Sléachtmharú ar Pháirc

B’iad Tiobraid Árann curaidh na hÉireann san iomáint ag an am

Deirtear gurb iad na cluichí is ansa ar fad linn iad siúd atá cothrom go dtí an nóiméad deiridh, iad siúd a thugann go himeall na faille sinn, a fhágann an anáil ar crochadh idir dhá shaol. Agus ansin, an sciobadh déanach, an botún ar an imeall, an chic mhíorúlteach, an claochló gan choinne, an cor cinniúnach, agus hulla hal! séidtear an fheadóg. Is fearr é seo go mór nuair a thagann d’fhoireann féin in uachtar go ró-áirithe, agus uaireanta eile níl aon mhaith ann don chroí ná do bhaill bheatha ar bith eile.

Is í fírinne dhearg ghránna ghealshoilseach an tsaoil ná gur mhó an taitneamh a bhaineann duine as bua na foirne a leanann sé nuair a thugtar leadradh agus smísteadh agus smúcháil gan filleadh ar chéile comhraic, go háirithe más namhaid í a bhris do chroí rómhinic cheana.

Nuair a bhíos im leaid óg gearrabhrístiúil bhíos i láthair ag ceann de na cluichí b’iontaí dar himríodh riamh in aon spórt ar ghort ar bith beag ná mór ná idir eatarthu. B’iad Tiobraid Árann curaidh na hÉireann san iomáint ag an am agus b’éigean dóibh a gcraobh náisiúnta agus cúige a chosaint in aghaidh Phort Láirge, dream gan rath, Déisigh a phéac aníos uair amháin go fánach le céad bliain anuas de ghrásta Dhéagláin agus Paoraigh éigin.

Is sa tsean-Athletic Grounds i gCorcaigh a bhí, Páirc Uí Chaoimh anois, na céadta míle i láthair mar a shamhlaíos is gan spás scadáin eadrainn. Ní féidir liom a rá go bhfaca mé mórán de mar bhí langairí móra lánchosacha dom mhúchadh agus radharc ar an bpáirc á cheilt. Ach fós féin, bhí leathshúil agam ar eangach na dTiobraideach míÁmharacha. Ocht gcúl agus dhá chúilín is ea a scóráil na Déise sa chéad leath, is é sin, 8-2 in aghaidh 0-0, an líontán á bholgadh agus á atadh agus á shéideadh arís agus arís agus arís.

READ MORE

Ráinig go raibh fear a raibh raidió trasraitheora aige im aice, agus craoladh craicleach de shaghas éigin ag teacht aduaidh ó Chluain Eois ó Mhícheál Ó hEithir. Cluiche leamh peile éigin idir Muineachán agus Aontroim, nó idir an Cabhán agus Fear Manach, nó dream éigin. ‘Agus anois,’ ar seisean sa ghuth géar binn sin a bhí aige, ‘toradh leathama isteach chugainn ó Chorcaigh…Port Láirge 8-2, Tiobraid Árann 0-0…caithfidh go bhfuil botún éigin ansin’. Ach ní raibh. Ó, ní raibh. Ceann de na pléisiúir ba mhó roimh an gcaithreachas ba ea é.

Chuige sin a bhainim taitneamh thar meon as slad ar pháirc na peile nó na hiomána nuair a chloítear namhaid a raibh móráil agus mustar agus toirtéis ag baint leis ar neamhchead duit, fad is gur led fhoireann féin an lá.

Níor réitigh sé liom go speisialta nuair a dhein billúnaigh Bayern Munich scrios ar bhilliúnaigh Barcelona i gComórtas Léig na Seaimpíní an tseachtain seo caite, ach ba thaispeántas ardealaíonta é. Ina choinne sin, bhí pléisiúr áirithe le baint as ár na Gearmáine ar an mBrasaíl i gCorn an Domhain 2014, mura raibh ann ach an tuiscint nach bhféadfadh a leithéid tarlú ar an taobh seo den ghrian.

Ní féidir liom a rá nár ghealaigh mo chroí nuair a dhein Cora Finne slad ar Uachtar Ard 7-17 in aghaidh cúpla scóirín suaraigh éigin mhún dreoilín san fharraige i gcraobh caide na Gaillimhe le déanaí.

Ar chúis ghránna éigin, thuirling an smaoineamh rua binbeach chugam dá mbeadh dornán beag eachtrannach as tír isteach ar an bhfoireann agus seanchleachtadh acu ar pheil na sráide faoi bhuamaí ag titim agus pléascáin faoina gcosa mar thaithí go ndéanfadh siad a leas. Ach dhún siad an doras áirithe sin tá tamall ó shin ann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar