Scéal Simone

An cuimhin leat Trayvon Martin? Nó Tamir Rice a bhí 12 bliain d’aois?


Tá amhránaithe áirithe ann a aithnítear ar an bpointe – Janis Joplin, Amy Winehouse, Nina Simone – a bhfuil glór sainiúil dá gcuid féin acu. Meallann a nguthanna sinn, ach bíonn pearsa móra na n-amhránaithe chomh mealltach céanna.

Mná iad seo a raibh saol faoi leith acu, saol míshuaimhneach, cuid mhaith, agus níl aon teora leis an spéis a chuireann daoine i scéal a mbeatha, bíodh sé i bhfoirm leabhair nó ar an scáileán.

Sampla an-mhaith den seánra seo ná What Happened Miss Simone? atá ar fáil trí Netflix. Meabhraíonn an clár faisnéise seo an cúlra dearóil as ar fáisceadh Simone, a saolaíodh i 1933 agus a ainmníodh Eunice Waymon.

Rianaítear an ‘thuas-seal-thíos-seal’ a bhain, ní hamháin le cáil Simone, ach lena meabhairshláinte chomh maith.

READ MORE

Tá cruachás agus streachailt an chine ghoirm ag croílár scéal Nina Simone. Agus í ina páiste, ba léir go raibh bua as cuimse ceoil aici. Chothaigh beirt bhan den chine geal an bua sin agus b’éigean di siúl go dtí an taobh eile den bhaile, go litriúil agus go meafarach, thar na ráillí iarainn.

Ba nós léi na huaireanta fada a chaitheamh i mbun ceoil, agus chuir sí roimpi a bheith ina pianódóir clasaiceach, an chéad uair a bhainfeadh duine gorm an stádas sin amach.

Ach ní raibh sé sin i ndán di. In ainneoin a sárbhuanna, níor bhronn Institiúid Ceoil Curtis i Philadelphia scoláireacht uirthi. An chúis ar diúltaíodh di? Is éard is dóichí ná gurbh é an ciníochas ba bhunús leis.

Bhí sí croíbhriste ach theastaigh uaithi leanúint ar aghaidh lena cuid staidéir ar an gceol clasaiceach. Chun íoc as na ranganna sin, thosaigh sí ag seinm i gclub oíche i gCathair an Atlantaigh agus ba ann a chualathas a glór doimhin, corraitheach den chéad uair.

Éist arís lena leagan de I love you Porgy agus cloisfidh tú fras an cheoil chlasaicigh ag an tús.

Nuair a thosaigh an Ghluaiseacht um Chearta Sibhialta i Meiriceá, is beag an t-iontas go raibh Simone sáite inti. Bhain sí leas as an ardán a bhí aici mar amhránaí chun teachtaireacht an chomhionannais a chraobhscaoileadh. Dar ndóigh, bhí taom feirge i gceist le hamhráin áirithe agus drochíde á fáil ag an gcine gorm sna Stáit theas.

Chum sí Mississippi Goddam nuair a dúnmharaíodh an gníomhaí cearta sibhialta, Medgar Evers, a bhí ag obair ar son dídheighilt chiníoch in Ollscoil Mississippi. Freagra colgach a bhí san amhrán céanna ar bhuamáil shéipéal Bhaisteach in Alabama, mar ar maraíodh ceathrar páistí.

Plus ça change. Táthar fós ag marú daoine gorma san áit a dtugann siad adhradh do Dhia.

Tá póilíní Mheiriceá fós ag tabhairt drochíde do dhaoine gorma. Tá an deighilt chiníoch fós á cleachtadh in go leor scoileanna sna Stáit, mar ghnás seachas ar bhonn dleathach.

Cad a d’imigh ar an nGluaiseacht um Chearta Sibhialta?

Chaith an podchraoladh This American Life (www.thisamericanlife.org) súil ghéar ar cheist an oideachais le déanaí. In dhá chuid a craoladh ‘The problem we all live with’ agus deineadh iniúchadh ar chóras scolaíochta agus an tionchar a imríonn cine agus aicme ar an gcaighdeán oideachais atá ar fáil.

Agus údaráis oideachais ag iarraidh an bhearna a laghú idir scoileanna faoi mhíbhuntáiste agus gnáthscoileanna, is cosúil go n-éiríonn go seoigh le cur chuige áirithe: is é sin, imeascadh scolaíochta. Is cur chuige é seo, faraor, nach mbítear i gcónaí sásta a chur i bhfeidhm.

Féachadh ar scoil amháin in Connecticut a bhí ag déanamh tréaniarrachta meascán ciní a mhealladh chun na scoile.

Baineadh leas as straitéisí margaíochta chun a chur ina luí ar thuismitheoirí (bána) go raibh buntáistí faoi leith ag an scoil – ach níor taispeánadh ach páistí den chine geal sna brósiúir. Tá sé intuigthe ón méid seo nár dheacair páistí gorma a mhealladh go dtí an scoil; ní orthu a bhí an mhargaíocht dírithe.

Bíonn clár babhtála ar siúl idir scoileanna áirithe, rud a léiríonn a choimhthíche is atá na dreamanna a ghlacann páirt ann. Mura mbeidís chomh héagsúil sin lena chéile, cén tairbhe a bhainfí as an malartú?

Tuairiscíodh ar an bpodchraoladh céanna gur tharla imeascadh scolaíochta trí thimpiste i Missouri le gairid nuair a dúnadh scoil faoi mhíbhuntáiste agus cuireadh busanna ar fáil go scoil ‘mhaith’, ‘bhán’.

Chuaigh tuismitheoirí na scoile seo le craobhacha nuair a tuigeadh go raibh daltaí gorma, bochta le bheith in aon rang lena gclann. Ba náireach an friotal a úsáideadh ag an gcruinniú poiblí ina thaobh.

Ba sa cheantar bocht céanna i Missouri a bhain Michael Brown dioplóma ardscoile amach. An cuimhin leat Michael Brown? An cuimhin leat Freddie Gray? Nó Eric Garner? Nó Walter Scott? Nó Trayvon Martin? Nó Tamir Rice a bhí 12 bliain d’aois?

Lámhachadh iad go léir. Lámhachadh iad go héagórach toisc amhras a bheith ar dhaoine fúthu – nó níos cruinne, b’fhéidir, toisc an faitíos agus an eagla a bhíonn ar dhaoine áirithe (geala) roimh dhaoine gorma.

Tá feachtas ar bun darb ainm ‘Black Lives Matter’ atá in aghaidh bhrúidiúlacht na bpóilíní i leith an chine ghoirm.

Níl ansan ach gné amháin den chiníochas atá go smior in go leor áiteanna i Meiriceá.

Tá cinnireacht ag teastáil le fís don chóras oideachais, do chothromaíocht idir saibhir is daibhir, don tsochaí trí chéile.

Ní beag san.