Súil mhear ar iriseoireacht na Gaeilge

Cúrsa seachtaine in iriseoireacht do dhaltaí Idirbhliana a reáchtáil ag OÉ Gaillimh

FOCLÓIR: Comhpháirtíocht - co-partnership, iriseoirí - journalists, iomráiteach - well known, léargas - insight, leideanna - hints, cruthúil - promising, sciatháin - wings, aidhmeanna - aims, sonrach - specifically, timpeallaithe - surrounded, treochtaí - trends.

Beidh deis ag 500 dalta idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta an mhí seo chugainn áit a mbeidh seans acu foghlaim ó chuid de na hiriseoirí is fearr aithne i saol na Gaeilge.

Reáchtálfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh) i gcomhpháirtíocht le Nuacht RTÉ agus TG4, an cúrsa ceithre lá faoin teideal ‘Iriseoirí an lae Amárach’ ar an ardán Zoom idir 1-4 Márta.

Cuirfear an cúrsa ar fáil le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais.

READ MORE

Beidh daoine iomráiteacha i saol iriseoireacht na Gaeilge rannpháirteach ann. Ina measc beidh Seán Mac an tSithigh, Siún Nic Gearailt, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Eimear Ní Chonaola, Irene Ní Nualláin, Ruairí Mac Con Iomaire, Máire T Ní Mhadaoin agus Siún Ní Dhuinn.

Tá an cúrsa dírithe ar dhaltaí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge sa chuid eile den tír. Tabharfar léargas ar ghairmeacha sna meáin agus roinnfidh na hiriseoirí leideanna agus pointí eolais a bhaineann lena gcuid oibre féin leis na mic léinn.

Beidh an cúrsa cruthúil seo oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar an earnáil chomh maith leo siúd a bhfuil sé ar intinn acu staidéar a dhéanamh ar ghairm na hiriseoireachta san ollscoil amach anseo.

Labhair Tuarascáil le Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), OÉ Gaillimh, Aodh Ó Coileáin, faoin méid atá beartaithe don chúrsa ceithre lá seo agus faoi thodhchaí earnáil iriseoireacht na Gaeilge.

“Is deis é seo do mhic léinn Gaeilge na tíre agus na Gaeltachta na sciatháin a leathnú agus blas de shaol na meán a fháil,” a dúirt sé.

Clúdófar bunphrionsabail na hiriseoireachta ar an gcúrsa agus tabharfaidh na hiriseoirí agus na craoltóirí léargas praiticiúil le cabhair ó lucht léinn OÉ Gaillimh.

“Tá muid ag súil le daoine nach bhfuil aon chur amach acu ar shaol na meán nó ar shaol na hiriseoireachta go bhfaighe siad blas de,” a dúirt Ó Coileáin.

“Ba cheart go bhfeicfidh siad an bhfuil a leithéid de ghairm oiriúnach dóibh féin nó ar mhaith leo, b’fhéidir, ábhar áirithe a bhaineann leis na meán a thógaint (san Ollscoil) mar aon leis an nGaeilge, nó le teanga de chuid na hEorpa.”

Tá súil freisin go gcabhróidh an cúrsa “chun bunchloch a leagan síos dóibh siúd a bhfuil cos amháin ar an staighre acu cheana féin,” a dúirt sé.

Daoine iad seo a bheadh ag súil le gairm a bhaint amach dóibh féin sna meáin amach anseo agus a bheadh go maith “ag scríobh, á gcur féin i láthair [agus] go bhfuil Gaeilge labhartha mhaith acu”.

Todhchaí
Tá sé ráite le fada an lá go bhfuil deireadh ag teacht leis na hardáin traidisiúnta nuachta. Bunaíodh Coimisiún Um Thodhchaí na Meáin anuraidh faoi chathaoirleacht iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Brian Mac Craith, chun dul i ngleic leis an cheist seo. Tá sé mar sprioc ag an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí gur féidir leis na meáin aidhmeanna seirbhíse poiblí a chomhlíonadh amach anseo.

“Chuirfeadh sé iontas orm mura mbeadh moltaí de shaghas éigin a bhaineadh go sonrach le hiriseoireacht na Gaeilge ag teacht ón gCoimisiún,” a dúirt Ó Coileáin.

“Is gá a bheith ag féachaint chun cinn as seo go ceann 10 mbliana. Cad iad na treochtaí a chífear i saol na hiriseoireachta ó thaobh na teicneolaíochta de?”

“Tá ceisteanna go leor agus tá pleanáil go leor le déanamh ó thaobh soláthar a dhéanamh i dteanga mhionlaigh atá timpeallaithe níos mó agus níos mó in Éirinn le mór theanga ar nós an Bhéarla agus leis an iliomad teanga eile chomh maith.”

“Tá am cinniúnach ann i láthair na huaire ó thaobh straitéise de agus insan meascán sin atá an Coimisiún seo ag feidhmiú agus tá siad chun tuarascáil a chur ar fáil idir seo agus Meán Fómhair seo chugainn.”

Tommy Tiernan
Agus tá múnlaí eile ann. Tharla rud iontach neamhghnáthach le gairid nuair a labhair na ceoltóirí Breanndán agus Séamus Ó Beaglaoich as Gaeilge agus iad faoi agallamh ar chlár RTÉ, The Tommy Tiernan Show.

“Tá sé i stair na tíre ag dul i bhfad siar: an file a bhrú na teorainneacha sna tithe móra lena gcuid cumadóireachta, lena gcuid dánta [agus] lena gcuid rannta. Bhí an féinmhuinín agus an dánaíocht iontu a leithéid a dhéanamh, agus is beag duine atá chomh dána le Tommy Tiernan bail ó Dhia air! Agus, thug sé na cosa leis, céad faoin gcéad!”

“Bhí sé chomh nádúrtha sin. Níor chuir sé aon cheist faoin lucht féachana - rud a chruthaíonn go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca cúraim dá dhéanamh don lucht féachana agus don lucht éisteachta.

Dar le Ó Coileáin, ba cheart go nglacfaí leis go bhfuil sé ar chumas an lucht féachana Gaeilge a thuiscint.

“Sa deireadh thiar, déanann formhór na ndaoine a théann go dtí na scoileanna traidisiúnta in Éirinn staidéar ar an nGaeilge ar feadh 14 bliain,” a dúirt Ó Coileáin.

“Dá réir, cá n-imíonn an Ghaeilge de gheit tar éis na hArdteiste ó na daoine seo ar fad a chuir slacht ar a gcuid gramadaí agus a dhein Ardteist ar ardchaighdeán agus a fuair abair A nó B sa Ghaeilge? Agus ní foláir ná gur bhain siad marc maith amach sa scrúdú béil chomh maith céanna.”

“B’fhéidir go bhfuil na craoltóirí ag caitheamh leis na daoine amuigh anseo ar bhealach nach bhfuil fásta agus gur cheart b’fhéidir dul i muinín seifteanna ar nós Tommy Tiernan agus é a chaitheamh amach chucu - glacaidís leis nó nach nglacaidís leis. Níor léigh mise mórán gearán faoin méid a tharla ag a 9.30 an oíche Shathairn áirithe sin!”

Míreanna Béarla
Is minic a bhaineann RTÉ úsáid as iriseoirí atá fostaithe ag TG4 chun míreanna a chraoladh ón nGaeltacht. Is maith é sin, ach amháin, sa leagan Bhéarla den agallamh tugtar ar na cainteoirí Gaeilge, Béarla a labhairt. An bhfuil ceacht le foghlaim ó Tommy Tiernan ag seirbhís nuachta RTÉ b'fhéidir?

“Gan aon dabht in aon chorr. Nach bhfuil modhanna tapaigh inláimhseálta againn? Nach bhféadfaí an píosa nó an mhír a thógaint ón gcainteoir Gaeilge i nGaeilge, agus fotheidil a chur leis go hana-thapaigh? Ní próiseas ollmhór é an fotheidealú anois,” a dúirt Ó Coileáin.

“Glactar le fotheidil i dtíortha na hEorpa b’fhéidir níos mó ná mar a ghlactar leis anseo.”

“Tugtar ‘normalú’ ar sin ó thaobh normalú na teanga de.”

Ní fios, b’fhéidir go mbeidh sé ina ghnáthnós ag RTÉ cláir dhátheangacha a chraoladh amach anseo agus go gcuirfear An Late Late Show i láthair oíche éigin le duine díobh siúd a fhreastalaíonn ar an gcúrsa ‘Iriseoirí an lae Amárach’ mar fhear nó mar bhean an tí!

Clárú: cogg.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.