar sin, shíl tú go raibh Ulysses deacair? Machaire mór mín is ea é suas is anuas is aníos le foraois fhoclac(h) Finnegans Wake. Dúirt Breandán Ó Beacháin go mbaineadh a mhuintir leas as Ulysses mar ábhar grinn, mar jóc búk.

Is sia, is doimhne agus is fairsinge an greann sa Wake, ach ní foláir foighneamh leis. An gean faoi leith a thugtar ann don imeartas focal, don súgradh le siollaí, don fhíodóireacht fuaime, don chasadh cainte, don bhladar briathar is é is bun dó mar leabhar. Is den ilteangachas é, is tá go leor Gaeilge scaipthe tríd, fara urlabhraí agus uiríll uile eile na cruinne ina Bhéarla sainiúil.

READ MORE

Taibhreamh nó aisling nó brionglóid atá sa Wake, agus dá réir leanann neamhrialacha neamhscríte, neamhscéalaíocha na meathaigne sin go meatheolach amach. Ná bítear ag súil le reacaireacht réalaíoch ar thalamh tirim agus tú ag snámh trína shiollaí.

Is beag abairt ann nach bhfuil ag tadhall le ráitis, le frighfhocail, le blogh de bhladar áit éigin eile, sa stair, sa mhiotaseolaíocht, sa litríocht, sa bhéaloideas, sna bailéid choitianta. Agus sa mhéid is go bhfuil scéal ar bith ann, is cóir ligean dó tú a scuabadh ar aghaidh sa mhórshruth tsúnáimíúil nach bhfuil aon deireadh leis óir lúbann isteach ina chéile arís ar ais sa deireadh thiar thall…

Murab ionann agus Ulysses, is ar éigean a fheicfear leagan Gaeilge den Tórramh Torrach, den Fhaire Fhionnagáin seo a choíche, ná go deo. Mar sin féin, tá ag dul do léitheoirí fadfhulgangacha an cholúin seo blaiseadh a fháil ar a d’fhéadfadh a bheith ann sa chás is go mbeadh duine chomh mór sin as a mheabhair é a dhéanamh.

Seo é a thús: ‘… rithrothaig an ribhéir thairis Aoife agus Ádhamh áfach, ó chuas an chuain go bogha na bá, á dtuairt abhann go timpeallach timthriallach leithreasúil ar ais arís go dtí Valhalla Bhinn Éadair agus a bhfuil máguaird.

An Rod Aire Tris Trom, feithidfhidil na rún ar an bhfarraige, a raibh brot a chroí fillte go hanraiththráthúil chun chaoil chreagaigh na mionEorpa d'fhonn tréanthroid an chogaidh a eisfhearadh go leaidinseach: ná nach n-oiread na carraigeacha le cois Ochón Ó a mhéadaigh go Baile Áibhéil Cliathach mar a dhúblinníodar a monabhar feadh an ama: ná a ghuthaigh ón bhfear boilg mise mise go rogha ramhar is tusa pádraig: ná, ach go fiata dá éis, gur phrumpaphumpaigh an dall an tsean aosóg: ná dá fheolmhaire gach fia nárbh fhiú na siúracha siosúr an dán ina uimhir dhé. Pioc písín de bhrach na breithe de ghrúd Shéimí nó Sheáiní sa bhoghasholas agus ruairigh leat go foirceann an túir cheatha ar an uiscephus.'

Anois, an bhfuil a thuilleadh uait?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar