Bliain um dhul chun cinn an Choláiste

An bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar mar a dháiltear áiteanna ar chúrsaí léinn?

FOCLÓIR: Sainmhíniú - definition, géarchéim - crisis, deis - opportunity, moladh - recommendation, mic léinn - students, tairiscintí - offers, buntáistí - advantages, cothromaíocht - balance, ráig - outbreak, gairmeacha - professions, brú airgeadais - financial pressure.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar ghéarchéim ná ‘stát rí-thábhachtach cinnte as a gcaithfidh athrú teacht’.

Tá géarchéim againn anois toisc gur caitheadh an Ardteist a chur ar ceal. Ciallaíonn sé go dtabharfar meastachán ar a gcuid pointí do mhic léinn a bhí ag ullmhú chun na scrúduithe a dhéanamh. Cé go bhfuiltear chun próiseas maith a úsáid, ní bheidh gach aon duine sásta leis an meastachán.

Cibé rud a tharlóidh, ní úsáidfear an sean chóras i mbliana. Is é an toradh atá ar sin ná go dtugann an ghéarchéim deis dúinn rud éigin difriúil a thriail i mbliana, fiú amháin más rud é nach maireadh sé ach bliain amháin.

READ MORE

Is é an moladh atá agam ná nach mbainfí úsáid as torthaí na hardteistiméireachta chun áiteanna a dháileadh amach ar na mic léinn do na cúrsaí ardoideachais mar a déantar de ghnáth.

Tar éis do na daltaí a dtréimhse meánscolaíochta a chríochnú d’fhéadfaidís bliain a chaitheamh in institiúid áitiúil teicneolaíochta. D’fhéadfaí tairiscintí a dhéanamh ag deireadh na bliana seo maidir le cúrsaí céime sa choláiste agus cúrsaí gairme eile.

Éiríonn leis an gcóras seo i coláistí pobail sna Stáit Aontaithe.

Tá a lán buntáistí chomh maith ann má bhíonn na daltaí ag maireachtaint sa bhaile ar feadh bliana eile.

Sa bhliain seo d’fhéadfaidís díriú ar cheann de na grúpaí seo a leanas.

An grúpa Anailíseach: Matamaitic, Fisic, Ceimic, agus araile

Grúpa na hEalaíona: Gaeilge, Béarla, Ealaín, Ceol, Stair, agus araile

An grúpa Feidhmeach: Staidéar Sóisialta, Gnó, Eacnamaíocht, agus araile.

Thabharfadh sé seo seans do na meánscoileanna díriú níos mó ar oideachas ceart bunúsach, in ionad an iomarca ama a chaitheamh ar ‘phointí a fháil’. Chomh maith leis sin chabhródh sé chun:

1. Cothromaíocht a chruthú idir scoileanna, réigiúin agus idir ceantair thuaithe/cathrach, chomh maith le idir ceantair faoi mhí bhuntáiste agus ceantair rachmasacha.

2. Bheadh laghdú ar an méid mic léinn a bheadh teanntaithe le chéile in árasáin bheaga sna cathracha, agus ní bheadh an baol chomh hard go bhfaighidís Covid-19 sa dara nó an tríú ráig den ghalar.

3. Bheadh níos mó fiúntais leis na hinstitiúidí teicneolaíochta.

4. Laghdófaí an brú atá ar scoileanna a bheith ag múineadh ábhar atá níos oiriúnaí don choláiste.

5. Bheadh níos mó ama ag mic léinn a ngairm bheatha a roghnú.

a. Ar dtús sruth leathan ábhar a roghnú i mbliain na hardteistiméireachta.

b. Níos mó eolais a fháil faoi ghairmeacha eile i rith na bliana um dhul chun cinn an choláiste.

c. Cúrsaí gearra a dhéanamh a bheadh bainteach leis an ngairm bheatha a bhí uathu.

d. Léachtaí ar an leigheas, aoíchainteanna ó cheannairí gnó, agus cuairteanna chuig ospidéil, comhlachtaí agus araile.

e. Ansin iarratas a dhéanamh chun áit a fháil ar an gcúrsa oiriúnach don ngairm bheatha a bhí uathu, a bheadh bunaithe ar thorthaí scrúduithe dheireadh na bliana, chomh maith le hagallamh, agus trialacha cumais/éirime.

8. Laghdódh sé seo an seans go roghnófaí an cúrsa mícheart a roghnú sa choláiste.

9. Chabhródh sé le dílárú agus le h-inmharthaineacht na réigiún.

10. A thuilleadh taighde a dhéanamh ar ghnólachtaí áitiúla agus ar riachtanais an phobail.

11. Laghdófaí an brú airgeadais a bhíonn ar theaghlach nuair a bhíonn tacaíocht le tabhairt do mhac/iníon a bhíonn imithe as baile, tráth a mbíonn laghdú tagtha ar ioncaim an teaghlaigh agus ráta ard dífhostaíochta.

An bhféadfadh coláistí dul i ngleic go héasca le athruithe den chineál seo? Ó mhí Eanáir tá cuid mhaith cúrsaí curtha in oiriúint ar line don chianfhoghlaim. Beidh laghdú ar líon na mac léinn ón iasacht agus tá na coláistí ag cur a gcuid cúrsaí in oiriúint don slí nua chun foghlaim, slí ina mbeidh cuid de mar a bhíodh agus cuid eile de ar line.

Ní bheidh an bhliain acadúil seo chugainn mar a bhíodh.

Anois an t-am chun ‘Bliain um Dhul Chun Cinn an Choláiste’ a phlé. Ní fiú fanacht rófhada agus gan tada a dhéanamh.

Is é Albert Einstein a dúirt “i measc gach géarchéim, tá deis iontach ann”.

Is Ollamh Emeritus é Cathal MacSuibhne Brugha sa Scoil Gnó, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.